Ná bac leis seo

Go dtí an clár

Réamhrá Cuid 1

Réamhrá Cuid 1

Cur síos ar an gcruthú atá sa gcéad chuntas sa mBíobla. Cuireann sé síos ar na rudaí iontacha a rinne Iehova ar neamh agus ar talamh. Más tuismitheoir thú, tarraing aird do pháiste ar na hiontais atá le feiceáil sa gcruthú. Mínigh dó an difríocht atá idir an duine agus na hainmhithe. Tá an duine in ann caint, rudaí nua a fhoghlaim agus a dhéanamh, amhráin a chanadh agus guí. Múin dó le meas a bheith aige ar chumhacht, ar eagna, agus ar ghrá Iehova.

SA gCUID SEO

CEACHT 1

Chruthaigh Dia Neamh agus Talamh

Deir an Bíobla gur chruthaigh Dia neamh agus talamh. Ach an bhfuil a fhios agat cén t-aingeal a chruthaigh sé sular chruthaigh sé aon duine ná aon ní eile?

CEACHT 2

Chruthaigh Dia an Chéad Fhear Agus an Chéad Bhean

Chruthaigh Dia an chéad fhear agus an chéad bhean agus chuir i ngairdín Éidin iad. Bhí sé ag iarraidh orthu páistí a bheith acu agus parthas a dhéanamh den domhan go léir.