Réamhrá Cuid 7
Déanann an chuid seo den leabhar cur síos ar stair an dá rí Sól agus Dáiví, thar thréimhse 80 bliain. Ar dtús, bhí Sól umhal agus bhí eagla Dé air, ach d’athraigh sé agus dhiúltaigh sé treoir Iehova a leanúint. Dhiúltaigh Iehova do Shól agus in am tráth dúirt sé leis an bhfáidh, Samúéil, Dáiví a ungadh mar rí ar Iosrael. Bhí éad ar Shól agus is iomaí iarracht a rinne sé Dáiví a mharú. Ach mar sin féin, níor bhain Dáiví díoltas amach riamh. Bhí Iónátán, mac Shóil, dílis do Dháiví, mar thuig sé gurb é Iehova a roghnaigh Dáiví mar rí. Rinne Dáiví peacaí móra, ach ghlac sé i gcónaí le ceartúchán Iehova. Más tuismitheoir tú, cabhraigh le do pháiste a thuiscint go bhfuil sé tábhachtach comhairle Dé a leanúint.
SA gCUID SEO
CEACHT 39
An Chéad Rí ar Iosrael
Thug Dia breithiúna do na hIosraeilítigh chun iad a threorú, ach bhí siad ag iarraidh rí. D’ung Samúéil Sól mar rí. Ach dhiúltaigh Iehova do Shól níos déanaí. Cén fáth?
CEACHT 40
Dáiví agus Góla
Roghnaigh Iehova Dáiví le bheith ina rí ar Iosrael, agus níor lig Dáiví síos é.
CEACHT 41
Dáiví agus Sól
Cén fáth a bhfuil an ghráin ag Sól ar Dháiví, agus cén chaoi a n-iompraíonn Dáiví é féin?