Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 18

Cén Chaoi a nAithneofá Fíor-Chríostaithe?

Cén Chaoi a nAithneofá Fíor-Chríostaithe?

Maíonn na billiúin duine gur Críostaí iad. Ach ní hé an rud céanna a chreideann siad go léir, agus ní mhaireann siad de réir na gcaighdeán céanna. Mar sin cén chaoi ar féidir linn fíor-Chríostaithe a aithint?

1. Céard is Críostaí ann?

Is deisceabail, nó dream daoine a leanann, Íosa Críost iad Críostaithe. (Léigh Gníomhartha 11:26.) Cén chaoi a mbeadh a fhios againn gur deisceabail le hÍosa iad? Dúirt Íosa: “Má fhanann sibh ar mo bhriathar, beidh sibh in bhur ndeisceabail agam dáiríre.” (Eoin 8:31) Léiríonn sé seo go gcaithfidh fíor-Chríostaithe teagasc Íosa a chomhlíonadh. Díreach mar a bhunaigh Íosa gach ar mhúin sé ar an mBíobla, déanann fíor-Chríostaithe an rud céanna.—Léigh Lúcás 24:27.

2. Cén chaoi a léiríonn fíor-Chríostaithe grá?

Dúirt Íosa: “Is í seo m’aithne, sibh grá a thabhairt dá chéile mar an grá a thug mé daoibh.” (Eoin 15:12) Cén chaoi ar léirigh Íosa go raibh grá aige dá dheisceabail? Chaith sé am leo, spreag sé iad, agus chabhraigh sé leo. Thug sé a bheatha ar a son. (1 Eoin 3:16) Mar an gcéanna inniu, léiríonn fíor-Chríostaithe go bhfuil grá acu dá chéile trí bhriathar agus trí ghníomh.

3. Cén obair a dhéanann fíor-Chríostaithe?

Thug Íosa obair le déanamh dá dheisceabail nuair a “chuir sé uaidh iad ag fógairt ríocht Dé.” (Lúcás 9:2) Bhíodh na chéad Chríostaithe ag craobhscaoileadh, ní hamháin ina n-ionaid adhartha ach in áiteanna poiblí agus i dtithe príobháideacha. (Léigh Gníomhartha 5:42; 17:17.) Bíonn fíor-Chríostaithe inniu ag craobhscaoileadh fírinní an Bhíobla cibé áit a bhfuil daoine. Tá grá acu dá gcomharsan, mar sin úsáideann siad a gcuid ama agus a gcuid fuinnimh chun an teachtaireacht dóchais agus an sólás atá sa mBíobla a scaipeadh.—Marcas 12:31.

DÉAN TAIGHDE

Céard iad na difríochtaí atá idir fíor-Chríostaithe agus daoine nach leanann teagasc ná sampla Íosa.

4. Bíonn siad sa tóir ar fhírinne an Bhíobla

Bhí meas ag na chéad Chríostaithe ar Bhriathar Dé

Níl meas ag gach duine a mhaíonn gur Críostaí iad ar fhírinne an Bhíobla. Seinn an FÍSEÁN, ansin pléigh an cheist a leanann.

  • Cén chaoi ar theip ar roinnt eaglaisí atá ag maíomh gur Críostaithe iad teagasc Íosa a mhúineadh?

Mhúin Íosa fírinní an Bhíobla. Léigh Eoin 18:37, ansin pléigh an cheist seo:

  • Dar le hÍosa, cén chaoi ar féidir linn Críostaithe “gur den fhírinne” iad a aithint?

5. Craobhscaoileann siad fírinní an Bhíobla

Chraobhscaoil na chéad Chríostaithe do dhaoine eile

Sular fhill Íosa ar na flaithis, d’ordaigh sé dá lucht leanúna an dea-scéal a chraobhscaoileadh. Léigh Matha 28:19, 20 agus Gníomhartha 1:8, ansin pléigh an cheist seo:

  • Cé chomh forleathan is a chraobhscaoilfí an dea-scéal?

6. Déanann siad beart de réir a mbriathar

Céard a chuir ina luí ar Tom go raibh an fhíor-Chríostaíocht aimsithe aige? Seinn an FÍSEÁN, ansin pléigh na ceisteanna a leanann.

  • Cén fáth ar éirigh Tom tuirseach de reiligiún?

  • Cén fáth a bhfuil sé cinnte go bhfuil an fhírinne faighte aige?

Is tábhachtaí beart ná briathar. Léigh Matha 7:21, ansin pléigh an cheist seo:

  • Céard is tábhachtaí d’Íosa—go maíonn muid go bhfuil creideamh againn nó go ndéanann muid beart de réir a bhriathair?

7. Tá siad mór le chéile

Bhí grá ag na chéad Chríostaithe dá chéile

Ar chuir Críostaithe a mbeatha i mbaol ar son a gcomh-Chríostaithe? Seinn an FÍSEÁN, ansin pléigh na ceisteanna a leanann.

  • Cén fáth a raibh Lloyd sásta a shaol a chur i mbaol ar son an Deartháir Johansson?

  • An gceapann tú gur léirigh sé tréithe an fhíor-Chríostaí?

Léigh Eoin 13:34, 35, ansin pléigh na ceisteanna seo:

  • Cén chaoi a gcaithfeadh fíordheisceabail Íosa le daoine de chine nó de náisiún eile?

  • Céard a dhéanfaidís le linn cogaidh?

DEIR DAOINE ÁIRITHE: “Tá rudaí uafásacha déanta ag Críostaithe ​​—an bhféadfadh sé go bhfuil an fíor-reiligiún acu?”

  • Cén scrioptúr a d’úsáidfeá chun fíor-Chríostaithe a aithint?

ACHOIMRE

Leanann fíor-Chríostaithe teagasc an Bhíobla, léiríonn siad grá neamhleithleach, agus craobhscaoileann siad fírinní an Bhíobla.

Súil Siar

  • Céard air a mbunaíonn fíor-Chríostaithe a gcreideamh?

  • Cé na tréithe lena n-aithnítear fíor-Chríostaithe?

  • Cén obair a dhéanann fíor-Chríostaithe?

Sprioc

FIOSRAIGH

Foghlaim tuilleadh faoi ghrúpa daoine a dhéanann iarracht sampla agus teagasc Íosa Críost a leanúint.

Finnéithe Iehova—Cé Muid Féin? (1:13)

Féach mar a fuair iarbhean rialta “fíor-theaghlach spioradálta.”

“They Used the Bible to Answer Every Question!” (The Watchtower, 1 Aibreán, 2014)

Foghlaim faoin mbealach a léiríonn fíor-Chríostaithe grá dá gcomhChríostaithe in am an ghátair.

Helping Our Brothers When Disaster Strikes—Excerpt (3:57)

Scrúdaigh an bealach ar lean Críostaithe na chéad aoise an patrún céanna teagaisc agus a leanann fíor-Chríostaithe inniu.

“What Are the Marks of True Christianity?” (The Watchtower, 1 Márta, 2012)