Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 42

Céard atá Ráite sa mBíobla Faoin bPósadh agus Faoina Bheith Singil?

Céard atá Ráite sa mBíobla Faoin bPósadh agus Faoina Bheith Singil?

I gcultúir áirithe, bíonn daoine den tuairim nach féidir le duine a bheith sona go dtí go mbeidh sé nó sí pósta. Ach fós, níl chuile dhuine atá pósta sona agus níl chuile dhuine atá singil míshona. Is í fírinne an scéil go ndeir an Bíobla gur bronntanas ó Iehova a bheith pósta nó fanacht singil.

1. Cé na buntáistí a bhaineann le bheith singil?

Deir an Bíobla: “Mar sin an té a phósann, beidh rud maith déanta aige ach an té nach bpósann, beidh rud níos fearr déanta aige.” (Léigh 1 Corantaigh 7:​32, 33, 38, NWT.) Cé na bealaí a ndéanann an duine singil an “rud níos fearr”? Ní bhíonn ar Chríostaithe atá singil aire a thabhairt do riachtanais a gcéile pósta. Mar sin, tá níos mó saoirse acu. Bíonn roinnt acu in ann níos mó a dhéanamh d’Iehova, mar shampla tá siad saor chun taisteal go dtí tíortha eile chun an dea-scéal a chraobhscaoileadh. Thar aon ní eile, tá níos mó ama acu chun a gcaidreamh le hIehova a láidriú.

2. Cé na buntáistí a bhaineann le bheith pósta go dleathach?

Tá buntáistí áirithe ag baint lena bheith pósta freisin. Deir an Bíobla gur “fearr dís (nó beirt) ná duine.” (Cóheilit 4:9) Tá sé seo fíor go mór mór nuair a chuireann Críostaithe prionsabail an Bhíobla i bhfeidhm ina bpósadh. Geallann lánúineacha atá pósta go dleathach go mbeidh ómós agus cion acu ar a chéile. Mar thoradh ar sin, mothaíonn siad go bhfuil níos mó muiníne acu as a chéile ná lánúineacha a chónaíonn le chéile gan pósadh. Is bunús maith é an pósadh le páistí a thógáil.

3. Cén dearcadh atá ag Iehova ar an bpósadh?

Nuair a bhunaigh Iehova an chéad phósadh, dúirt sé: “Fágann an fear a athair agus a mháthair agus cloíonn sé lena bhean.” (Geineasas 2:​24) Tá Iehova ag iarraidh ar fhear agus ar a bhean chéile grá a bheith acu dá chéile agus fanacht le chéile an fhad is atá siad beo. Ní cheadaíonn sé colscaradh ach amháin i gcás adhaltranais. Sa gcás sin, tugann Iehova an ceart don chéile neamhchiontach an cinneadh a dhéanamh an bhfuil sé nó sí ag iarraidh colscaradh. a (Matha 19:9) Ní cheadaíonn Iehova polagamas i measc a dhaoine sa lá atá inniu ann.—1 Tiomóid 3:2.

DÉAN TAIGHDE

Foghlaim faoin gcúis ar féidir leat a bheith sona—agus Iehova a shásamh—más singil nó pósta duit.

4. Cuir do chuid ama chun sochair má tá tú singil

Bhreathnaigh Íosa ar a bheith singil mar bhronntanas. (Matha 19:​11, 12) Léigh Matha 4:​23, ansin plé an cheist seo:

  • Cén chaoi ar úsáid Íosa a chuid ama mar fhear singil chun freastal ar a Athair agus ar dhaoine eile?

Is féidir le Críostaithe singil sásamh a bhaint as a gcuid ama cosúil le hÍosa. Seinn an FÍSEÁN, ansin plé an cheist a leanann.

  • Cé na bealaí fiúntacha a n-úsáideann Críostaithe atá singil a gcuid ama?

An raibh a fhios agat?

Ní thugann an Bíobla aon treoir faoin aois ar chóir do dhuine pósadh. Ach molann sé fanacht go dtí go mbeidh “bláth na hóige” curtha di ag duine, tráth ar féidir le mothúcháin láidre gnéasacha cinntí stuama a chur as a riocht.—1 Corantaigh 7:​36, NWT.

5. Roghnaigh do chéile go cúramach

Tá roghnú do chéile pósta ar cheann de na cinntí is tábhachtaí a dhéanfaidh tú. Léigh Matha 19:​4-6, 9, ansin plé an cheist seo:

  • Cén fáth nár chóir do Chríostaí deifir a bheith air ag pósadh?

