Réamhrá Cuid 10
Tá Iehova ina Rí ar gach uile ní. Bhí sé i gceannas riamh agus beidh sé i gceannas go brách. Shábháil sé Irimia ón mbás. Thug sé Seadrac, Méiseac, agus Aibéid Neagó slán sábháilte ón bhfoirnéis, agus Dainéil ó chlab na leon. Chosain Iehova Eistir ionas go mbeadh sí in ann pobal Dé a thabhairt slán. Ní cheadóidh sé don olc leanúint ar aghaidh go brách. Tugann na tairngreachtaí faoin dealbh ollmhór agus faoin gcrann mór ard le fios dúinn go gcuirfidh Iehova deireadh le gach olc agus go rialóidh sé féin an domhan.
SA gCUID SEO
CEACHT 58
Scriostar Iarúsailéim
Tréigeann Iehova muintir Iúdá agus Iarúsailéim, de bhrí gur lean siad orthu ag adhradh déithe bréige.
CEACHT 59
Ceathrar Buachaillí a Bhí Umhal d’Iehova
Ceathrar buachaillí as Iúdáia a bhí diongbháilte fanacht dílis d’Iehova, fiú i gcúirt ríoga na Bablóine.
CEACHT 60
Ríocht a Sheasfaidh go Deo
Míníonn Dainéil an bhrí a bhí le brionglóid aisteach Nabúcadnazar.
CEACHT 61
Níor Umhlaigh Siad Síos Don Íomhá
Diúltaíonn Seadrac, Méiseac, agus Aibéid Neagó umhlú síos don íomhá óir a rinne rí na Bablóine.
CEACHT 62
Ríocht a Bhí Cosúil le Crann Mór Ard
Chuir brionglóid Nabúcadnazar in iúl céard a bhí le tarlú dó.
CEACHT 63
An Scríobh ar an mBalla
Cén uair a chonacthas an scríobh aisteach seo, agus céard a chiallaigh sí?
CEACHT 65
Sábhálann Eistir Pobal Dé
Cé go mb’eachtrannach agus dílleachta í Eistir, déanadh banríon di.
CEACHT 66
Mhúin Eazrá Dlí Dé
Tar éis do na hIosraeilítigh éisteacht le hEazrá ag léamh an dlí, thug siad gealltanas speisialta d’Iehova.
CEACHT 67
Ballaí Iarúsailéim
Chuala Nihimiá go raibh a naimhde ag pleanáil iad a ionsaí. Cén fáth nach raibh eagla air?