Ná bac leis seo

Go dtí an clár

Réamhrá Cuid 12

Réamhrá Cuid 12

Mhúin Íosa do dhaoine faoi Ríocht na bhflaitheas. Mhúin sé freisin dóibh le guí go naomhófaí ainm Dé, go dtiocfadh a Ríocht, agus go ndéanfaí a thoil ar an talamh. Más tuismitheoir thú, mínigh an phaidir seo do do pháiste. D’fhan Íosa dílis do Dhia beag beann ar iarrachtaí Shátain. Roghnaigh sé aspail. Bhí siad ar na chéad bhaill den Ríocht agus thug Íosa obair speisialta dóibh le déanamh. Tabhair faoi deara cé chomh dúthrachtach is a bhí Íosa i dtaobh adhradh Iehova. Bhí Íosa ag iarraidh cabhrú le daoine, dá bhrí sin leigheas sé na daoine a bhí tinn, thug sé bia do dhaoine a raibh ocras orthu, agus thóg sé daoine ó na mairbh. Ní raibh sna míorúiltí seo ar fad ach blaiseadh beag den mhéid a dhéanfaidh an Ríocht don chine daonna.

SA gCUID SEO

CEACHT 74

Baisteann Eoin Íosa

Céard a bhí i gceist ag Eoin nuair a dúirt sé gurbh é Íosa Uan Dé?

CEACHT 75

Cuireann an Diabhal Cathú ar Íosa

Chuir an Diabhal cathú ar Íosa trí huaire. Cén trí chathú a chuir sé ar Íosa? Cén chaoi ar fhreagair Íosa?

CEACHT 76

Dúthracht Íosa do Theach a Athar

Cén fáth a gcuireann Íosa na hainmhithe amach as an teampall agus a leagann sé na boird ar a bhfuil an t-airgead?

CEACHT 77

An Bhean ag an Tobar

Bhí iontas ar an mbean Shamárach a bhí ag tobar Iacóib nuair a labhair Íosa léi. Cén fáth? Céard a d’inis Íosa di nár inis sé d’aon duine eile?

CEACHT 78

Íosa ag Fógairt Dhea-Scéal na Ríochta

Tugann Íosa cuireadh do roinnt dá chuid deisceabail a bheith ‘ag iascach daoine.’ Ina dhiaidh sin, chuir sé oiliúint ar 70 dá lucht leanúna chun go mbeidís in ann an dea-scéal a chraobhscaoileadh.

CEACHT 79

Déanann Íosa go Leor Míorúiltí

Cibé áit a dtéann sé tagann daoine tinne chuige agus leigheasann sé iad. Thóg sé cailín beag ón mbás fiú.

CEACHT 80

Roghnaíonn Íosa Dháréag Aspal

Cé le haghaidh a roghnaigh sé iad? An bhfuil a fhios agat cé na hainmneacha a bhí orthu?

CEACHT 81

An tSeanmóir ar an Sliabh

Múineann Íosa ceachtanna tábhachtacha don slua a bhí bailithe le chéile.

CEACHT 82

Múineann Íosa dá Chuid Deisceabail le Guí

Cén cineál rudaí a ndúirt Íosa lena dheisceabail a bheith ag guí de shíor ar a son?

CEACHT 83

Beathaíonn Íosa na Mílte Duine

Céard a insíonn an mhíorúilt seo dúinn faoi Íosa agus faoi Iehova?

CEACHT 84

Siúlann Íosa ar an Uisce

Meas tú cén chaoi ar mhothaigh na haspail nuair a chonaic siad an mhíorúilt seo?

CEACHT 85

Leigheasann Íosa Fear ar an tSabóid

Cén fáth nach bhfuil gach duine sásta leis an méid atá sé a dhéanamh?

CEACHT 86

Tógann Íosa Lazaras ón mBás

Nuair a fheiceann Íosa Máire ag caoineadh, tosaíonn sé féin ag caoineadh chomh maith. Ba ghearr gur stop na deora agus bhí siad ag léim le háthas.