Ná bac leis seo

Go dtí an clár

Réamhrá Cuid 6

Réamhrá Cuid 6

Nuair a shroich na hIosraeilítigh an Tír Tairngire, bhí an taibearnacal mar lárionad adhartha acu. Mhúin na sagairt an Dlí, agus threoraigh na breithiúna an náisiún. Léiríonn an chuid seo den leabhar an bealach a dtéann ár gcinntí agus na rudaí a dhéanann muid i bhfeidhm ar dhaoine eile. Bhí freagracht ar gach duine de na hIosraeilítigh caitheamh go maith le hIehova agus le daoine eile. Cuir béim ar an tionchar a bhí ag Deabórá, Náoimí, Iósua, Hanná, iníon Iaftá agus Samúéil ar a bpobal. Cuir béim freisin, ar na daoine nárbh Iosraeilítigh iad, ach a thaobhaigh leis na hIosraeilítigh faoi go raibh a fhios acu go raibh Dia leo. Ina measc seo bhí, Rácháb, Rút, Iáéil, agus na Gibeónaigh.

SA gCUID SEO

CEACHT 29

Roghnaigh Iehova Iósua

Tá na treoracha a thug Iehova d’Iósua in ann cabhrú linne inniu.

CEACHT 30

Chuir Rácháb na Spiairí i bhFolach

Thit ballaí Ireachó go talamh. Ach d’fhan teach Rácháb ina sheasamh cé go raibh sé déanta ar an mballa.

CEACHT 31

Iósua agus na Gibeónaigh

D’iarr Iósua: “A ghrian, fan socair!” Ar fhreagair Dia é?

CEACHT 32

Ceannaire Nua agus Beirt Bhan Cróga

Tar éis d’Iósua bás a fháil, thosaigh na hIosraeilítigh ag adhradh na n-íol. Chuaigh an saol in olcas, ach tháinig an breitheamh Bárác, Deabórá an banfháidh, Iáéil agus a pionna pubaill i gcabhair orthu!

CEACHT 33

Rút agus Náoimí

Filleann beirt bhaintreach ar Iosrael. Oibríonn duine de na mná, Rút, i bpáirc, áit a dtugann Boaz faoi deara í.

CEACHT 34

Chloígh Gideón na Midiánaigh

Tar éis do na Midiánaigh géarleanúint a dhéanamh ar Iosrael, d’impigh siad ar Iehova cabhrú leo. Cén chaoi ar chloígh arm beag Ghideón 135,000 saighdiúir?

CEACHT 35

Guíonn Hanná go mBeidh Mac Aici

Tugann Ealcáná Hanná, Pinineá agus a pháistí go dtí Sileo le bheith ag adhradh ag an taibearnacal. Is ansin a ghuíonn Hanná go mbeadh mac aici. Rugadh a mac, Samúéil, taobh istigh de bhliain!

CEACHT 36

Gealltanas Iaftá

Céard a gheall Iaftá agus cén fáth? Céard a dúirt iníon Iaftá faoin ngealltanas a thug a hathair?

CEACHT 37

Labhraíonn Iehova le Samúéil

Bhí clann mhac Éilí ag freastal mar shagairt ag an taibearnacal, ach ní raibh siad umhal do dhlíthe Dé. Ní mar sin a bhí Samúéil agus labhair Iehova leis.

CEACHT 38

Láidríonn Iehova Samsón

Thug Dia neart do Shamsón chun troid in aghaidh na bhFilistíneach, ach nuair a rinne sé botún ghabh na Filistínigh é.