Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 28

Léirigh Buíochas as Ucht a Bhfuil Déanta ag Iehova agus ag Íosa Duit

Léirigh Buíochas as Ucht a Bhfuil Déanta ag Iehova agus ag Íosa Duit

Cén chaoi a mothaíonn tú nuair a thugann cara bronntanas álainn duit? Is dócha go gcuireann sé an-áthas ort agus gur mhaith leat do bhuíochas a chur in iúl. Thug Iehova agus Íosa an bronntanas is fearr a fuair muid riamh dúinn. Céard é féin, agus cén chaoi ar féidir linn ár mbuíochas a chur in iúl?

1. Céard é bealach amháin ar féidir linn ár mbuíochas a chur in iúl?

Geallann an Bíobla gur féidir le “gach duine a chreideann” in Íosa maireachtáil go deo. (Eoin 3:16) Céard a chiallaíonn sé creidiúint in Íosa? Ní mór dúinn ár gcreideamh a léiriú trí chinntí agus dea-oibreacha. (Séamas 2:17) Léiríonn muid ár gcreideamh trínár mbriathra agus ár ngníomhartha, agus neartaítear ár gcaidreamh le hÍosa agus lena Athair Iehova.—Léigh Eoin 14:21.

2. Cén ócáid speisialta a chabhróidh linn ár mbuíochas a chur in iúl d’Iehova agus d’Íosa?

An oíche sular bhfuair sé bás chuir Íosa tús le searmanas ar a dtugtar ‘suipéar an Tiarna’ nó Cuimhneachán Bhás Íosa Críost. (1 Corantaigh 11:20) Bhunaigh Íosa é seo chun go gcuimhneodh na haspail agus gach fíor-Chríostaí gur thug sé a bheatha ar a son. D’ordaigh Íosa: “Déanaigí é seo mar chuimhne orm.” (Lúcás 22:19) Nuair a fhreastalaíonn tú ar an gCuimhneachán, léiríonn tú do bhuíochas don ghrá atá ag Iehova agus ag Íosa dúinn.

DÉAN TAIGHDE

Foghlaim faoi bhealaí eile ar féidir leat do bhuíochas a chur in iúl d’Iehova agus d’Íosa. Déan machnamh faoin tábhacht a bhaineann le Cuimhneachán Bhás Íosa.

3. Spreagann buíochas muid chun gníomhú

Samhlaigh gur shábháil duine éigin do shaol. An ndéanfá dearmad ar an méid a rinne sé duit? Nó an mbeifeá ag lorg bealaí chun do bhuíochas a chur in iúl?

Ní bheadh muid beo murach Iehova. Léigh 1 Eoin 4:8-10, ansin plé na ceisteanna a leanann:

  • Cén fáth gur bronntanas speisialta í íobairt Íosa?

  • Cén chaoi a mothaíonn tú faoi gach a ndearna Iehova agus Íosa duit?

Cén chaoi a gcuirfidh muid ár mbuíochas in iúl d’Iehova agus d’Íosa? Léigh 2 Corantaigh 5:15 agus 1 Eoin 4:11; 5:3. Tar éis na scrioptúir a léamh, déan plé ar an gceist seo:

  • Bunaithe ar na scrioptúir seo, cén chaoi ar féidir linn ár mbuíochas a léiriú?

4. Déan aithris ar Íosa

Bealach eile lenár mbuíochas a chur in iúl d’Íosa ná haithris a dhéanamh air. Léigh 1 Peadar 2:21, ansin plé an cheist seo:

  • Cé na bealaí ar féidir linn coiscéimeanna Íosa a leanúint?

5. Bí i láthair ag Cuimhneachán Bhás Chríost

Chun a fháil amach céard a tharla nuair a chuir Íosa tús le Suipéar an Tiarna, léigh Lúcás 22:14, 19, 20. Ansin plé na ceisteanna a leanann:

  • Céard a tharla ag Suipéar an Tiarna?

  • Cé dó a sheasann an fíon agus an t-arán? Féach ar véarsaí 19 agus 20.

Bhí Íosa ag iarraidh go ndéanfadh a chuid deisceabal comóradh ar a bhás uair sa mbliain cothrom an lae ar bhásaigh sé. Mar sin, tagann Finnéithe Iehova le chéile chun comóradh a dhéanamh ar a bhás de réir mar a d’ordaigh sé. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an gcruinniú tábhachtach seo seinn an FÍSEÁN. Ansin plé an cheist a leanann.

  • Céard a tharlaíonn ag an gCuimhneachán?

Is siombailí iad an t-arán agus an fíon. Seasann an t-arán do chorp fhoirfe Íosa a thug sé mar íobairt ar ár son. Seasann an fíon dá chuid fola

DEIR DAOINE ÁIRITHE: “Níl ort ach creidiúint in Íosa le go sábhálfar thú.”

ACHOIMRE

Léiríonn muid ár meas ar gach a ndearna Íosa dúinn trí dhea-oibreacha ár gcreideamh agus trí fhreastal ar Chuimhneachán a bháis.

Súil Siar

  • Cén chaoi a léireofá go gcreideann tú in Íosa?

  • Cén chaoi ar mhaith leatsa do mheas a léiriú ar gach a ndearna Iehova agus Íosa duit?

  • Cén fáth a bhfuil sé tábhachtach freastal ar Chuimhneachán Bhás Chríost?

Sprioc

FIOSRAIGH

Cén chaoi a spreagann bás Chríost muid?

He Used His Body to Honor Jehovah (9:28)

Foghlaim faoi dhea-oibreacha a léiríonn ár gcreideamh.

“Exercise Your Faith in Jehovah’s Promises” (The Watchtower, Deireadh Fómhair 2016)

Sa scéal “I Feel Clean, Alive, and Whole,” féach ar mar a d’athraigh saol mná nuair a d’fhoghlaim sí faoi íobairt Chríost.

“The Bible Changes Lives” (The Watchtower, 1 Lúnasa, 2011)

Cén fáth nach gcaitheann ach grúpa beag an t-arán agus an fíon ag an gCuimhneachán?

“Why Do Jehovah’s Witnesses Observe the Lord’s Supper Differently From the Way Other Religions Do?” (Alt ar líne)