Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 09

Teann Isteach le Dia Trína Bheith Ag Guí

Teann Isteach le Dia Trína Bheith Ag Guí

An airíonn tú go dteastaíonn treoir uait sa saol? An bhfuil ceisteanna tábhachtacha agat a theastaíonn uait a fhreagairt? An dteastaíonn uait a bheith curtha ar do shuaimhneas? Ar mhaith leat caidreamh níos fearr a bheith agat le hIehova? Is féidir le paidreacha cabhrú leat. Ach céard é an bealach ceart le guí a dhéanamh? An éisteann Dia le gach paidir? Céard is féidir leat a dhéanamh chun a chinntiú go gcloisfidh sé do chuid paidreacha? Feicfidh muid.

1. Cé chuige is ceart guí, agus céard iad na hábhair gur féidir linn guí ar a son?

Mhúin Íosa gur chóir dúinn guí chuig ár nAthair atá ar neamh. Ghuigh Íosa féin chuig Iehova. Dúirt sé: “Seo mar a dhéanfaidh sibhse guí: Ár nAthair, atá ar neamh . . . ’” (Matha 6:9) Nuair a ghuíonn muid chuig Iehova, neartaíonn muid ár gcairdeas leis.

Is féidir linn guí faoi ábhar ar bith. Ach, chun go bhfreagróidh Dia ár gcuid paidreacha, ní mór dár n-achainí a bheith de réir a thola. “Cibé céard a agraímid air [Dia] de réir a thola go n-éisteann linn.” (1 Eoin 5:​14) Thug Íosa samplaí de rudaí ar chóir guí ar a son. (Léigh Matha 6:​9-​13.) Chomh maith le bheith ag guí faoi na rudaí pearsanta atá ag déanamh imní dúinn, ní mór dúinn buíochas a glacadh le Dia agus iarraidh air cabhrú le daoine eile freisin.

2. Cén chaoi ar chóir dúinn guí?

Deir an Bíobla faoi Dhia: “Ligigí rún bhur gcroí leis.” (Salm 62:9 [62:8 i mBíoblaí eile]) Mar sin is cóir dúinn labhairt le Dia go macánta ónár gcroí amach. Is féidir linn guí os ard nó go ciúin, fad is go n-iompraíonn muid go hómósach muid féin. Is féidir linn guí ag aon am, agus in aon áit is mian linn.

3. Cén chaoi a bhfreagraíonn Dia ár gcuid paidreacha?

Freagraíonn sé iad ar bhealaí éagsúla. Chuir Iehova a Bhriathar, an Bíobla, ar fáil, áit a bhfaigheann muid freagraí ar ár gceisteanna. Is é léamh briathar Dé “a thugann eagna don fhíréan.” (Salm 19:8 [19:7 i mBíoblaí eile]; Léigh Séamas 1:5.) Is féidir le hIehova suaimhneas intinne a thabhairt dúinn nuair a thagann dúshláin inár mbealach. Agus is féidir leis croí a chuid adhraitheoirí a bhogadh chun cabhrú leo nuair a theastaíonn sé uathu.

DÉAN TAIGHDE

Scrúdaigh an bealach ar féidir leat guí ó chroí ionas go mbeidh do ghuí taitneamhach do Dhia, agus faoin gcaoi ar féidir leis a dhul chun tairbhe duit.

4. Tá riachtanais ag baint le guí

Céard a chinneann an bhfuil ár nguí inghlactha ag Dia nó nach bhfuil? Seinn an FÍSEÁN.

Tá Iehova ag iarraidh orainn guí chuige. Léigh Salm 65:3 (65:2 i mBíoblaí eile), agus déan plé ar na ceisteanna seo:

  • An gceapann tú go bhfuil an té a “éisteann lenár nguí” ag iarraidh ort guí chuige? Cén fáth, nó cén fáth nach mbeadh?

Caithfidh muid iarracht a dhéanamh maireachtáil de réir caighdeáin Dé má tá muid ag iarraidh go n-éistfeadh sé lenár gcuid paidreacha. Léigh Míocá 3:4 agus 1 Peadar 3:​12, agus plé an cheist thíos:

  • Cén chaoi ar féidir linn a chinntiú go n-éistfidh Iehova lenár gcuid paidreacha?

