Ná bac leis seo

Go dtí an clár

STAIDÉAR 12

Croíúlacht agus Comhbhá

Croíúlacht agus Comhbhá

1 Teasalónaigh 2:7, 8

ACHOIMRE: Taispeáin do d’éisteoirí go mothaíonn tú grá dóibh agus go bhfuil suim agat iontu.

AN BEALACH LENA DHÉANAMH:

  • Smaoinigh ar do chuid éisteoirí. Cuir tú féin ina mbróga. Déan iarracht an bealach a mhothaíonn siad a shamhlú.

  • Roghnaigh do chuid focail go cúramach. Déan iarracht misneach, sólás agus spreagadh a thabhairt do d’éisteoirí. Seachain nathanna cainte a d’fhéadfadh cur isteach orthu, agus ná labhair ar bhealach diúltach faoi dhaoine nach gcreideann in Iehova nó faoin rud a chreideann siad ó chroí ann.

  • Taispeáin go bhfuil spéis agat iontu. Le glór deas séimh agus gothaí cuí, taispeáin do d’éisteoirí go bhfuil suim agat iontu. Bí aireach faoi do ghothaí gnúise; cur meangadh gáire ort féin go minic.