Ná bac leis seo

Go dtí an clár

STAIDÉAR 13

Luach Praiticiúil a Shoiléiriú

Luach Praiticiúil a Shoiléiriú

Seanfhocail 3:21

ACHOIMRE: Cabhraigh le d’éisteoirí tuiscint a fháil ar an tionchar a bheadh ag an ábhar ar a saol, agus an méid is gá dóibh a dhéanamh chun é a chur i bhfeidhm.

AN BEALACH LENA DHÉANAMH:

  • Smaoinigh ar do chuid éisteoirí. Déan machnamh ar an gcúis a bhfuil gá ag d’éisteoirí leis an eolas seo agus oibrigh amach an ghné den ábhar a bheadh ina chabhair ar leith dóibh.

  • Le linn do chur i láthair, léirigh do do chuid éisteoirí an méid atá le déanamh acu. Ón tús, ba chóir go dtuigfeadh gach éisteoir, ‘Baineann sé seo liomsa.’ Agus tú ag forbairt gach príomhphointe, taispeáin an bealach chun iad a chur i bhfeidhm. Seachain ráitis ghinearálta.