Ná bac leis seo

Go dtí an clár

STAIDÉAR 5

Léitheoireacht Chruinn

Léitheoireacht Chruinn

1 Tiomóid 4:13

ACHOIMRE: Léigh os ard go díreach an méid atá ar an leathanach.

AN BEALACH LENA DHÉANAMH:

  • Ullmhaigh go maith. Smaoinigh faoin gcúis ar scríobhadh an sliocht. Cleachtaigh grúpaí focail a léamh seachas focail aonair. Bí cúramach gan focail a chur isteach, focail a fhágáil ar lár, nó focail eile a chur ina n-áit. Tabhair aird ar na marcanna poncaíochta go léir.

  • Fuaimnigh gach focal i gceart. Mura bhfuil a fhios agat cén chaoi le focal a fhuaimniú, féach i bhfoclóir, éist le taifeadadh fuaime den fhoilseachán, nó iarr cabhair ar léitheoir maith.

  • Labhair go soiléir. Foghraigh go cúramach ag coinneáil do cheann ard agus ag oscailt do bhéal mar is ceart. Déan iarracht gach siolla a fhuaimniú.