Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 41

Céard atá Ráite sa mBíobla Faoi Chaidreamh Gnéis?

Céard atá Ráite sa mBíobla Faoi Chaidreamh Gnéis?

Mothaíonn go leor daoine míchompordach ag caint faoi ghnéas. Ach, nuair a dhéanann an Bíobla tagairt de ghnéas, déanann sé é ar bhealach measúil. Téann gach a bhfuil ráite ann chun tairbhe dúinn. Déanann sé sin ciall, de bhrí gurb é Iehova ár gCruthaitheoir. Tá a fhios aige céard a théann chun tairbhe dúinn. Léiríonn sé dúinn an bealach ar féidir é a shásamh lenár n-oibreacha agus cuireann sé ar a súile dúinn an méid is gá a dhéanamh le maireachtáil go deo.

1. Cén dearcadh atá ag Iehova ar ghnéas?

Is bronntanas ó Dhia é an gnéas. Is mian leis go mbeadh fear agus bean atá pósta lena chéile in ann sult a bhaint as. Ní amháin go dtugann gnéas deis do lánúin páistí a bheith acu ach is bealach é a thugann deis dóibh a ngrá agus a gcion a léiriú dá chéile ar bhealach grámhar nádúrtha. Sin í an chúis a ndeir Briathar Dé: “Bíodh suáilceas agat i gcomhluadar na mná a phós tú i d’óige.” (Seanfhocail 5:​18, 19) Tá Iehova ag iarraidh go mbeadh Críostaithe pósta dílis dá gcéile, sa gcaoi is nach ndéanfaidís adhaltranas choíche.—Léigh Eabhraigh 13:4.

2. Céard is brí le mímhoráltacht gnéis?

Deir an Bíobla linn “nach bhfaighidh . . . adhaltraigh . . . ríocht Dé mar oidhreacht.” (1 Corantaigh 6:​9, 10) D’úsáid scríbhneoirí an Bhíobla a bhí ag scríobh i nGréigis an focal por·neiʹa agus iad ag cur síos ar mhímhoráltacht gnéis. Tá réimse bríonna leis an bhfocal: (1) caidreamh gnéis a idir daoine nach bhfuil pósta lena chéile, (2) homaighnéasacht, agus (3) béistiúlacht. Bíonn Iehova sásta linn agus téann sé chun tairbhe dúinn féin nuair a ‘sheachnaíonn muid an drúis (nó, mímhoráltacht gnéis).’—1 Teasalónaigh 4:3.

DÉAN TAIGHDE

Smaoinigh ar an mbealach ar féidir leat mímhoráltacht gnéis a sheachaint agus an tairbhe atá ag baint le fanacht glan go morálta.

3. Seachnaígí mímhoráltacht gnéis

Bhí sé deacair ag an bhfear dílis Iósaef mímhoráltacht a sheachaint. Léigh Geineasas 39:​1-​12, ansin plé na ceisteanna seo:

  • Céard a chabhraigh le hIósaef teitheadh? —Féach véarsa 9.

  • An gceapann tú go ndearna Iósaef an cinneadh ceart? Cén fáth?

Cén chaoi ar féidir le daoine óga fanacht glan ar mhímhoráltacht gnéis sa lá atá inniu ann? Seinn an FÍSEÁN.

Tá Iehova ag iarraidh orainn chuile chineál mímhoráltacht a dhiúltú. Léigh 1 Corantaigh 6:​18, ansin plé na ceisteanna seo:

  • Céard a d’fhéadfadh cathú chun mímhoráltacht gnéis a chur ar dhuine?

  • Cén chaoi ar féidir leat mímhoráltacht a sheachaint?

4. Is féidir leat gan géilleadh don chathú

Cén fáth a bhfuil sé deacair droim láimhe a thabhairt do mhímhoráltacht gnéis? Seinn an FÍSEÁN, ansin plé an cheist a leanann.

  • Céard a rinne an deartháir sa bhfíseán nuair a thuig sé go bhféadfadh sé a bheith mídhílis dá bhean chéile de bharr a chuid smaointe agus a chuid gníomhartha?

