Ná bac leis seo

Go dtí an clár

Réamhrá Cuid 5

Réamhrá Cuid 5

Dhá mhí tar éis do na hIosraeilítigh an Mhuir Rua a thrasnú, tháinig siad chomh fada le Sliabh Shíonái. Is anseo a rinne Iehova conradh le hIosrael ionas go mbeidís mar náisiún speisialta aige. Chosain sé iad agus chuir sé gach ar theastaigh uatha ar fáil dóibh—manna le hithe, éadaí nach gcaithfeadh le ham, agus áit shábháilte le cónaí ann. Más tuismitheoir tú, cabhraigh le do pháiste na cúiseanna ar bhunaigh Iehova an Dlí, an taibearnacal, agus an tsagartacht, a thuiscint. Cuir béim ar an tábhacht a bhaineann le bheith dílis dár bhfocal, a bheith uiríseal, agus a bheith dílis i gcónaí d’Iehova.

SA gCUID SEO

CEACHT 23

Thug Siad Gealltanas d’Iehova

Thug na hIosraeilítigh gealltanas speisialta do Dhia nuair a bhí siad campáilte ag Sliabh Shíonái.

CEACHT 24

Níor Choinnigh Siad a nGealltanas

Nuair a bhí Maois ag fáil na Deich nAitheanta, rinne na daoine peaca a bhí an-tromchúiseach.

CEACHT 25

Taibearnacal i gComhair Adhartha

Bhí áirc an chonartha sa bpuball speisialta seo.

CEACHT 26

An Daréag Spiaire

Bhí difríocht mhór idir Iósua agus Cálaeb agus an deichniúr spiairí eile a rinne spiadóireacht i dtír Chanán.

CEACHT 27

D’Éirigh Siad Amach in Aghaidh Iehova

Theip ar Chorach, Dátán, Aibíorám, agus 250 fear eile, fírinne thábhachtach faoi Iehova a thuiscint.

CEACHT 28

Labhraíonn Asal Bhalám

Chonaic an t-asal aingeal ach ní raibh Balám in ann é a fheiceáil.