Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 08

Is Féidir Leat a Bheith i do Chara ag Iehova

Is Féidir Leat a Bheith i do Chara ag Iehova

Ba mhaith le hIehova go mbeadh aithne níos fearr agat air. Cén fáth? Mar ós mó a fhoghlaimíonn tú faoina chuid tréithe, a bhealaigh, agus a chuspóir, is ea is mó a bheidh tú ag iarraidh a bheith mar chara aige. Ach an féidir leatsa a bheith mar chara ag Dia? (Léigh Salm 25:14.) Céard is féidir leat a dhéanamh le bheith i do chara ag Dia? Freagraíonn an Bíobla na ceisteanna sin agus míníonn sé an chúis gur é do chairdeas le hIehova an caidreamh is tábhachtaí is féidir leat a bheith agat.

1. Cén cuireadh a thugann Iehova duit?

“Druidigí i gcóngar Dé agus druidfidh Dia in bhur gcóngarsa.” (Séamas 4:8) Céard a chiallaíonn sé sin? Tá Iehova ag tabhairt cuireadh duit a bheith i do chara aige. D’fhéadfadh sé a bheith deacair ag daoine áirithe a chreidiúint gur féidir leo a bheith mar chara ag Dia de bhrí nach féidir leo é a fheiceáil. Ach, déanann Iehova cur síos sa mBíobla ar gach rud a theastaíonn uainn chun eolas a chur ar a phearsantacht ionas go mbeidh muid in ann teannadh isteach leis. Nuair a léann muid teachtaireacht Dé sa mBíobla, neartaíonn ár gcairdeas le hIehova cé nach bhfaca muid riamh é.

2. Cén fáth gur é Iehova an Cara is fearr is féidir a bheith agat?

Tá grá níos mó ag Iehova duit ná mar atá ag aon duine eile. Tá sé ag iarraidh go mbeidh tú sásta agus go labhróidh tú leis nuair a theastóidh cabhair uait. Deir an Bíobla linn: “Caithigí bhur gcúram go léir suas air, óir tugann sé aire daoibh.” (1 Peadar 5:7) Bíonn Iehova réidh i gcónaí chun tacú lena chairde, chun sólás a thabhairt dóibh agus éisteacht leo.​​—Léigh Salm 94:​18, 19.

3. Céard a chaithfidh muid a dhéanamh le bheith inár gcairde ag Iehova?

Is breá le hIehova daoine, ach “tá gean an Tiarna [Iehova] ar lucht a eaglaithe [nó na fíréin].” (Salm 25:​14) Tá Iehova ag súil go ndéanfaidh a chairde iarracht na rudaí atá go maith ina shúile a dhéanamh agus go bhfanfaidh siad glan ar na drochrudaí. B’fhéidir go gceapann daoine áirithe nach féidir leo caighdeáin Iehova a bhaint amach. Mar sin féin, tá Iehova tuisceanach agus trócaireach. Tá glacadh ag Iehova le gach duine a ghránn é agus a dhéanann a dhícheall é a shásamh.​—Salm 147:11; Gníomhartha 10:​34, 35.

DÉAN TAIGHDE

Foghlaim tuilleadh faoin mbealach ar féidir leat a bheith i do chara ag Iehova, agus an chúis gur é an cara is fearr é a d’fhéadfadh a bheith agat.

4. Bhí Abrahám ina chara ag Iehova

Cabhraíonn an cur síos atá déanta sa mBíobla linn faoi Abrahám (ar a dtugtar Abrám freisin) tuiscint a fháil ar a bhfuil i gceist le bheith i do chara ag Dia. Léigh faoi Abrahám ag Geineasas 12:​1-4. Ansin pléigh na ceisteanna seo:

  • Céard a d’iarr Iehova ar Abrahám a dhéanamh?

  • Céard a gheall Iehova dó?

  • Céard a rinne Abrahám?

5. Gach a n-iarrann Iehova ar a chairde

Is gnách linn a bheith ag súil le rudaí áirithe ónár gcairde.

  • Céard iad cuid de na rudaí ar mhaith leat go ndéanfaidh do chairde duitse?

Léigh 1 Eoin 5:​3, agus ansin pléigh an cheist seo:

  • Céard atá Iehova ag súil leis óna chairde?

B’fhéidir go gcaithfidh muid ár n-iompar nó ár bpearsantacht a athrú chun a bheith umhal d’Iehova. Léigh Íseáia 48:​17, 18, agus ansin pléigh an cheist seo:

  • Cén fáth a n-iarrann Iehova ar a chairde athruithe a dhéanamh?

Mheabhródh cara maith dúinn faoi na rudaí a d’fhéadfadh muid a chosaint agus a chuirfidh ar bhealach ár leasa muid. Déanann Iehova an rud céanna dá chairde

6. Gach a ndéanann Iehova dá chairde

Cabhraíonn Iehova lena chairde déileáil le fadhbanna. Seinn an FÍSEÁN, agus ansin pléigh an cheist a leanann.

  • Cén chaoi ar chabhraigh Iehova leis an mbean sa bhfíseán déileáil lena cuid smaointeoireacht diúltacha agus lena cuid mothúcháin?

Léigh Íseáia 41:​10, 13, agus ansin pléigh na ceisteanna seo:

  • Céard a gheall Iehova a dhéanfaidh sé dá chairde go léir?

  • An gceapann tú go ndéanfadh Iehova cara maith? Cén fáth?

Tugann dlúthchairde cúnamh duit nuair a bhíonn sé ag teastáil uait. Cabhróidh Iehova leat freisin

7. Tá cairdeas le hIehova ag brath ar chumarsáid.

Neartaíonn cumarsáid cairdeas. Léigh Salm 86:​6, 11, agus ansin pléigh na ceisteanna seo:

  • Cén chaoi ar féidir linn cumarsáid a dhéanamh le hIehova?

  • Cén chaoi a ndéanann Iehova cumarsáid linn?

Labhraíonn muid le hIehova i bpaidir; labhraíonn sé linn tríd an mBíobla

DEIR DAOINE ÁIRITHE: “Ní féidir a bheith i do chara ag Dia.”

  • Cén scrioptúr a d’úsáidfeá chun a léiriú gur féidir linn a bheith mar chara ag Iehova?

ACHOIMRE

Tá Iehova ag iarraidh a bheith mar Chara agat, agus cabhróidh sé leat teannadh isteach leis.

Súil Siar

  • Cén chaoi a gcabhraíonn Iehova lena chairde?

  • Cén fáth a gcomhairlíonn Iehova dá chairde athruithe a dhéanamh?

  • An gceapann tú go bhfuil Iehova ag súil le go leor óna chairde? Cén fáth go bhfuil, nó cén fáth nach bhfuil?

Sprioc

FIOSRAIGH

Cén chaoi ar féidir le cairdeas le Dia dea-thionchar a bheith aige ar do shaol?

“Jehovah​—A God Worth Knowing” (The Watchtower, 15 Feabhra, 2003)

Faigh amach faoin gcúis ar mhothaigh bean amháin gur shábháil a cairdeas le hIehova í.

“I Did Not Want to Die!” (The Watchtower Uimh. 1 2017)

Éist le déagóirí agus iad ag cur síos ar an gcaoi a mothaíonn siad faoi Iehova.

What Does It Mean to Be God’s Friend? (1:​46)