Réamhrá Cuid 4
Cuireann an chuid seo den leabhar Iósaef, Iób, Maois, agus na hIosraeilítigh in aithne dúinn. Chuir siad suas le go leor cruatan de bharr oibreacha an Diabhail. Cuireadh cuid acu i bpríosún agus d’fhulaing siad éagóir, sclábhaíocht, agus bás fiú. Ach chosain Iehova iad ar bhealaí éagsúla. Más tuismitheoir thú, cabhraigh le do pháiste tuiscint a fháil ar an mbealach ar éirigh le searbhóntaí Iehova cur suas leis na rudaí seo ar fad gan a gcreideamh a chailleadh.
Thaispeáin Iehova go raibh sé féin i bhfad níos cumhachtaí ná déithe na hÉigipte nuair a tharraing sé na Deich bPlá orthu.
Tarraing aird ar an gcaoi ar chosain Iehova a dhaoine san am a caitheadh agus ar an gcaoi a gcosnaíonn sé iad inniu.SA gCUID SEO
CEACHT 14
Sclábhaí a Bhí Umhal do Dhia
Rinne Iósaef an rud ceart, ach mar sin féin d’fhulaing sé. Cén fáth?
CEACHT 15
Ní Dhearna Iehova Dearmad ar Iósaef
Cé go raibh Iósaef i bhfad óna theaghlach, léirigh Iehova go raibh sé leis.
CEACHT 17
Roghnaigh Maois Iehova a Adhradh
Sábháladh Maois nuair a bhí sé ina leanbh, mar gheall ar phlean cliste a mháthair
CEACHT 19
An Chéad Trí Phlá
Tharraing Faró tubaiste ar na hÉigiptigh mar go raibh sé ró-mhórtasach le comhairle Iehova a dhéanamh.
CEACHT 22
Míorúilt ag an Muir Rua
Tháinig Faró slán ó na deich bplá, ach ar tháinig sé slán ón míorúilt seo?