Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 35

An Chaoi le Cinntí Maithe a Dhéanamh

An Chaoi le Cinntí Maithe a Dhéanamh

Bíonn cinntí le déanamh againn go léir. Is féidir le go leor do na cinntí seo dul i bhfeidhm orainn agus ar ár gcairdeas le hIehova. Mar shampla, b’fhéidir go mbeadh orainn cinneadh a dhéanamh faoi cá gcónóidh muid, cén obair a bheidh againn nó an bpósfaidh muid. Nuair a dhéanann muid cinntí maithe, is féidir linn saol sona a bheith againn agus beidh Iehova sásta linn.

1. Cén chaoi ar féidir leat an Bíobla a úsáid chun cinntí maithe a dhéanamh?

Sula ndéanfaidh tú cinneadh, iarr cabhair ar Iehova agus faigh a dhearcadh trí scrúdú a dhéanamh ar an mBíobla. (Léigh Seanfhocail 2:3-6.) Tugann Iehova ordú soiléir i gcásanna áirithe. Sa gcás sin, is fearr a threoir a leanúint.

Céard a dhéanfaidh tú mura bhfuil aon ordú soiléir sa mBíobla chun thú a threorú? Treoróidh Iehova thú “sa treo is dual duit.” (Íseáia 48:17) Cén chaoi? B’fhéidir go bhfuil prionsabail ann a chabhróidh leat. Is fírinní bunúsacha iad prionsabail an Bhíobla a léiríonn smaointe agus mothúcháin Dé. Is minic a fhaigheann muid léargas ar mhothúcháin Dé nuair a léann muid cuntais sa mBíobla. Nuair a thuigeann muid an bealach a mothaíonn Iehova, is féidir linn cinntí a dhéanamh a shásóidh é.

2. Céard ar cheart dúinn a chur san áireamh sula ndéanann muid cinneadh?

Deir an Bíobla: “Ní thugann an duine críonna léim an daill.” (Seanfhocail 14:15) Ciallaíonn sé seo gur cheart dúinn machnamh a dhéanamh ar ár roghanna sula ndéanfaidh muid cinneadh. Agus do rogha á mheas agat, fiafraigh duit féin: ‘Cén prionsabail ón mBíobla nach mór a chur i bhfeidhm? Cén rogha a thabharfaidh suaimhneas intinne dom? Cén tionchar a bheidh ag mo chinneadh ar dhaoine eile? Ach an cheist is tábhachtaí, an gcuirfidh sé áthas ar Iehova?’—Deotranaimí 32:29.

Tá sé de cheart ag Iehova insint dúinn céard atá ceart agus céard atá mícheart. Nuair a fhoghlaimíonn muid faoina dhlíthe agus a phrionsabail agus nuair atá muid diongbháilte iad a leanúint, tá muid ag cothú coinsias glan. Is é an coinsias an éirim i nádúr an duine a aithníonn an rud atá ceart ón rud atá mícheart. (Rómhánaigh 2:14, 15) Is féidir le coinsias oilte cinntí maithe a dhéanamh.

DÉAN TAIGHDE

Scrúdaigh an ról atá ag prionsabail an Bhíobla agus an coinsias nuair atá tú ag déanamh cinntí.

3. Lig don Bhíobla thú a threorú

Cén chaoi a dtreoraíonn prionsabail an Bhíobla muid nuair atá muid ag déanamh cinntí? Seinn an FÍSEÁN, ansin plé na ceisteanna a leanann.

  • Céard í saorthoil?

  • Cén fáth ar thug Iehova saorthoil dúinn?

  • Céard atá curtha ar fáil aige chun cabhrú linn lenár saorthoil a úsáid ar an mbealach is fearr?

Scrúdaigh sampla de phrionsabail an Bhíobla, léigh Eifisigh 5:15, 16. Ansin plé an chaoi a bhféadfá an úsáid is fearr a bhaint as do chuid ama chun . . .

  • an Bíobla a léamh go rialta.

  • athruithe chun feabhais a dhéanamh mar chéile pósta, mar thuismitheoir, mar mhac, nó iníon.

  • freastal ar chruinnithe Fhinnéithe Iehova.

4. Traenáil do choinsias chun cinntí maithe a dhéanamh

Nuair a bhíonn ordú soiléir ón mBíobla faoi ábhar, d’fhéadfadh sé a bheith éasca an rogha ceart a dhéanamh. Ach céard a tharlódh mura bhfuil a leithéid d’ordú ann? Seinn an FÍSEÁN, ansin plé an cheist a leanann.

