Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 14

Cén Chaoi ar Féidir Linn Dia a Adhradh Mar is Ceart?

Cén Chaoi ar Féidir Linn Dia a Adhradh Mar is Ceart?

Mar a pléadh sa gceacht roimhe seo, níl Dia sásta le gach reiligiún. Mar sin féin, is féidir linn ár gCruthaitheoir a adhradh ar bhealach a chuireann gliondar air. Céard atá i gceist le “fíorchleachtadh an chreidimh’’ atá sásúil do Dhia? (Séamas 1:​27) Déan machnamh ar an méid a mhúintear sa mBíobla.

1. Cén bunús ar cheart a bheith ag ár n-adhradh?

Ba chóir go mbeadh ár n-adhradh bunaithe ar an mBíobla. Dúirt Íosa le Dia: “Is fírinne do bhriathar.” (Eoin 17:17) Déanann roinnt reiligiúin neamhaird den fhírinne atá ar fáil i mBriathar Dé, an Bíobla. Múineann siad teagasca agus traidisiúin dhaonna ina áit. Ach níl Iehova sásta leo siúd “a chuireann . . . aithne Dé ar gcúl.” (Léigh Marcas 7:9.) Cuireann muid gliondar ar a chroí nuair a chloíonn muid leis an mBíobla agus nuair a leanann muid a chomhairle.

2. Cén chaoi ar cheart dúinn Iehova a adhradh?

Tá iomlán ár ndílseacht tuillte ag Iehova mar is é ár gCruthaitheoir é. (Apacailipsis 4:11) Ciallaíonn sé seo gurb eisean amháin atá muid chun a ghrá agus a adhradh, gan íomhá ná íol.—Léigh Íseáia 42:8.

Caithfidh ár n-adhradh a bheith ‘ina íobairt bheo naofa’ taitneamhach d’Iehova. (Rómhánaigh 12:1) Ciallaíonn sé seo go gcaithfidh muid maireachtáil de réir a chaighdeáin mhorálta. Mar shampla, is breá leo siúd a bhfuil grá acu d’Iehova a chaighdeáin maidir le pósadh agus leanann siad iad. Fanann muid glan ar chleachtais a dhéanfaidh dochar dúinn, rudaí ar nós tobac nó mí-úsáid drugaí nó alcól. a

3. Cén fáth ar chóir dúinn Iehova a adhradh in éineacht le comhChríostaithe?

Tugann ár gcruinnithe seachtainiúla deis dúinn ‘Iehova a mholadh . . . i gcomhthionól na bhfíréan.’ (Salm 111:1, 2) Déanann muid é seo freisin trí amhráin mholta a chanadh do Dhia. (Léigh Salm 104:33.) Iarrann Iehova orainn freastal ar chruinnithe mar go bhfuil grá aige dúinn agus go bhfuil a fhios aige go dtiocfaidh siad chun sochair dúinn go deo. Spreagann muid a chéile ag na cruinnithe.

DÉAN TAIGHDE

Scrúdaigh an chúis nach gceadaíonn Iehova úsáid íomhánna ina adhradh. Foghlaim faoi bhealaí tábhachtacha inar féidir linn Dia a mholadh.

4. Níor chóir dúinn íomhánna a úsáid inár n-adhradh

Cén chaoi a bhfuil a fhios againn nach mbeadh sé seo taitneamhach do Dhia? Seinn an FÍSEÁN, ansin pléigh an cheist a leanann.

  • Céard a tharla nuair a rinne cuid de phobal Dé iarracht é a adhradh le cabhair na n-íol in aimsir an Bhíobla?

Úsáideann roinnt daoine íomhánna agus iad ag adhradh Dé chun mothú níos gaire dó. Ach an bhféadfadh sé gur á scaradh féin ó Dhia atá siad? Léigh Eaxodus 20:4-6 agus Salm 106:35, 36, ansin pléigh na ceisteanna seo:

  • Céard iad na rudaí atá feicthe agat á n-úsáid in adhradh?

  • Cén chaoi a mothaíonn Iehova faoi úsáid íomhánna?

  • Cén chaoi a mothaíonn tú faoi úsáid íomhánna?

5. Má adhrann muid Iehova amháin saorfar muid uaidh theagasca bréagacha

Féach mar a shaorfaidh Iehova muid uaidh theagasca bréagacha má adhrann muid é go sásúil. Seinn an FÍSEÁN.

Léigh Salm 91:14, ansin pléigh an cheist seo:

  • Céard a gheallann Iehova a dhéanfaidh sé dúinn nuair a léiríonn muid go grámhar gur dósan amháin a thugann muid adhradh?

6. Adhrann muid Dia ag ár gcruinnithe pobail

Molann muid Iehova agus spreagann muid a chéile trí amhráin a chanadh agus freagraí a thabhairt ag ár gcruinnithe. Léigh Salm 22:23 (22:22 i mBíoblaí eile), ansin pléigh na ceisteanna seo:

  • Ar bhain tú sásamh as freagraí a chloisteáil ag na cruinnithe?

  • Ar mhaith leat fáil faoi réir chun freagra a thabhairt?

7. Bíonn áthas ar Iehova nuair a roinneann muid an méid atá á fhoghlaim againn

Is iomaí bealach ar féidir linn fírinní an Bhíobla a roinnt le daoine eile. Léigh Salm 9:2 (9:1 i mBíoblaí eile) agus 34:2 (34:1 i mBíoblaí eile), ansin pléigh an cheist seo:

  • Cé acu d’fhírinní an Bhíobla ar mhaith leatsa a roinnt le daoine eile?

DEIR DAOINE ÁIRITHE: “Ní féidir Dia a shásamh.”

  • Céard a cheapann tusa?

ACHOIMRE

Cuireann muid áthas ar ár gCruthaitheoir nuair is dósan amháin a thugann muid adhradh, nuair a mholann muid é ag ár gcruinnithe, agus nuair a roinneann muid gach a bhfuil á fhoghlaim againn le daoine eile.

Súil Siar

  • Cén chaoi ar féidir linn fáil amach faoin mbealach le Dia a adhradh mar is ceart?

  • Cén fáth gurb é Iehova amháin is cóir dúinn a adhradh?

  • Cén fáth ar chóir dúinn a bheith ag adhradh Dé i gcomhluadar ár gcomhChríostaithe?

Sprioc

FIOSRAIGH

Sa mbeathaisnéis “I No Longer Slave for Idols,” léigh faoin gcaoi ar éirigh le bean éalú ó chuing na n-íol.

“The Bible Changes Lives” (The Watchtower, 1 Iúil, 2011)

Faigh amach faoi na rudaí a chabhróidh leat freagra a thabhairt ag cruinnithe pobail.

“Praise Jehovah in the Congregation” (The Watchtower, Eanáir 2019)

Féach ar an gcaoi ar bhain fear óg leas as na cruinnithe pobail, cé nach raibh sé éasca aige freastal orthu.

Jehovah Cared for Me (3:07)

Ceapann a lán daoine go bhfuil baint ag an chros leis an gCríostaíocht, ach ar cheart dúinn é a úsáid inár n-adhradh?

“Why Don’t Jehovah’s Witnesses Use the Cross in Their Worship?” (Alt ar líne)

a Déanfar na hábhair seo a phlé níos déanaí sa leabhar.