Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 40

Cén Chaoi Ar Féidir Linn a Bheith Glan i Súile Iehova?

Cén Chaoi Ar Féidir Linn a Bheith Glan i Súile Iehova?

Samhlaigh máthair ghrámhar ag fáil a mac óg réidh i gcóir na scoile. Déanann sí cinnte go bhfuil sé féin agus a chuid éadaí néata agus glan. Coinníonn sé seo sláintiúil é agus léiríonn sé go bhfuil a chuid tuismitheoirí ag tabhairt aire mhaith dó. Tá ár nAthair grámhar Iehova, ag iarraidh orainn a bheith glan—go fisiciúil agus go morálta. Bíonn tairbhe ann dúinne agus tugann muid onóir dósan.

1. Cén chaoi ar féidir linn a bheith glan go fisiciúil?

Deir Iehova linn: “Bígí naofa.” (1 Peadar 1:​16) Tá naofacht ceangailte le glaineacht fhisiciúil agus glaineacht mhorálta. Is féidir linn a bheith glan go fisiciúil má níonn muid muid féin go rialta agus ár gcuid éadaí, ár dteach, agus ár ngluaisteán a choinneáil glan agus néata. Is féidir linn cabhrú lenár Ríocht-halla a choinneáil glan freisin. Tugann muid onóir d’Iehova nuair a bhíonn muid glan go fisiciúil.—2 Corantaigh 6:​3, 4.

2. Céard iad na nósanna ar chóir dúinn a sheachaint?

Deir an Bíobla: “glanaimis dínn gach smál coirp agus anama.” (2 Corantaigh 7:1) Mar sin, déanann muid gach iarracht aon rud a dhéanann dochar dár gcolainn agus dár n-intinn a sheachaint. Ba chóir go mbeadh ár smaointe sásúil d’Iehova, mar sin ní mór dúinn smaointe míchuí a sheachaint. (Salm 104:34) Déanann muid gach iarracht ár gcaint a bheith glan freisin.—Léigh Colosaigh 3:8.

Cé na nithe eile atá neamhghlan go fisiciúil agus go morálta? Tá roinnt substaintí ann atá in ann damáiste a dhéanamh dár gcolainn. Dá bhrí sin, ní chaitheann muid tobac, cnó beitil, duilleoga cóca ná drugaí ar mhaithe le pléisiúr. Bíonn muid níos sláintiúla agus léiríonn muid meas ar bhronntanas na beatha. Déanann muid ár ndícheall freisin a bheith glan go morálta trí dhroim láimhe a thabhairt do nósanna neamhghlan, rudaí cosúil le glacaireacht agus a bheith ag féachaint ar phornagrafaíocht. (Salm 119:37; Eifisigh 5:5) D’fhéadfadh sé a bheith deacair an ceann is fearr a fháil ar na nósanna seo, ach cabhraíonn Iehova linn.—Léigh Íseáia 41:13.

DÉAN TAIGHDE

Smaoinigh ar an mbealach a dtugann muid onóir d’Iehova trína bheith glan go fisiciúil agus an bealach le nósanna neamhghlan a shárú.

3. Tugann glaineacht fhisiciúil onóir d’Iehova

Is féidir linn dearcadh Iehova ar ghlaineacht a fháil trí scrúdú a dhéanamh ar na horduithe a thug sé do na hIosraeilítigh. Léigh Eaxodus 19:10 agus 30:​17-​19, ansin plé na ceisteanna seo:

  • Céard a léiríonn na véarsaí seo dúinn faoi dhearcadh Iehova ar ghlaineacht?

  • Céard is féidir leat a dhéanamh go rialta chun a bheith glan go fisiciúil?

Tá am agus iarracht i gceist le glaineacht fhisiciúil. Ach is féidir linn é sin a dhéanamh is cuma saibhir nó daibhir muid nó pé áit a gcónaíonn muid. Seinn an FÍSEÁN, ansin plé an cheist a leanann.

  • Cén chaoi a dtugann sé ómós don obair chraobhscaoilte má bhíonn muid glan agus néata?

4. Ag sárú drochnósanna

Is féidir le hIehova cabhrú linn drochnósanna a shárú

Má tá tú ag caitheamh tobac nó ag baint mí-úsáid as drugaí, tá sé deacair an drochnós seo a shárú. Céard atá in ann cabhrú leat? Smaoinigh ar an tionchar a bhíonn ag an drochnós sin ort. Léigh Matha 22:​37-​39, ansin plé an tionchar atá ag tobac nó ag mí-úsáid drugaí . . .

