Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 27

Cén Chaoi a Sábhálann Bás Íosa Muid?

Cén Chaoi a Sábhálann Bás Íosa Muid?

Tá an peaca, an fhulaingt agus an bás againn de bhrí go raibh Ádhamh agus Éabha easumhal do Dhia. a Ach níl muid fágtha gan dóchas. Tá an bealach curtha ar fáil ag Iehova chun muid a shaoradh ó mhallacht an bháis agus an pheaca. Múineann an Bíobla gur chuir Íosa éiric ar fáil dúinn trína bhás. Is í an éiric an praghas a íoctar chun duine a scaoileadh saor. D’íoc Íosa an éiric lena bheatha fhoirfe. (Léigh Matha 20:28.) Nuair a thug Íosa suas an ceart a bhí aige maireachtáil go deo ar an talamh, chuir sé an deis ar fáil dúinn chun gach ar chaill Ádhamh agus Éabha a fháil ar ais. Léirigh Íosa agus Iehova méid a ngrá dúinn. Cuirfidh an ceacht seo le do mheas ar bhás Íosa.

1. Cén tairbhe atá i mbás Íosa dúinn inniu?

De bhrí go bhfuil muid neamhfhoirfe, déanann muid go leor rudaí nach dtaitníonn le hIehova. Ach, má tá aiféala orainn faoinár bpeacaí agus maithiúnas a iarraidh ar Iehova in ainm Íosa agus ár ndícheall a dhéanamh gan an rud céanna a dhéanamh arís, is féidir linn caidreamh pearsanta a bheith againn le Dia. (1 Eoin 2:1) Deir an Bíobla: “Óir fuair Críost bás an t-aon uair amháin i ngeall ar pheacaí, an fíréan thar ceann na neamhfhíréan, d’fhonn sinn a thabhairt i láthair Dé.”1 Peadar 3:18.

2. Cén chaoi a gcabhróidh bás Íosa linn sa todhchaí?

Chuir Iehova Íosa uaidh chun a shaol foirfe a thabhairt ar ár son “i dtreo, gach duine a chreideann ann, nach gcaillfí é ach go mbeadh an bheatha shíoraí aige.” (Eoin 3:16) Ní fada go gcuirfidh Iehova deireadh leis na drochrudaí ar fad atá ag tarlú de bharr easumhlaíocht Ádhaimh, a bhuíochas sin d’Íosa. Mar má léiríonn muid creideamh in éiric Íosa Críost, beidh an deis againn maireachtáil go deo i bparthas ar talamh!—Íseáia 65:21-23.

DÉAN TAIGHDE

Foghlaim faoin gcúis ar thug Íosa suas a bheatha agus an tairbhe atá ann duitse.

3. Saothraíonn bás Íosa ón bpeaca agus ón mbás sinn

Seinn an FÍSEÁN, ansin plé an cheist a leanann.

  • Cén deis ar chaill Ádhamh nuair a bhí sé easumhal do Dhia?

Léigh Rómhánaigh 5:12, ansin plé an cheist a leanann:

  • Cén tionchar atá ag bás Ádhaimh ar do shaolsa?

Léigh Eoin 3:16, ansin plé an cheist seo a leanann:

  • Cén fáth ar chuir Iehova a Mhac chun na talún?

  1. Fear foirfe a bhí in Ádhamh ach bhí sé easumhal do Dhia agus thug sé an peaca agus an bás isteach sa saol

  2. Fear foirfe a bhí in Íosa a bhí umhal do Dhia agus chuir sé an deis maireachtáil go deo ar fáil do dhaoine

4. Tá tairbhe i mbás Íosa do chuile dhuine

Seinn an FÍSEÁN, ansin plé an cheist a leanann.

  • Cén chaoi a bhféadfadh chuile dhuine tairbhe a bhaint as bás aon fhear amháin?

Léigh 1 Tiomóid 2:5, 6, ansin plé an cheist a leanann:

  • Fear foirfe a bhí in Ádhamh a d’fhág an peaca agus an bás mar oidhreacht ag an gcine daonna. Fear foirfe a bhí in Íosa freisin. Cén chaoi a raibh an luach céanna ar éiric Íosa is a bhí ar an mbeatha a chaill Ádhamh?

5. Is bronntanas ó Iehova í an éiric

Is bronntanas pearsanta í an éiric do chairde Iehova. Mar shampla léigh Galataigh 2:20, ansin plé an cheist a leanann:

  • Cén chaoi ar léirigh an t-aspal Pól gur bronntanas pearsanta í an éiric?

Nuair a pheacaigh Ádhamh, daoradh é féin agus a shliocht chun báis. Ach chuir Iehova a mhac uaidh chun bás a fháil ionas go mbeadh an deis agat maireachtáil go deo.

Agus tú ag léamh na véarsaí a leanann, déan machnamh ar an gcaoi ar mhothaigh Iehova faoi fhulaingt a mhic. Léigh Eoin 19:1-7, 16-18, ansin plé an cheist a leanann:

  • Cén chaoi a mothaíonn tú faoin méid a rinne Iehova agus Íosa ar do shon?

FIAFRAÍONN DAOINE ÁIRITHE: “Cén chaoi a bhféadfadh fear amháin bás a fháil ar son chuile dhuine?”

  • Cén freagra a thabharfá?

ACHOIMRE

Cuireann bás Íosa gach a dteastaíonn ar fáil d’Iehova chun ár bpeacaí a mhaitheamh agus tugann sé deis dúinn maireachtáil go deo.

Súil Siar

  • Cén fáth a bhfuair Íosa bás?

  • Cén fáth arbh ionann luach éiric Íosa agus an bheatha a chaill Ádhamh?

  • Cén tairbhe atá i mbás Íosa duitse?

Sprioc

FIOSRAIGH

Faigh amach faoin gcúis a dtugtar éiric ar bheatha fhoirfe Íosa.

“Cén Chaoi ar Thug Íosa a Anam ‘Mar Cheannach ar Mhórán’?” (Alt ar líne)

Cén chaoi le teacht slán ón bpeaca agus ón mbás?

“Slánaíonn Íosa—Cén Chaoi?”(Alt ar líne)

An féidir le hIehova peacaí tromchúiseacha a mhaitheamh?

“Bible Questions Answered” (The Watchtower, 1 Bealtaine, 2013)

Féach mar a chabhraigh éiric Íosa le fear a phearsantacht a athrú.

“I Am No Longer a Slave of Violence” (Alt ar líne)

a Tá níos mó i gceist le peaca ná drochrud a dhéanamh. Tagraíonn sé freisin den oidhreacht a fuair muid.