Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 24

Céard í an Fhírinne Faoi Aingil?

Céard í an Fhírinne Faoi Aingil?

Tá Iehova ag iarraidh orainn foghlaim faoina theaghlach ar neamh. Tugtar “clann Dé” ar na haingil atá ar neamh. (Iób 38:7) Céard a deir an Bíobla faoi na haingil? Cén tionchar atá acu ar dhaoine? An bhfuil siad ar fad mar bhaill de theaghlach Dé?

1. Cé hiad na haingil?

Chruthaigh Iehova na haingil sular chruthaigh sé an domhan. Is pearsana spioraid dofheicthe iad cosúil le hIehova. (Eabhraigh 1:14) Tá na milliúin acu ann agus a bpearsantacht féin ag gach aingeal. (Apacailipsis 5:11) ‘Déanann siad toil Dé agus bíonn siad umhal dá bhriathar.’ (Salm 103:20) Sa tseanaimsir, chuir Iehova aingil go dtí a dhaoine chun iad a tharrtháil agus chun cabhrú leo. Inniu tá na haingil ag treorú Críostaithe go dtí daoine atá ag iarraidh foghlaim faoi Dhia.

2. Cé hé Sátan agus a chuid deamhan?

Níor fhan roinnt de na haingil dílis d’Iehova. Tugtar “an Diabhal agus Sátan, an té a mheallann an saol go léir” ar an gcéad aingeal a d’éirigh amach in aghaidh Dé. (Apacailipsis 12:9) Bhí Sátan ag iarraidh a bheith i gceannas, mar sin spreag sé an chéad lánúin, agus níos déanaí aingil eile, chun éirí amach in aghaidh Dé. Tugtar deamhain ar na haingil bhradacha seo. Chaith Iehova síos chun na talún iad agus scriosfar iad.—Léigh Apacailipsis 12:9, 12.

3. Cén chaoi a gcuireann Sátan agus na deamhain amú muid?

Cuireann Sátan agus na deamhain go leor daoine amú trí dheamhnacht agus spioradachas. Is droch-chleachtais iad seo a úsáidtear chun dul i dteagmháil le spioraid. Téann daoine i dteagmháil le fir agus mná feasa. Bíonn daoine eile sa tóir ar chóir leighis a bhaineann le spioradachas, nó ag ceapadh gur féidir leo labhairt leis na mairbh. Tugann Iehova foláireamh dúinn “ná téigí i muinín spioraid na marbh, ná draíodóirí.” (Léivític 19:31) Tugann Sé an foláireamh seo dúinn chun muid a chosaint ar Shátan agus na deamhain. Is naimhde le Dia iad agus tá siad ag iarraidh dochar a dhéanamh dúinn.

DÉAN TAIGHDE

Foghlaim faoi na rudaí maithe a dhéanann na haingil, na contúirtí a bhaineann le spioradachas agus an bealach ar féidir linn muid féin a chosaint ar Shátan agus na deamhain.

4. Cabhraíonn aingil le daoine foghlaim faoi Iehova

Ní labhraíonn na haingil le daoine, ach treoraíonn siad searbhóntaí Iehova go dtí na daoine atá ag iarraidh foghlaim faoi. Léigh Apacailipsis 14:6, 7, ansin plé na ceisteanna a leanann:

  • Cén fáth a dteastaíonn cabhair na n-aingeal leis an gcraobhscaoileadh?

  • An dtugann sé misneach duit go bhfuil na haingil in ann thú a threorú go dtí daoine a bhfuil spéis acu sa mBíobla? Cén fáth?

5. Diúltaigh don spioradachas

Is naimhde de chuid Iehova é Sátan agus na deamhain. Is iad ár naimhde iad freisin. Léigh Lúcás 9:38-42, ansin plé an cheist a leanann:

  • Céard a dhéanann na deamhain le daoine?

Níl muid ag iarraidh a bheith faoi thionchar na ndeamhan. Léigh Deotranaimí 18:10-12, ansin plé na ceisteanna a leanann:

  • Cé na bealaí a ndéanann na deamhain iarracht teagmháil a dhéanamh linn? Cé na cleachtais atá coitianta i do cheantar?

  • An raibh an ceart ag Iehova nuair a dúirt sé linn diúltú don spioradachas? Cén fáth?

Seinn an FÍSEÁN, ansin plé na ceisteanna a leanann.

  • An raibh aon dochar sa mbráisléad draíochta a bhí ar láimh iníon Palesa? Cén fáth?

  • Céard a bhí ar Palesa a dhéanamh chun í féin a chosaint ar na deamhain?

Dhiúltaigh fíor-Chríostaithe do na deamhain i gcónaí. Léigh Gníomhartha 19:19 agus 1 Corantaigh 10:21, ansin plé an cheist seo:

  • Cén fáth ar gá aon rud atá agat a bhaineann le spioradachas a scrios?

6. Faigh an bua ar Shátan agus a chuid deamhan

Tá na deamhain faoi cheannas Shátain. Ach tá an t-ardaingeal Mícheál, nó Íosa Críost, ag treorú na n-aingeal dílis. Cé chomh cumhachtach is atá Mícheál? Léigh Apacailipsis 12:7-9, ansin plé na ceisteanna a leanann:

  • Cé acu is cumhachtaí? Mícheál agus a chuid aingil nó Sátan agus a chuid deamhan?

  • An gceapann tú gur cheart do Chríostaithe faitíos a bheith orthu roimh Shátan agus a chuid deamhan?

Is féidir leat an bua a fháil ar Shátan agus a chuid deamhan. Léigh Séamas 4:7, ansin plé an cheist a leanann:

  • Cén chaoi a gcosnóidh tú thú féin ar Shátan agus a chuid deamhan?

DEIR DAOINE ÁIRITHE: “Níl aon dochar a bheith ag imirt cluichí nó ag breathnú ar ábhar a bhaineann le spioradachas. Níl ann ach píosa spraoi.”

  • Cén fáth a bhfuil an dearcadh seo contúirteach?

ACHOIMRE

Cabhraíonn aingil dhílse linn. Is naimhde de chuid Iehova iad Sátan agus a chuid deamhan agus úsáideann siad spioradachas chun daoine a chur amú.

Súil Siar

  • Cén chaoi a gcabhraíonn aingil Iehova le daoine foghlaim faoi Dhia?

  • Cé hiad Sátan agus a chuid deamhan?

  • Cén fáth a bhfuil tú ag iarraidh fanacht glan ar spioradachas?

Sprioc

FIOSRAIGH

Scrúdaigh an fhianaise gurb ionann Íosa agus an t-ardaingeal Mícheál.

“Cé hé an tArdaingeal Mícheál? (Alt ar líne)

Déan machnamh ar an gcruthúnas nach olcas nó drochthréith atá ionainn é an diabhal.

“An Bhfuil an Diabhal Ann?” (Alt ar líne)

Féach mar a shaor bean amháin í féin ó thionchar na ndeamhan.

“She Found a Purpose in Life” (The Watchtower, 1 Iúil, 1993)

Foghlaim faoin mbealach a n-úsáideann Sátan spioradachas chun daoine a chur amú.

“The Truth About Magic, Sorcery, and Witchcraft” (The Road to Everlasting Life, cuid 5)