  • ar an gcaidreamh atá ag duine le hIehova.

  • ar theaghlach dhuine agus a chomhluadar.

Leag síos plean chun an drochnós sin a shárú. a Seinn an FÍSEÁN.

Léigh Filipigh 4:​13, ansin plé an cheist seo:

  • Cén chaoi ar féidir le dea-chleachtais rialta, ar nós guí, staidéar Bíobla, agus freastal ar chruinnithe, cabhrú linn le drochnósanna a shárú?

5. Diúltaigh smaointe agus nósanna neamhghlan

Léigh Colosaigh 3:​5, ansin plé na ceisteanna seo:

  • Cén chaoi a bhfuil a fhios againn go bhfuil pornagrafaíocht, gnéastéacsáil, agus glacaireacht neamhghlan i súile Iehova?

  • An bhfuil sé réasúnta go mbeadh Iehova ag súil go mbeadh muid glan go morálta? Cén fáth?

Faigh amach faoin mbealach ar féidir diúltú do smaointe neamhghlan. Seinn an FÍSEÁN.

D’úsáid Íosa parabal chun a léiriú go gcaithfidh muid déanamh cinnte go bhfanfaidh muid glan go morálta. Léigh Matha 5:​29, 30, ansin plé na ceisteanna seo:

  • Cé nach raibh sé i gceist ag Íosa go ndéanfadh muid dochar dúinn féin go fisiciúil, léirigh sé an gá atá le gníomhú. Céard is féidir le duine a dhéanamh chun smaointe neamhghlan a sheachaint? b

Má tá tú ag déanamh iarracht an ceann is fearr a fháil ar smaointe neamhghlan, is iarracht luachmhar é sin i súile Iehova. Léigh Salm 103:​13, 14, ansin plé an cheist seo:

  • Má tá tú ag streachailt le nós neamhghlan, cén chaoi a gcabhraíonn an scrioptúr seo leat?

Ná tabhair suas!

D’fhéadfá a bheith ag rá leat féin, ‘theip orm, tá sé chomh maith dom tabhairt suas.’ Smaoinigh ar seo: Nuair a thiteann reathaí, ní chiallaíonn sé sin go bhfuil an rás caillte aige, agus ní chiallaíonn sé go gcaithfidh sé an rás a thosú arís. Mar an gcéanna, má thugann tú isteach don chleachtas uair amháin ní chiallaíonn sé sin gur theip ort é a shárú. Agus ní chuireann sé ar ceal an dul chun cinn atá déanta agat go dtí seo. B’fhéidir nach n-éireoidh leat i gcónaí—ach tá tú ag déanamh do dhícheall. Ná tabhair suas! Is féidir leat an drochnós a shárú le cabhair Iehova.

DEIR DAOINE ÁIRITHE: “Tá greim ag an drochnós orm. Ní féidir liom stopadh.”

  • Cén scrioptúr a d’fhéadfá a úsáid chun a léiriú do dhuine gur féidir leis drochnósanna a stopadh le cabhair Iehova?

ACHOIMRE

Bíonn Iehova sásta linn nuair a choinníonn muid ár gcolainn, ár n-intinn agus ár n-iompar glan.

Súil Siar

  • Cén fáth a bhfuil sé tábhachtach a bheith glan?

  • Cén chaoi ar féidir leat a bheith glan go fisiciúil?

  • Cén chaoi ar féidir leat do smaointe agus d’iompar a choinneáil glan?

Sprioc

FIOSRAIGH

Céard iad na rudaí simplí ar féidir leat a dhéanamh le bheith glan go fisiciúil, fiú mura bhfuil mórán agat?

Health and Hygiene—Handwashing (3:​01)

Aimsigh céimeanna praiticiúla atá cabhrach chun stopadh ag caitheamh tobac.

“How to Quit Smoking” (Awake!, Bealtaine 2010)

Faigh amach faoin gcaoi ar éirigh le fear amháin an ceann is fearr a fháil ar an bpornagrafaíocht.

“I Failed Many Times Before I Succeeded” (The Watchtower Uimh. 4 2016)

a Míníonn an t-alt ““How to Quit Smoking,” atá ar fáil faoi Fiosraigh sa gceacht seo, na céimeanna praiticiúla is féidir a thógáil chun andúil a shárú.

b Chun an ceann is fearr a fháil ar ghlacaireacht, féach “How Can I Conquer the Habit of Masturbation?” sa leabhar Questions Young People Ask—Answers That Work, Volume 1, caibidil 25.