Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 12

Céard a Chabhróidh Leat Leanúint Ort ag Staidéar an Bhíobla?

Céard a Chabhróidh Leat Leanúint Ort ag Staidéar an Bhíobla?

Is fiú staidéar a dhéanamh ar an mBíobla ach b’fhéidir nach mbeadh sé éasca i gcónaí. D’fhéadfadh sé go mbeadh fonn ort do staidéar a chaitheamh in aer. Cén fáth gur fiú iarracht a dhéanamh leanúint ar aghaidh leis? Céard a chabhróidh leat é sin a dhéanamh in ainneoin deacrachtaí?

1. Cén fáth ar fiú staidéar a dhéanamh ar an mBíobla?

“Tá briathar Dé beoúil bríomhar.” (Eabhraigh 4:​12) Tá an Bíobla luachmhar mar go gcuireann sé ar do shúile duit an bealach a mothaíonn Dia fútsa. Cabhraíonn sé leat le cur le do stór eolais agus le fíor-eagna agus dóchas a fháil. Níos tábhachtaí fós, cabhraíonn an Bíobla leat a bheith i do chara ag Iehova. Nuair a dhéanann tú staidéar ar an mBíobla, ligfidh tú dá chumhacht tionchar dearfach a bheith aige ar do shaol.

2. Cén fáth go bhfuil sé tábhachtach an luach atá ar fhírinne an Bhíobla a aithint?

Tá fírinní an Bhíobla cosúil le seoda luachmhara. Sin é an fáth go ndeir an Bíobla linn “ná déan an fhírinne riamh a dhíol, ach í a cheannach.” (Seanfhocail 23:23) Nuair a thuigeann muid an luach ard atá ar fhírinne an Bhíobla, oibríonn muid go crua chun leanúint ar aghaidh ag staidéar​—fiú nuair a bhíonn fadhbanna againn.​—Léigh Seanfhocail 2:​4, 5.

3. Cén chaoi ar féidir le hIehova cabhrú leat leanúint ort ag staidéar?

Tá do Chruthaitheoir uilechumhachtach agus do Chara, Iehova, ag iarraidh cabhrú leat foghlaim faoi. Is É atá do do “spreagadh idir rún agus ghníomh.” (Léigh Filipigh 2:​13.) Mar sin, má theastaíonn spreagadh breise uait chun staidéar a dhéanamh nó chun an méid a fhoghlaimíonn tú a chur i bhfeidhm, is féidir leis cabhrú leat. Má theastaíonn neart breise uait chun fadhbanna a shárú, cuirfidh sé ar fáil duit é. Labhair le hIehova go rialta agus iarr air cabhrú leat le leanúint ort ag staidéar an Bhíobla.​—1 Teasalónaigh 5:​17.

DÉAN TAIGHDE

Faigh amach faoin mbealach ar féidir leat staidéar a dhéanamh ar an mBíobla cé go bhfuil tú gnóthach nó go bhfuil daoine ag cur i d’aghaidh. Ansin machnaigh ar an gcaoi a gcabhróidh Iehova leat an fód a sheasamh.

4. Tabhair tús áite do do staidéar ar an mBíobla?

Bíonn muid chomh gnóthach sin is gur cosúil nach mbíonn go leor ama againn chun staidéar a dhéanamh ar an mBíobla. Cén chabhair atá ar fáil duit? Léigh Filipigh 1:​10, agus ansin pléigh na ceisteanna seo:

  • Céard iad cuid de ‘na nithe is tábhachtaí’ sa saol dar leatsa?

  • Cén chaoi ar féidir leat tús áite a thabhairt do do staidéar ar an mBíobla?