Le linn cogaidh, d’fhéadfadh an dá arm atá in aghaidh a chéile a bheith ag guí go mbeadh an bua acu féin. An bhfuil sé réasúnta a bheith ag súil go bhfreagróidh Dia na paidreacha seo?

5. Ba cheart go labhróidh muid ónár gcroí le Dia

Múintear do dhaoine áirithe a bheith ag athrá paidreacha atá de ghlanmheabhair acu. Ach an é sin an chaoi a bhfuil Dia ag iarraidh orainn guí chuige? Léigh Matha 6:​7, agus déan plé ar an gceist seo:

  • Cén chaoi ar féidir leat athrá a sheachaint i do chuid paidreacha?

B’fhéidir go smaoineofá ar bheannacht éigin atá agat i do shaol agus ansin go nglacfá buíochas le hIehova as an mbeannacht sin. Déan é seo gach lá ar feadh seachtaine, agus beidh guí déanta agat faoi sheacht n-ábhar éagsúil gan aon athrá.

Tá athair maith ag iarraidh go labhróidh a pháiste leis óna chroí. Mar an gcéanna, tá Iehova ag iarraidh orainn labhairt leis ónár gcroí

6. Is bronntanas ó Dhia iad na paidreacha

Cén chaoi ar féidir le paidreacha cabhrú linn nuair atá muid ag dul trí amanna crua? Seinn an FÍSEÁN.

Geallann an Bíobla gur féidir le paidreacha cabhrú linn le suaimhneas intinne a bheith againn. Léigh Filipigh 4:​6, 7, agus ansin déan plé ar na ceisteanna seo leanas:

  • Cé nach réitíonn paidreacha ár gcuid fadhbanna i gcónaí, cén chaoi a gcabhraíonn siad linn?

  • Céard iad roinnt de na rudaí ar mhaith leat guí ar a son?

An raibh a fhios agat?

Ciallaíonn an focal “áiméan” “cinnte” nó “bíodh sé mar atá ráite.” Ó aimsir an Bhíobla anall, tá “áiméan” á rá ag deireadh paidreacha.​—1 Croinicí 16:36.

7. Tabhair tús áite do phaidreacha

D’fhéadfadh muid a bheith chomh gnóthach is go ndéanfadh muid dearmad paidir a rá. Cén chaoi a ndearna Íosa am do ghuí? Léigh Matha 14:23 agus Marcas 1:​35, agus déan plé ar na ceisteanna seo leanas:

  • Cén chaoi ar thug Íosa tús áite do ghuí?

  • Cén chaoi a bhféadfása tús áite a thabhairt do ghuí?

DEIR DAOINE ÁIRITHE: “Gur cur amú ama a bheith ag guí.”

  • Céard a déarfá?

ACHOIMRE

Cabhraíonn paidreacha linn cairdeas a chothú le hIehova, rud a thugann suaimhneas intinne dúinn, agus an neart a theastaíonn uainn chun Iehova a shásamh.

Súil Siar

  • Cé chuige ar cheart dúinn guí?

  • Cén chaoi ar chóir dúinn guí?

  • Céard iad cuid de na buntáistí a bhaineann le guí?

Sprioc

FIOSRAIGH

Faigh freagraí ar na ceisteanna is mó a chuirtear faoi ghuí.

“Seven Things You Need to Know About Prayer” (The Watchtower, 1 Deireadh Fómhair, 2010)

Faigh amach faoi na cúiseanna ar chóir duit guí agus an bealach le feabhas a chur ar do chuid paidreacha.

“Why Should I Pray?” (Alt ar líne)

Déan machnamh ar an méid a mhúineann an Bíobla faoin gcaoi ar cheart dúinn guí.

“Ar Cheart Dom Guí Chuig Naoimh?” (Alt ar líne)

De réir an fhíseáin ceoil sin, meas tú an bhfuil tábhacht ag baint leis an áit nó an uair a dhéanann muid guí?

Guigh Am ar Bith (1:​22)