Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 30

Is Féidir le Do Dhaoine Muinteartha Maireachtáil Arís!

Is Féidir le Do Dhaoine Muinteartha Maireachtáil Arís!

Is cúis mhór bróin agus buairt é an bás. Sin é an fáth a dtugann an Bíobla namhaid air. (1 Corantaigh 15:26) I gCeacht a 27, d’fhoghlaim muid go gcuirfidh Iehova deireadh leis an mbás. Ach céard a tharlóidh do na mairbh? Sa gceacht seo, foghlaimeoidh muid faoi ghealltanas eile a thug Iehova—tógfaidh sé na billiúin duine ón mbás le maireachtáil go deo. An féidir leis sin tarlú? An mairfidh siad ar neamh nó ar talamh?

1. Céard atá Iehova ag iarraidh a dhéanamh dár ndaoine muinteartha a fuair bás?

Is fada le hIehova go mbeidh na mairbh ar ais ina mbeo arís. Bhí Iób cinnte nach ndéanfadh Dia dearmad air nuair a gheobhadh sé bás. Dúirt sé le Dia: “Ghlaofá orm ansin, agus thabharfainn freagra ort [ón Uaigh].”—Léigh Iób 14:13-15 New World Translation.

2. Cén chaoi a bhfuil a fhios againn go mbeidh aiséirí ag na mairbh?

Nuair a bhí Íosa ar an talamh, thug Dia an chumhacht dó daoine a thógáil ó mhairbh. Thóg Íosa cailín a bhí 12 bliain d’aois agus mac baintrí ón mbás. (Marcas 5:41, 42; Lúcás 7:12-15) Níos déanaí, fuair Lazaras, cara le hÍosa, bás. Cé go raibh Lazaras cheithre lá san uaigh, thóg Íosa ó mhairbh é. Tar éis achainí a dhéanamh ar Dhia, dúirt Íosa: “Lazaras, tar amach!” Agus “tháinig an marbhán amach”—beo! (Eoin 11:43, 44) Samhlaigh an luachair a bhí ar chairde agus ar chlann Lazaras!

3. Cén dóchas atá ann dár ndaoine muinteartha a fuair bás?

Geallann an Bíobla: “Go bhfuil aiséirí le bheith” ann. (Gníomhartha 24:15) Ní dheachaigh na daoine a thóg Íosa ó mhairbh suas ar neamh. (Eoin 3:13) Mhair siad go sona anseo ar an talamh nuair a tógadh ó mhairbh iad. Is gearr go dtógfaidh Íosa na billiúin duine ó mhairbh chun maireachtáil go deo i bparthas ar an talamh. Dúirt sé go mbeadh aiséirí ag gach “a bhfuil sna tuamaí”—fiú iad siúd a bhfuil dearmad déanta orthu ach atá i gcuimhne Dé.—Eoin 5:28, 29.

DÉAN TAIGHDE

Scrúdaigh an fhianaise atá sa mBíobla a léiríonn gur féidir agus go dtógfar na mairbh ón mbás. Foghlaim faoin gcaoi a dtugann an t-aiséirí sólás agus dóchas dúinn.

4. Tá sé cruthaithe ag Íosa gur féidir leis na mairbh a thógáil ón mbás

Foghlaim tuilleadh faoi gach a ndearna Íosa dá chara Lazaras. Léigh Eoin 11:14, 38-44, ansin plé na ceisteanna a leanann:

  • Cén chaoi a bhfuil a fhios againn go raibh Lazaras marbh? Féach ar véarsa 39.

  • Dá mbeadh Lazaras ar neamh, an gceapfá go dtabharfadh Íosa ar ais chun na talún é?

Seinn an FÍSEÁN.

5. Tógfar slua mór ó na mairbh

Léigh Salm 37:29, ansin plé an cheist seo:

  • Cén áit a mairfidh na billiúin a thógfar ó mhairbh?

Ní hiad adhraitheoirí Iehova amháin a thógfaidh Íosa ó mhairbh. Léigh Gníomhartha 24:15, ansin plé an cheist seo:

  • Cén duine atá tú ag súil a fheiceáil san aiséirí?

Cuimhnigh go bhfuil sé chomh héasca ag Íosa duine a thógáil ó mhairbh is atá sé ag athair páiste a dhúiseacht as a chodladh

6. Is féidir leis an aiséirí dóchas agus sólás a thabhairt duit

Tugann an cuntas atá sa mBíobla faoi iníon Iáras dóchas agus spreagadh dóibh siúd atá faoi bhrón. Léigh faoin scéal seo i Lúcás 8:40-42, 49-56.

Sular thóg Íosa iníon Iáras ón mbás, dúirt sé lena hathair: “Ná bíodh eagla ort; ach amháin creid.” (Féach ar véarsa 50.) Cén chaoi a bhféadfadh dóchas an aiséirí cabhrú leatsa . . .

  • nuair a fhaigheann duine a bhfuil cion agat air bás?

  • nuair atá do bheatha i gcontúirt?

Seinn an FÍSEÁN, ansin plé an cheist a leanann.

  • Cén chaoi ar spreag dóchas an aiséirí tuismitheoirí Phelicity?

DEIR DAOINE ÁIRITHE: “Tá sé deacair a chreidiúint gur féidir leis na mairbh maireachtáil arís.”

  • Céard a cheapann tusa?

  • Cé na scrioptúir a d’fhéadfá a úsáid chun a chruthú go mbeidh aiséirí ann?

ACHOIMRE

Geallann an Bíobla go mbeidh aiséirí ag na billiúin duine atá básaithe. Tá Iehova ag iarraidh go mairfidh siad arís, agus tá an chumhacht tugtha aige d’Íosa chun iad a thógáil ó mhairbh.

Súil Siar

  • Cén chaoi a mothaíonn Iehova agus Íosa faoi aiséirí na marbh?

  • Cén áit a mairfidh na billiúin a thógfar ó mhairbh​​—ar neamh nó ar talamh? Cén fáth a ndéarfá é sin?

  • Céard a chuireann ina luí ortsa gur féidir leis na mairbh maireachtáil arís?

Sprioc

FIOSRAIGH

Foghlaim faoi rudaí atá tú in ann a dhéanamh chun déileáil le brón an bháis.

“Help for Those Who Grieve” (Awake! Uimh. 3 2018)

An féidir le prionsabail an Bhíobla cabhrú leis an duine atá faoi bhrón?

When a Loved One Dies (5:06)

Cén chaoi a dtéann daoine óga i ngleic le bás duine muinteartha leo?

An Éiric (2:07)

An bhfaighidh aon duine aiséirí chun na bhflaitheas? Cé nach bhfaighidh aiséirí?

“Céard Atá i gCeist le hAiséirí?” (Alt ar líne)