  • Céard a rinne ár ndeirfiúr sa bhfíseán chun a coinsias a thraenáil agus chun cinneadh a shásódh Iehova a dhéanamh?

Cén fáth nár chóir dúinn a bheith ag brath ar dhaoine eile lenár gcinntí a dhéanamh dúinn? Léigh Eabhraigh 5:14, ansin plé na ceisteanna a leanann:

  • Cé go bhféadfadh sé a bheith níos éasca fiafraí de dhuine eile ár gcinntí a dhéanamh dúinn, céard ar cheart dúinn féin a bheith in ann a oibriú amach?

  • Céard atá ar fáil a chabhróidh leat do choinsias a oiliúint agus cinntí maithe a dhéanamh?

Cosúil le léarscáil, cabhraíonn ár gcoinsias linn cinntí maithe a dhéanamh

5. Bíodh meas agat ar choinsias dhaoine eile

Déanann daoine éagsúla cinntí éagsúla. Cén chaoi ar féidir linn meas a léiriú ar choinsias dhaoine eile? Smaoinigh ar dhá chás:

Cás a 1: Bogann deirfiúr a chaitheann smideadh chuig pobal a mbíonn go leor deirfiúracha buartha nuair a fheiceann siad daoine eile ag caitheamh smideadh.

Léigh Rómhánaigh 15:1 agus 1 Corantaigh 10:23, 24, ansin plé na ceisteanna a leanann:

  • Bunaithe ar na véarsaí sin, cén cinneadh a d’fhéadfadh an deirfiúr sin a dhéanamh? Céard a dhéanfaidh tusa má tá tú ag déanamh rud éigin a cheadaíonn do choinsias ach atá ag cur isteach ar choinsias dhuine eile?

Cás a 2: Tá a fhios ag deartháir go gceadaíonn an Bíobla deochanna meisciúla a ól le measarthacht, ach roghnaíonn sé staonadh uaidh. Tugtar cuireadh dó ag cóisir, áit a bhfeiceann sé deartháireacha eile ag ól alcól.

Léigh Cóheilit 7:16 agus Rómhánaigh 14:1, 10, ansin plé na ceisteanna a leanann:

  • Bunaithe ar na véarsaí sin, cén cinneadh a d’fhéadfadh an deartháir sin a dhéanamh? Céard a dhéanfá dá bhfeicfeá duine eile ag déanamh rud nach luíonn le do choinsias?

 Céard a chabhróidh leat cinntí maithe a dhéanamh?

1. Iarr cabhair ar Iehova.—Séamas 1:5.

2. Déan taighde sa mBíobla agus foilseacháin atá bunaithe air chun a theacht ar na prionsabail chuí. Is féidir leat dul i gcomhairle le Críostaithe a bhfuil taithí acu freisin.

3. Smaoinigh ar an tionchar a bheidh ag do chinneadh ar do choinsias agus ar choinsias dhaoine eile.

DEIR DAOINE ÁIRITHE: “Tá cead agat do rogha rud a dhéanamh. Is cuma céard a cheapann daoine eile.”

  • Cén fáth ar chóir dúinn mothúcháin Dé a mheas, chomh maith le mothúcháin dhaoine eile?

ACHOIMRE

Déanann muid cinntí maithe nuair a fhaigheann muid dearcadh Dé, agus nuair a chuireann muid an tionchar atá ag ár ngníomhartha ar dhaoine eile san áireamh.

Súil Siar

  • Cén chaoi ar féidir linn cinntí a dhéanamh a shásóidh Iehova?

  • Cén chaoi ar féidir leat do choinsias a thraenáil?

  • Cén chaoi ar féidir leat meas a léiriú ar choinsias dhaoine eile?

Sprioc

FIOSRAIGH

Cén chaoi a ndéanfaidh tú cinntí a neartóidh do chaidreamh le Dia?

“Make Decisions That Honor God” (The Watchtower, 15 Aibreán, 2011)

Faigh tuiscint níos fearr ar an gcaoi a gcomhairlíonn Iehova muid.

Jehovah Guides His People (9:50)

Féach ar na cúinsí a chabhraigh le fear amháin cinneadh deacair a dhéanamh.

Jehovah Guarantees All That Is Good (5:46)

Foghlaim faoin gcaoi le hIehova a shásamh nuair nach bhfuil treoir shonrach tugtha aige ar ábhar.

“Do You Always Need a Bible Command?” (The Watchtower, 1 Nollaig, 2003)