  1. Má líonann tú buicéad le gaineamh agus má dhéanann tú iarracht na clocha a chur isteach ann, ní bheidh tú in ann

  2. Ach má chuireann tú na clocha isteach ar dtús, beidh tú in ann an chuid is mó den ghaineamh a chur isteach leo. Mar an gcéanna, má thugann tú tús áite do “na rudaí is tábhachtaí” i do shaol, beidh tú ábalta iad a thabhairt chun críche agus beidh am agat le haghaidh rudaí eile

Sásaíonn staidéar ar an mBíobla ár riachtanais spioradálta​—an mian atá ionainn aithne a chur ar Dhia agus é a adhradh. Léigh Matha 5:​6, agus ansin pléigh an cheist seo:

  • Cén tairbhe atá ag baint le tús áite a thabhairt do do staidéar ar an mBíobla?

5. Lean ort fiú má táthar ag cur i d’aghaidh

D’fhéadfaí iarracht a dhéanamh lagmhisneach a chur ort ionas go stopfá ag staidéar an Bhíobla. Féach mar shampla ar Francesco. Seinn an FÍSEÁN, ansin pléigh na ceisteanna a leanann.

  • Cén chaoi ar mhothaigh cairde agus teaghlach Francesco nuair a d’inis sé dóibh go raibh sé ag staidéar an Bhíobla?

  • Cén toradh a bhí ar an seasamh a thóg sé?

Léigh 2 Tiomóid 2:​24, 25, ansin pléigh na ceisteanna seo:

  • Cén dearcadh atá ag do theaghlach agus do chairde faoina bhfuil á fhoghlaim agat?

  • De réir na véarsaí seo, cén chaoi a bhfreagrófá duine nach bhfuil sásta go bhfuil tú ag staidéar an Bhíobla? Cén fáth?

6. Cuir muinín i gcabhair Iehova

De réir mar a theannann muid isteach le hIehova, bíonn fonn orainn é a shásamh. Is féidir leis a bheith deacair na hathruithe cuí a dhéanamh chun maireachtáil de réir caighdeáin Dé. Má mhothaíonn tú mar sin, ná tabhair suas. Cabhróidh Iehova leat. Seinn an FÍSEÁN, ansin pléigh na ceisteanna a leanann.

  • Bhuel, cé na hathruithe a rinne Jim chun Iehova a shásamh?

  • Cén chaoi a ndeachaigh sé i bhfeidhm ort?

Léigh Eabhraigh 11:​6, ansin pléigh na ceisteanna seo:

  • Céard a dhéanfaidh Iehova dóibh siúd ‘a bhíonn á lorg go dúthrachtach’​—nó iad siúd a dhéanann sár iarracht é a shásamh?

  • Cén chaoi a mothaíonn Iehova nuair a fheiceann sé do chuid iarrachtaí le staidéar a dhéanamh ar an mBíobla?

D’FHÉADFAÍ AN CHEIST A CHUR: “Cén fáth a bhfuil tú ag staidéar an Bhíobla?”

  • Cén freagra a thabharfá?

ACHOIMRE

Cé nach mbíonn staidéar Bíobla éasca, cabhróidh sé leat le taitneamh a bhaint as an saol go deo. Fan le hIehova, agus beidh luach saothair agat.

Súil Siar

  • Cén fáth go bhfuil luach agat ar fhírinní an Bhíobla?

  • Céard a chaithfidh tú a dhéanamh faoi na ‘nithe is tábhachtaí’?

  • Cén chúis ar cheart duit cabhair a iarraidh ar Iehova le leanúint le do staidéar?

Sprioc

FIOSRAIGH

Machnaigh ar cheithre bhealach a chabhraigh le go leor daoine a gcuid ama a úsáid go ciallmhar.

“How to Invest Your Time Wisely” (Awake!, Feabhra 2014)

Tabhair suntas den bhealach ar chabhraigh Iehova le bean nuair nár thuig a fear céile na rudaí a bhí sí a dhéanamh chun Dia a shásamh.

Jehovah Strengthens Us to Carry Our Load (5:​05)

Féach mar a chuaigh buanseasmhacht a mhná céile chun tairbhe d’fhear amháin.

I Put the Truth on Trial (6:​30)

Uaireanta cuirtear i leith Fhinnéithe Iehova go mbriseann siad suas teaghlaigh. An bhfuil sé sin fíor?

“Do Jehovah’s Witnesses Break Up Families or Build Them Up?” (Alt ar líne)