Cabhróidh an Bíobla leat tréithe maithe a aithint i nduine agus tú sa tóir ar chéile pósta. Thar aon ní eile, roghnaigh céile a ghránn Iehova. b Léigh 1 Corantaigh 7:​39 agus 2 Corantaigh 6:​14. Ansin plé na ceisteanna seo:

  • Cén fáth nár chóir dúinn ach comhChríostaithe a phósadh?

  • Cén chaoi a mothódh Iehova dá bpósfadh muid duine nach bhfuil á adhradh?

Má tá dhá ainmhí atá an-difriúil ceangailte le chéile, beidh siad ag fulaingt. Mar an gcéanna, beidh go leor fadhbanna ag Críostaí a phósann duine nach ngránn Iehova.

6. Bíodh dearcadh Iehova agat ar an bpósadh

In Iosrael fadó, bhíodh roinnt fir ag fáil colscaradh ar mhaithe leo féin. Léigh Malaicí 2:​13, 14, 16, ansin plé an cheist seo:

  • Cén fáth ar fuath le hIehova colscaradh éagórach?

Gortaíonn adhaltranas agus colscaradh an céile neamhchiontach agus na páistí

Seinn an FÍSEÁN, ansin plé an cheist a leanann:

  • Má tá tú pósta ag duine nach ngránn Iehova, céard is féidir leat a dhéanamh le go mbeadh rath ar do phósadh?

7. Cuir caighdeáin Iehova i bhfeidhm i do phósadh

D’fhéadfadh sé go mbeadh sé deacair caighdeáin Iehova a chur i bhfeidhm sa bpósadh. c Ach cuireann Iehova a bheannacht orthu siúd a dhéanann amhlaidh. Seinn an FÍSEÁN.

Léigh Eabhraigh 13:​4, ansin plé na ceisteanna a leanann:

  • An gceapann tú go bhfuil caighdeáin Iehova maidir le pósadh réasúnach? Cén fáth a bhfuil nó cén fáth nach bhfuil?

Tá Iehova ag súil go mbeadh a bpóstaí agus a gcolscarthaí cláraithe ag Críostaithe, mar gurb é seo an dlí sa gcuid is mó de thíortha an domhain. Léigh Títeas 3:​1, ansin plé an cheist seo:

  • Má tá tú pósta, an bhfuil tú cinnte go bhfuil do phósadh cláraithe go dlíthiúil?

FIAFRAÍONN DAOINE ÁIRITHE: “Cén fáth a bhfuil gá le pósadh? Cén fáth nach féidir le cúpla cónaí lena chéile?”

  • Cén freagra a thabharfá?

ACHOIMRE

Is bronntanas ó Iehova a bheith pósta nó fanacht singil. Is féidir le daoine singil agus pósta araon saol sona sásta a bheith acu agus iad ag maireachtáil de réir toil Iehova.

Súil Siar

  • Cén chaoi ar féidir le duine atá singil an leas is fearr a bhaint as a chuid ama?

  • Cén chúis a ndeir an Bíobla gan ach comhChríostaithe a phósadh?

  • Cén t-aon chúis amháin a bhféadfaí colscaradh a fháil de réir na Scrioptúir?

Sprioc

FIOSRAIGH

Céard atá i gceist le ‘pósadh sa Tiarna’?

“Questions From Readers” (The Watchtower, 1 Iúil, 2004)

Féach ar dhá fhíseán a chabhróidh leat cinntí maithe a dhéanamh faoi chúirtéireacht agus faoi phósadh.

Preparing for Marriage (11:53)

Foghlaim faoin gcúis a mothaíonn deartháir amháin go bhfuil gach ar thug Iehova dó i bhfad níos luachmhaire ná gach ar thug sé suas.

I Was Hoping That She Would Learn the Truth (1:​56)

Céard iad cuid de na rudaí ar chóir do dhuine a chur san áireamh roimh cholscaradh a fháil nó roimh scaradh óna chéile?

“Honor ‘What God Has Yoked Together’” (The Watchtower, Nollaig 2018)

a Féach Aguisín 4 faoi scaradh ón bpósadh nuair nach mbíonn adhaltranas i gceist.

b Má tá tú i do chónaí le duine, is cinneadh pearsanta duit féin an bpósfaidh tú an duine sin nó an bhfágfaidh tú é.

c I gcultúir áirithe, roghnaíonn tuismitheoirí céile pósta dá mac nó dá n-iníon. Sa gcás seo, in ionad béim a chur ar airgead nó ar stádas sóisialta an té atá i gceist, ba chóir do thuismitheoirí grámhara a chinntiú go bhfuil grá ag an duine seo d’Iehova.