Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 16

Céard a Rinne Íosa Nuair a Bhí Sé ar an Talamh?

Céard a Rinne Íosa Nuair a Bhí Sé ar an Talamh?

Samhlaíonn go leor daoine Íosa mar leanbh, mar fháidh ciallmhar nó mar fhear ag fáil bháis. Ach an bhfuil tuilleadh le foghlaim óna shaol ar an talamh? Sa gceacht seo, breathnóidh muid ar chuid de na rudaí ba thábhachtaí a rinne Íosa agus a dtionchar ortsa.

1. Cén príomhobair a rinne Íosa?

Ba í “dea-scéal ríocht Dé a fhógairt” príomhobair Íosa. (Léigh Lúcás 4:43a.) Chraobhscaoil sé go mbunódh Dia ríocht, nó rialtas, a réiteodh fadhbanna an chine dhaonna. a Scaip Íosa an teachtaireacht spreagúil seo go fonnmhar ar feadh trí bliana go leith.—Matha 9:35.

2. Cén cuspóir a bhí le míorúiltí Íosa?

Déanann an Bíobla cur síos ar go leor de “na míorúiltí agus na héachtaí agus na fearta a rinne Dia tríd [Íosa].” (Gníomhartha 2:22) Bhí Íosa in ann an aimsir a cheansú, mílte a bheathú, daoine tinne a leigheas, agus na mairbh a thógáil ón mbás le cumhacht Dé. (Matha 8:23-27; 14:15-21; Marcas 6:56; Lúcás 7:11-17) Léirigh míorúiltí Íosa gurbh é Dia a chuir chun na talún é. Léirigh siad freisin go bhfuil an chumhacht ag Iehova ár gcuid fadhbanna go léir a réiteach.

3. Céard atá le foghlaim againn ón mbealach a chaith Íosa a shaol?

Bhí Íosa umhal d’Iehova i gcónaí. (Léigh Eoin 8:29.) D’ainneoin géarleanúint, rinne Íosa gach a d’iarr a Athair air agus d’fhan sé dílis go bás. Chruthaigh sé gurbh fhéidir le daoine fanacht umhal do Dhia fiú nuair a thagann anró an tsaoil sa mullach orthu. Mar sin, ‛d’fhág Íosa sampla againn le go leanfadh muid é.ʼ1 Peadar 2:21.

DÉAN TAIGHDE

Smaoinigh ar an mbealach ar scaip Íosa an dea-scéal agus na míorúiltí a rinne sé.

4. Chraobhscaoil Íosa an dea-scéal

Shiúil Íosa na céadta míle, ag tabhairt an dea-scéil chuig an oiread daoine is arbh fhéidir leis. Léigh Lúcás 8:1, ansin pléigh na ceisteanna seo:

  • Arbh iad na daoine a chruinnigh chun éisteacht leis an t-aon dream ar chraobhscaoil Íosa dóibh?

  • Céard a rinne Íosa chun a theacht ar dhaoine?

Thuar Dia go gcraobhscaoilfeadh an Meisias an dea-scéala. Léigh Íseáia 61:1, 2, ansin pléigh na ceisteanna seo:

  • Cén chaoi ar chomhlíon Íosa an tairngreacht seo?

  • An gceapann tú go dteastaíonn an dea-scéal ó dhaoine inniu?

5. Mhúin Íosa ceachtanna luachmhara

Chomh maith leis an dea-scéal a scaipeadh, mhúin Íosa ceachtanna praiticiúla. Féach ar roinnt samplaí ón Seanmóir ar an Sliabh. Léigh Matha 6:14, 34 agus 7:12, ansin pléigh na ceisteanna seo:

  • Cén chomhairle phraiticiúil a thug Íosa sna véarsaí sin?

  • An gceapann tú gur féidir leis an gcomhairle seo cabhrú le daoine inniu?

6. Rinne Íosa míorúiltí

Chuir Iehova ar chumas Íosa go leor míorúiltí a dhéanamh. Chun sampla amháin a fheiceáil, léigh Marcas 5:25-34seinn an FÍSEÁN. Ansin pléigh na ceisteanna a leanann.

  • Cár chuir an bhean tinn sa bhfíseán a muinín?

  • Céard a chuaigh i bhfeidhm ort faoin míorúilt seo?

Léigh Eoin 5:36, ansin pléigh an cheist seo:

  • Céard a chruthaigh na míorúiltí a rinne Íosa faoi féin?

An raibh a fhios agat?

Tagann an chuid is mó den eolas atá againn faoi Íosa ó na ceithre leabhar Bíobla ar a dtugtar na Soiscéil—Matha, Marcas, Lúcás, agus Eoin. Luaigh gach duine de na scríbhneoirí sin sonraí éagsúla faoi Íosa. Tugann na sonraí seo go léir léargas iontach dúinn ar shaol agus ar shaothar Íosa.

  • MATHA

    Scríobh Matha a Shoiscéal ar dtús. Cuireann sé béim ar an méid a mhúin Íosa faoi Ríocht Dé.

  • MARCAS

    Ba é Marcas a scríobh an Soiscéal is giorra. Cuireann sé síos ar go leor eachtraí spreagúla.

  • LÚCÁS

    Cuireann Lúcás béim ar urnaí agus ar an mbealach ar chaith Íosa le mná.

  • EOIN

    Tugann Eoin léargas dúinn ar phearsantacht Íosa trína chomhráite a aithris dúinn.

DEIR DAOINE ÁIRITHE: “B’fhear maith é Íosa ach ní raibh ann ach gnáth dhuine.”

  • Céard a cheapann tusa?

ACHOIMRE

Chraobhscaoil Íosa faoi Ríocht Dé, rinne sé míorúiltí, agus bhí sé umhal d’Iehova i gcónaí.

Súil Siar

  • Cén príomhobair a rinne Íosa nuair a bhí sé ar an talamh?

  • Céard a chruthaíonn míorúiltí Íosa?

  • Cé na ceachtanna praiticiúla a mhúin Íosa?

Sprioc

FIOSRAIGH

Déan machnamh ar an gcúis ar féidir linn muinín a chur i míorúiltí Íosa.

“The Miracles of Jesus—What Can You Learn?” (The Watchtower, 15 Iúil, 2004)

Léigh mar a chuaigh dea-shampla Íosa i gcion ar fhear amháin.

“My Life Was All About Me” (The Watchtower, 1 Deireadh Fómhair, 2014)

Féach liosta de phríomh-imeachtaí mhinistreacht Íosa san ord inar tharla siad.

“Main Events of Jesus’ Earthly Life” (New World Translation of the Holy Scriptures, Appendix A7)

a Déanfar tuilleadh plé ar Ríocht Dé i gceachtanna 31-33.