Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 36

Bí Ionraic i nGach Ní

Bí Ionraic i nGach Ní

Tá gach duine ag iarraidh cairde ionraic. Tá Iehova ag súil go mbeidh a chuid cairde ionraic freisin. Níl sé seo éasca i ndomhan ina bhfuil formhór na ndaoine mí-ionraic. Cén tairbhe a bhaineann lena bheith ionraic i ngach ní?

1. Cén fáth ar chóir dúinn a bheith ionraic?

Léiríonn muid d’Iehova go bhfuil grá againn dó agus meas againn air nuair a bhíonn muid ionraic le daoine eile. Tá a fhios ag Iehova ár smaointe agus ár ngníomhartha. (Eabhraigh 4:13) Tugann sé faoi deara nuair a roghnaíonn muid a bheith ionraic agus bíonn sé sásta linn. Deir Briathar Dé: “Is fuath leis an Tiarna an duine urchóideach; is leis na fíréin amháin a ligeann sé a rún.”Seanfhocail 3:32.

2. Cén chaoi ar féidir linn a bheith ionraic inár saol laethúil?

D’ordaigh Iehova go labhródh “gach duine an fhírinne lena chomharsa.” (Zacairia 8:16, 17) Céard atá i gceist leis seo? Ní bheidh muid ag insint na mbréag agus muid ag comhrá le ball teaghlaigh, comhoibrí, bráithre sa bpobal Críostaí, nó oifigigh rialtais. Ní bhíonn daoine atá ionraic ag goid ó dhaoine eile ná ag déanamh calaoise orthu. (Léigh Seanfhocail 24:28 agus Eifisigh 4:28.) Íocann siad an cháin ar fad atá dlite orthu. (Rómhánaigh 13:5-7) Ar na bealaí seo agus ar bhealaí eile nach iad, “is mian linn sinn féin a iompar mar is cóir i ngach rud.”—Eabhraigh 13:18.

3. Cén tairbhe atá ag baint le bheith ionraic?

Nuair atá cáil an ionracais orainn, bíonn muinín ag daoine eile asainn. Cuireann sé seo go mór leis an atmaisféar sa bpobal Críostaí atá mar theaghlach grámhar. Bíonn coinsias glan againn. Is féidir lenár n-ionracas ‘teagasc Dé, ár slánaitheoir a mhaisiú, i ngach ní’ agus daoine eile a mhealladh chuig an fíor-adhradh.—Títeas 2:10.

DÉAN TAIGHDE

Féach ar an tionchar a bhíonn ag ionracas ar Iehova agus ortsa agus foghlaim le bheith ionraic i ngach ní.

4. Taitníonn ionracas le hIehova

Léigh Salm 44:22 (44:21 i mBíoblaí eile) agus Malaicí 3:16, ansin plé na ceisteanna a leanann:

  • Cén fáth nach féidir an fhírinne a cheilt?

  • Cén chaoi a mothaíonn Iehova nuair a roghnaíonn muid an fhírinne a insint fiú nuair nach bhfuil sé éasca?

Nuair a insíonn gasúir an fhírinne, bíonn a gcuid tuismitheoirí sásta. Nuair a insíonn muidne an fhírinne, bíonn Iehova sásta

5. Bí ionraic i gcónaí

Creideann go leor daoine nach bhfuil sé praiticiúil a bheith ionraic. Ach smaoineamh ar an gcúis ar chóir dúinn a bheith ionraic i gcónaí. Seinn an FÍSEÁN.

Léigh Eabhraigh 13:18, ansin plé an bealach ar féidir linn a bheith ionraic . . .

  • leis an gclann.

  • ag an obair nó ar scoil.

  • ag amanna eile.

6. Tá tairbhe ag baint le hionracas

D’fhéadfadh fadhbanna a bheith dá bharr ach i ndeireadh na dála, is é an rud is fearr é. Léigh Salm 34:13-17 (34:12-16 i mBíoblaí eile), ansin plé an cheist seo:

  • Cén chaoi a ndéanann ionracas do shaol níos fearr?

  1. Neartaíonn ionracas an saol pósta

  2. Bíonn muinín ag fostóirí in oibrí atá ionraic

  3. Bíonn dea-cháil ag oifigigh rialtais ar shaoránaigh atá ionraic

DEIR DAOINE ÁIRITHE: “Níl dochar ar bith i gcorr bhréag.”

  • Cén fáth a gceapann tú gur fuath le hIehova bréaga?

ACHOIMRE

Tá Iehova ag iarraidh go mbeidh a chairde ionraic i ngach ní.

Súil Siar

  • Céard iad roinnt bealaí ar féidir linn a bheith ionraic?

  • Cén fáth nach bhfuil sé ciallmhar a bheith ag ceapadh gur féidir linn an fhírinne a cheilt?

  • Cén fáth a bhfuil tusa ag iarraidh a bheith ionraic i gcónaí?

Sprioc

FIOSRAIGH

Cén chaoi ar féidir le tuismitheoirí múineadh dá bpáistí le bheith ionraic?

Bí Fírinneach (1:44)

Cén tairbhe atá ag baint lenár ngealltanais a chomhlíonadh?

Keep Promises, Receive Blessings (9:09)

Smaoinigh ar an gcúis a gcaithfidh muid ár gcáin a íoc fiú má bhaintear mí-úsáid aisti.

“Taxes—Must You Pay Them?” (The Watchtower, 1 Meán Fómhair, 2011)

Céard a spreag fear a bhí mí-ionraic le hathruithe a dhéanamh ina shaol agus maireachtáil go hionraic?

“I Learned That Jehovah Is Merciful and Forgiving” (The Watchtower, 1 Bealtaine, 2015)