Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 33

An Méid a Bhainfidh Ríocht Dé Amach

An Méid a Bhainfidh Ríocht Dé Amach

Tá Ríocht Dé i réim cheana féin. Is gearr go ndéanfaidh sí athruithe móra ar an domhan. Déanfaidh muid plé anois ar na rudaí iontacha ar féidir leat a bheith ag tnúth leo faoi Ríocht Dé.

1. Cén chaoi a gcuirfidh Ríocht Dé an tsíocháin agus an chóir i réim arís?

Scriosfaidh Íosa rialtais agus drochdhaoine ag cogadh Harmagadón. (Apacailipsis 16:14, 16) Ag an am sin, comhlíonfar an gealltanas seo: “Ní fada go mbeidh deireadh leis an drochdhuine. Féach a ionad! Ní ann dó feasta.” (Salm 37:10) Ag úsáid Ríocht Dé, déanfaidh Íosa cinnte go mbeidh an tsíocháin agus an chóir i réim ar an talamh.—Léigh Íseáia 11:4.

2. Cén chaoi a mbeidh an saol nuair a dhéanfar toil Dé ar an talamh?

Faoi réimeas Ríocht Dé, “tiocfaidh na fíréin in oidhreacht na talaimh agus mairfidh siad ann go brách.” (Salm 37:29) Samhlaigh maireachtáil ag am ina mbeidh an domhan lán de dhaoine maithe, grá ag cách d’Iehova agus dá chéile, agus chuile dhuine in ann maireachtáil go deo i mbarr na sláinte.

3. Céard a bhainfidh Ríocht Dé amach?

Rialóidh Íosa mar Rí ar feadh 1,000 bliain tar éis dó na drochdhaoine a scrios. Cabhróidh sé féin agus a 144,000 comhrialtóirí an cine daonna a thabhairt chun foirfeachta. Ag deireadh an ama sin, beidh an domhan ina pharthas agus beidh chuile dhuine sona sásta ag baint tairbhe as a n-umhlaíocht de dhlíthe Iehova. Ansin tabharfaidh Íosa an ríocht dá Athair, Iehova. Agus ‘naomhófar ainm’ Iehova ar bhealach nár rinneadh riamh cheana. (Matha 6:9, 10) Beidh sé cruthaithe ansin gur Rialtóir maith é Iehova. Cuirfidh Iehova deireadh le Sátan, na deamhain agus duine ar bith a chuirfidh in aghaidh a thiarnais. (Apacailipsis 20:7-10) Beidh an domhan ina pharthas go deo faoi riail Ríocht Dé.

DÉAN TAIGHDE

Smaoinigh ar an gcúis gur féidir linn a bheith muiníneach go n-úsáidfidh Dia an Ríocht chun gealltanais an Bhíobla a chomhlíonadh.

4. Cuirfidh Ríocht Dé deireadh le rialtais dhaonna

“Smachtaíonn duine amháin duine eile chun a aimhleasa.” (Cóheilit 8:9) Cuirfidh Iehova i gceart an éagóir atá déanta.

Léigh Dainéil 2:44 agus 2 Teasalónaigh 1:6-8, ansin plé na ceisteanna a leanann:

  • Céard a dhéanfaidh Iehova agus a Mhac, Íosa, le rialtais dhaonna agus a lucht leanúna?

  • Cén chaoi a ndeimhníonn gach atá foghlamtha agat faoi Iehova agus Íosa go bhfuil siad cóir agus trócaireach?

5. Is Rí den scoth é Íosa

Mar Rí ar Ríocht Dé, déanfaidh Íosa a dhícheall ar son a dhaoine. Seinn an FÍSEÁN agus féach mar a léirigh Íosa go bhfuil fonn air agus go bhfuil an chumhacht ó Dhia aige chun cabhrú le daoine.

Nuair a bhí Íosa ar an talamh, thug sé léargas ar an méid a dhéanfaidh Ríocht Dé. Cé na beannachtaí atá luaite anseo a bhfuil tusa ag tnúth leo? Chun foghlaim faoi na beannachtaí sin léigh na scrioptúir a leanann.

NUAIR A BHÍ ÍOSA AR AN TALAMH . . .

Ó NEAMH . . .

  • cuirfidh Íosa deireadh leis an ocras.—Salm 72:16.

  • cinnteoidh Íosa go mbeidh sláinte mhaith ag chuile dhuine.—Íseáia 33:24.

6. Beidh an saol go maith faoi Ríocht Dé

Mairfidh daoine go deo i bparthas ar talamh mar a bhí leagtha amach ag Iehova dóibh ón tús. Seinn an FÍSEÁN chun foghlaim faoin mbealach a bhfuil Iehova ag oibriú trína Mhac Íosa, chun a chuspóir a chur i gcrích.

Léigh Salm 145:16, ansin plé an cheist a leanann:

  • Cén chaoi a mothaíonn tú agus fios agat go ‘sásóidh Iehova a bhfuil beo’?

DEIR DAOINE ÁIRITHE: “Má oibríonn muid as lámh a chéile is féidir linn fadhbanna an domhain a réiteach.”

  • Céard iad na fadhbanna a réiteoidh Ríocht Dé nach féidir le rialtais dhaonna a réiteach?

ACHOIMRE

Tabharfaidh an Ríocht cuspóir Dé chun críche. Déanfaidh sí parthas den talamh, mairfidh daoine maithe air, agus beidh siad ag adhradh Iehova go deo.

Súil Siar

  • Cén chaoi a naomhóidh Ríocht Dé ainm Iehova?

  • Cén fáth ar féidir linn a chreidiúint go dtiocfaidh gealltanais an Bhíobla fíor?

  • Cé na rudaí a dhéanfar faoin Ríocht a bhfuil tú ag tnúth leo?

Sprioc

FIOSRAIGH

Faigh amach céard a tharlóidh le linn agus ag deireadh réimeas 1,000 bliain Íosa.

“What Will Happen on Judgment Day?” (The Watchtower, 1 Meán Fómhair, 2012)

Féach ar bhealaí ar féidir le teaghlaigh machnamh le chéile ar na beannachtaí atá le teacht.

See Yourself in Paradise (1:50)

Sa mír “I Was Troubled by Many Questions,” faigh amach faoin gcaoi ar aimsigh reibiliúnach polaitiúil freagraí.

“The Bible Changes Lives” (The Watchtower, 1 Eanáir, 2012)