Bíonn Críostaithe dílse ag streachailt le smaointe neamhghlan ag amanna. Céard a chabhródh leat le smaointe mímhorálta a sheachaint? Léigh Filipigh 4:​8, ansin plé na ceisteanna seo:

  • Cén saghas rudaí ar choir dúinn a bheith ag smaoineamh orthu?

  • Cén chaoi a gcabhraíonn léitheoireacht Bíobla agus a bheith gnóthach i seirbhís Iehova linn gan géilleadh don pheaca?

5. Téann caighdeáin Iehova chun tairbhe dúinn

Tá a fhios ag Iehova céard a théann chun tairbhe dúinn. Taispeánann sé an bealach dúinn le fanacht glan go morálta agus na buntáistí a bhaineann leis. Léigh Seanfhocail 7:​7-​27 seinn an FÍSEÁN, ansin plé na ceisteanna a leanann.

  • Cén chaoi ar mealladh an fear óg? —Féach Seanfhocail 7:​8, 9.

  • De réir Seanfhocail 7:​23, 26, bíonn toradh tubaisteach ar mhímhoráltacht gnéis. Má fhanann muid glan go morálta, cé na fadhbanna a sheachnóidh muid?

  • Cén chaoi a gcabhróidh glaineacht mhorálta?

Bíonn roinnt daoine den tuairim nach bhfuil gach a ndeir an Bíobla faoi homaighnéasacht grámhar. Ach is Dia grámhar é Iehova, atá ag iarraidh go mairfidh gach duine go deo. Chun é sin a dhéanamh, caithfidh muid maireachtáil de réir a chaighdeáin. Léigh 1 Corantaigh 6:​9-​11, ansin plé an cheist seo:

  • An iad mianta homaighnéasacha amháin nach bhfuil ceart de réir Dé?

Caithfidh muid ar fad athraithe a dhéanamh chun Dia a shásamh. An fiú na hathruithe a dhéanamh? Léigh Salm 19:​9, 12 (19:​8, 11 i mBíoblaí eile), ansin plé na ceisteanna seo:

  • An gceapann tú go bhfuil caighdeáin mhorálta Iehova réasúnach? Cén fáth a gceapann tú go bhfuil nó nach bhfuil?

Chabhraigh Iehova le go leor daoine maireachtáil de réir a chaighdeáin morálta. Cabhróidh sé leatsa freisin

DEIR DAOINE ÁIRITHE: “Tá sé ceart go leor caidreamh gnéis a bheith idir beirt chomh fada is go bhfuil siad i ngrá.”

  • Céard a déarfá?

ACHOIMRE

Is bronntanas ó Iehova é an gnéas le go mbainfeadh fear agus bean chéile sult as.

Súil Siar

  • Céard atá i gceist le mímhoráltacht gnéis?

  • Céard a chabhróidh linn mímhoráltacht gnéis a sheachaint?

  • Cén tairbhe atá le fáil againn nuair a leanann muid caighdeáin mhorálta Iehova?

Sprioc

FIOSRAIGH

Scrúdaigh an chúis go dteastaíonn ó Iehova go mbeadh fear agus bean atá ag iarraidh cónaí le chéile pósta.

“Céard Atá Ráite sa mBíobla Faoina Bheith ag Cónaí Le Chéile Gan Pósadh?” (Alt ar líne)

Faigh amach faoin gcúis nach gcuireann caighdeáin an Bhíobla fuath do dhaoine homaighnéasach chun cinn.

“Is Homosexuality Wrong?” (Alt ar líne)

Foghlaim faoin mbealach a gcosnaíonn dlíthe Dé maidir le cleachtais ghnéis muid.

“Is Oral Sex Really Sex?” (Alt ar líne)

San alt “They Treated Me With Dignity,” féach céard a spreag fear homaighnéasach lena shaol a athrú chun Iehova a shásamh.

“The Bible Changes Lives” (The Watchtower, 1 Aibreán, 2011)

a San áireamh sna cleachtais nach bhfuil ceadaithe tá caidreamh collaí, gnéas béil, gnéas tóna agus a bheith ag láimhseáil baill ghiniúnacha dhuine eile ar bhealach gnéasach.