Ná bac leis seo

Go dtí an clár

Réamhrá Cuid 3

Réamhrá Cuid 3

Níl luaite sa mBíobla ach líon beag daoine a thug seirbhís d’Iehova, sna blianta tar éis na Díleann. Ina measc, bhí Abrahám, ar a tugadh an leasainm ‘cara Iehova’. Cén fáth ar tugadh cara Iehova air? Más tuismitheoir thú, cabhraigh le do pháiste a thuiscint go bhfuil suim phearsanta ag Iehova ann. Is féidir linn cabhair a iarraidh ar Iehova, mar a rinne Abrahám, Lót agus Iacób. Is féidir linn freisin, a bheith muiníneach go ndéanfaidh Iehova gach a ngeallann sé.

SA gCUID SEO

CEACHT 7

Túr Bháibil

Bheartaigh daoine cathair a thógáil, agus túr chomh hard is go sroichfeadh a bharr na flaithis. Cén fáth ar chuir Dia orthu labhairt i dteangacha éagsúla?

CEACHT 8

Bhí Abrahám agus Sárá Umhal do Dhia

Cén fáth ar aistrigh Abrahám agus Sárá óna mbaile i gcathair Úr chun maireachtáil mar fhánaithe i dtír Chanán?

CEACHT 9

Mac Ar Deireadh Thiar!

Cén chaoi a gcomhlíonfadh Dia a ghealltanas d’Abrahám? Cé acu de mhic Abrahám a bhí luaite leis an ngealltanas—Íosác nó Ísmeáél?

CEACHT 10

Cuimhnígí ar Bhean Lót

Chaith Dia tine agus ruibh anuas ar Shodom agus ar Ghomorá. Cén fáth ar scriosadh na cathracha sin? Cén fáth ar cheart dúinn bean Lót a choinneáil i gcuimhne?

CEACHT 11

Teist ar Chreideamh Abrahám

Dúirt Dia le hAbrahám: ‘Tóg d’aon mhac, más é do thoil é, agus ofráil mar íobairt é ar chnoc i Moiriá.’ Cén chaoi a ndéileálfadh Abrahám leis an teist seo ar a chreideamh?

CEACHT 12

Fuair Iacób an Oidhreacht

Rugadh cúpla d’Íosác agus Ribeacá darbh ainm Iacób agus Éasau. Mar gheall gurbh é Éasau an mac ba shine, bhí oidhreacht speisialta ag dul dó. Cén fáth ar thug sé uaidh é ar bhabhla strúisín?

CEACHT 13

Déanann Iacób agus Éasau Síocháin Lena Chéile

Cén chaoi a bhfuair Iacób beannacht ó aingeal? Agus cén chaoi a ndearna sé síocháin le hÉasau?