Réamhrá Cuid 8
Bheannaigh Iehova Solamh le heagna agus thug sé an phribhléid dó an teampall a thógáil, ach de réir a chéile thug sé droim láimhe d’Iehova. Más tuismitheoir thú, mínigh do do pháiste faoin drochthionchar a bhí ag daoine a bhíodh ag adhradh déithe bréige, ar Sholamh. Roinneadh an ríocht ina dá chuid, agus de bharr thionchar na ndroch-ríthe shéan na daoine a gcreideamh agus thosaigh siad ag adhradh na n-íol. Le linn an ama sin, déanadh géarleanúint ar fháithe dílse Iehova agus maraíodh go leor acu. De bharr an drochthionchair a bhí ag an mBanríon Ízeibil ar na daoine, chuaigh rudaí in olcas i ríocht Iosrael. Ach fós féin, bhí searbhóntaí dílse ag Iehova ann, ina measc bhí Rí Iahóiseáfát agus an fáidh Éilias.
SA gCUID SEO
CEACHT 44
Teampall Iehova
Bhí Iehova sásta leis an rud a d’iarr Solamh air agus thug sé go leor pribhléidí dó.
CEACHT 47
Tugann Iehova Misneach d’Éilias
Meas tú nach bhfuil sé in ann misneach a thabhairt duitse freisin?
CEACHT 49
Gearrtar Pionós ar Dhrochbhanríon
Ba í Ízeibil ba chúis le marú Nábót, agus ansin ghoid sí a fhíonghort! Ní dhearna sí na drochrudaí seo ar fad i ngan fhios d’Iehova.