Ná bac leis seo

Go dtí an clár

Réamhrá Cuid 2

Réamhrá Cuid 2

Cén fáth ar scrios Iehova an domhan le díle? Thosaigh cath go luath i stair an duine—cath idir an mhaith agus an t-olc. Roghnaigh daoine ar nós Ádhamh, Éabha, agus Cáin, an t-olc a dhéanamh. Ach roghnaigh daoine eile, leithéidí Áibil agus Naoi, an mhaith a dhéanamh. Le himeacht ama, bhí an chuid is mó de na daoine chomh dona sin, is gur bheartaigh Iehova iad a scriosadh. Feicfidh muid sa gcuid seo den leabhar go bhfeiceann Iehova cén taobh a roghnaíonn muid, agus nach gceadóidh sé don olc an ceann is fearr a fháil ar an maith.

SA gCUID SEO

CEACHT 3

Bhí Ádhamh agus Éabha Easumhal do Dhia

Céard a bhí speisialta faoi chrann amháin i ngairdín Éidin? Cén fáth ar ith Éabha dá thoradh?

CEACHT 4

Tá Contúirt ag Baint le Fearg

Bhí Dia sásta le hofráil Áibil, ach ní raibh sé sásta le hofráil Cháin. Nuair a fuair Cáin amach é seo bhí fearg air agus rinne sé rud uafásach.

CEACHT 5

Áirc Naoi

Nuair a phós na drochaingil mná ar an talamh, bhí clann mhac acu a bhí ina bhfathaigh fhiachmhara. Bhí foréigean i ngach áit. Ach fear maith a bhí i Naoi—bhí sé umhal agus bhí grá aige do Dhia.

CEACHT 6

Tagann Ochtar Slán ón Díle

Thit an bháisteach ar feadh 40 lá agus 40 oíche. Chaith Naoi agus a chlann os cionn bliana san áirc. Sa deireadh, bhí siad in ann dul amach aisti.