Ná bac leis seo

Go dtí an clár

STAIDÉAR 15

Cuir in iúl le Cinnteacht

Cuir in iúl le Cinnteacht

1 Teasalónaigh 1:5

ACHOIMRE: Taispeáin go gcreideann tú go daingean san fhírinne agus an tábhacht a bhaineann leis an méid atá á rá agat.

AN BEALACH LENA DHÉANAMH:

  • Ullmhaigh go maith. Déan staidéar ar an ábhar go dtí go dtuigeann tú na phríomhphointí agus an bealach a gcruthaíonn an Bíobla go bhfuil siad fíor. Déan iarracht príomhphointí na cainte a chur in iúl i gcúpla focal simplí. Dírigh ar an gcaoi a gcabhróidh sé le do lucht éisteachta. Iarr ar Iehova an spiorad naomh a thabhairt duit.

  • Úsáid focail a chuireann in iúl le cinnteacht. Seachas foclaíocht bheacht an ábhair atá foilsithe a athrá, abair i do chuid focail féin. Úsáid focail a chuireann in iúl go bhfuil tú cinnte faoin méid atá á rá agat.

  • Cuir in iúl tú féin go macánta agus go dúthrachtach. Labhair amach go soiléir. Má tá sé feiliúnach, coinnigh teagmháil súl le do chuid éisteoirí.