Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 06

Cén Tús a Bhí ag an mBeatha?

Cén Tús a Bhí ag an mBeatha?

“Chruthaigh [Dia] an uile ní.” (Apacailipsis 4:11) An gcreideann tusa é sin? Ceapann daoine áirithe nach raibh aon chruthaitheoir ag an mbeatha. Má tá sé sin fíor, is trí sheans atá muid inár mbeo. Ach más rud é gur chruthaigh Iehova Dia muid bheadh cuspóir lenár saol nach mbeadh? a Smaoinigh ar an méid atá ráite sa mBíobla faoi fhoinse na beatha agus an chúis go bhfuil an cur síos sin réasúnta.

1. Cá as ar tháinig an chruinne?

Deir an Bíobla: “I dtús báire chruthaigh Dia neamh agus talamh.” (Geineasas 1:1) Aontaíonn formhór na n-eolaithe go raibh tús ag an gcruinne. Cén chaoi ar chruthaigh Dia an chruinne? D’úsáid sé a ‘ghaoth’​—a spiorad naomh nó a fhórsa gníomhach​—chun gach rud atá sa chruinne a chruthú, réaltraí, réaltaí agus pláinéid ina measc.​—Geineasas 1:2.

2. Cén fáth ar chruthaigh Dia an domhan?

Níor “cruthaigh [Iehova] in anord é [an domhan] ach . . . rinne áit chónaithe de.” (Íseáia 45:18) Cruthaigh sé an domhan ionas go mbeadh sé ina bhaile deas ag an duine le maireachtáil go deo air. (Léigh Íseáia 40:28; 42:5.) Deir eolaithe go bhfuil an pláinéad ar a maireann muid an-speisialta. Tá gach rud ar fáil air a theastaíonn uainn chun fanacht beo.

3. Cén difríocht atá idir an duine agus na hainmhithe?

Tar éis dó an talamh a chruthú, chruthaigh Iehova gach uile dhúil bheo. Ar dtús, chruthaigh Sé plandaí agus ainmhithe. Ansin, “chruthaigh Dia an duine ar a dheilbh féin.” (Léigh Geineasas 1:​27.) Céard atá speisialta faoin duine? Ós rud é gur cruthaíodh ar dheilbh Dé sinn, tá muid in ann tréithe ar nós grá agus cothrom na féinne a léiriú. Chruthaigh sé muid freisin leis an gcumas teangacha éagsúla a fhoghlaim, meas a bheith againn ar ealaín, agus taitneamh a bhaint as ceol. Ní hionann muid agus ainmhí, is féidir linne ár gCruthaitheoir a adhradh.

DÉAN TAIGHDE

Scrúdaigh an fhianaise atá ann maidir le cruthú na beatha agus an chúis go ndéanann gach a bhfuil ráite sa mBíobla faoi ciall. Foghlaim faoin méid a mhúineann na tréithe atá ag an duine dúinn faoi Dhia.

4. Deartha na beatha

Faigheann an duine moladh as ucht rud a dhearadh de réir mar a fheiceann sé sa nádúr. Ach cé aige a bhfuil an moladh tuillte as deartha úrnua an nádúir? Seinn an FÍSEÁN, agus déan plé ar na ceisteanna a leanann é.

  • Céard a chóipeáil dearthóirí daonna ón nádúr?

Níl aon teach ann, nár thóg duine éigin é. Ach cé a dhear agus a rinne na rudaí atá sa nádúr? Léigh Eabhraigh 3:​4, agus déan plé ar na ceisteanna seo:

  • Céard iad na dearaí atá le feiceáil sa domhan nádúrtha a théann i bhfeidhm ort?

  • An bhfuil sé réasúnach a chreidiúint gur dearadh an chruinne agus gach a bhfuil ann? Cén fáth?

An raibh a fhios agat?

Is féidir leat ailt agus físeáin faoin ábhar seo a fháil ar jw.org sa tsraith “Was It Designed?” agus “Viewpoints on the Origin of Life.”

“Níl aon teach ann, ar ndóigh, nár thóg duine éigin é ach is é Dia a rinne gach ní”

5. Tá cur síos an Bhíobla ar an gcruthaíocht réasúnta

I Geineasas caibidil 1, déanann an Bíobla cur síos ar chruthú an domhain agus gach a maireann air. An féidir leat muinín a bheith agat sa gcuntas sin, nó an finscéal é? Seinn an FÍSEÁN, agus déan plé ar na ceisteanna a leanann é.

  • An múineann an Bíobla gur cruthaíodh an domhan agus gach a bhfuil air i sé lá de 24 uair an chloig?

  • An gceapann tú go bhfuil cur síos an Bhíobla ar an gcruthú loighciúil agus réasúnta? An bhfuil, nó nach bhfuil?

Léigh Geineasas 1:​1, agus déan plé ar an gceist seo:

  • Deir eolaithe go raibh tús ag an gcruinne. An bhfuil an méid a deir na heolaithe ag teach leis an méid atá léite agat sa mBíobla?

Bíonn daoine áirithe den tuairim go mb’fhéidir gurb úsáid Dia éabhlóid chun gach ní a chruthú. Léigh Geineasas 1:​21, 25, 27, agus plé na ceisteanna seo a leanas:

  • An múineann an Bíobla go ndearna Dia beathachruth simplí agus ansin gur lig sé cead dó athrú isteach i gcineál eile éisc, mamaigh agus daoine? Nó ar chruthaigh sé na “cineálacha” bunúsacha uile den bheatha?  b

6. Is cruthaíocht eisceachtúil de chuid Dé é an duine

Ní hionann muidne agus na hainmhithe a chruthaigh Iehova. Léigh Geineasas 1:​26, agus déan plé ar an gceist seo:

  • De bhrí go bhfuil muid cruthaigh ar dheilbh Dé, céard a thugann an cumas atá ionainn grá agus comhbhá a thaispeáint le fios dúinn faoi phearsantacht Dé?

DEIR DAOINE ÁIRITHE: “Níl sa gcur síos atá sa mBíobla faoin gcruthaíocht ach finscéal.”

  • Céard a cheapann tusa? Cén fáth?

ACHOIMRE

Chruthaigh Iehova an chruinne agus gach aon dhúil bheo.

Súil Siar

  • Céard a mhúineann an Bíobla faoi thús na cruinne?

  • An ndearna Dia beathachruth simplí agus ar cheadaigh Sé dó athrú isteach i gcineálacha eile beatha nó ar chruthaigh sé iad go léir?

  • Céard atá speisialta faoin duine?

Sprioc

FIOSRAIGH

Faigh amach faoin deartha atá le feiceáil sa nádúr.

“What Does Nature Teach?” (Awake!, Meán Fómhair 2006)

Féach mar atá athair ag míniú cuntas an Bhíobla faoin gcruthaíocht dá mhac óg.

“Chruthaigh . . . Iehova an Uile Ní” (2:​37)

An bhfuil teoiric na héabhlóide ar aon dul leis an mBíobla?

“Ar Úsáid Dia Éabhlóid Chun Gach Uile Dhúil Bheo a Chruthú?” (Alt ar líne)

Scrúdaigh an dtugann an taifead iontaiseach nó na turgnaimh eolaíochta le tuiscint gur cruthaíodh gach uile dhúil bheo nó an trí sheans a tháinig siad chun cinn.

The Origin of Life​—Five Questions Worth Asking (bróisiúr)

a Pléifear cuspóir Dé don duine i gceacht 25.

b Sa mBíobla, tagraíonn an focal “cineál” do ghrúpa leathan de rudaí beo.