CEACHT 45
An Méid atá i gCeist le Neodracht
Dúirt Íosa lena lucht leanúna: “[Ní] den saol sibh.” (Eoin 15:19) Chiallódh sé seo go mbeadh siad neodrach—nach mbeadh aon bhaint acu le cúrsaí polaitíochta ná cogaí. Níl sé éasca a bheith neodrach i gcónaí. D’fhéadfaidh sé go mbeadh daoine ag magadh fúinn de bhrí go bhfuil muid neodrach. Cén chaoi ar féidir linn a bheith neodrach agus fanacht dílis d’Iehova?
1. Cén dearcadh atá ag fíorChríostaithe ar rialtais dhaonna?
Bíonn ómós ag Críostaithe do rialtais. Leanann muid comhairle Íosa, a dúirt: “íocaigí le Céasar na nithe is le Céasar”—sin í an chúis a mbíonn muid umhal do dhlíthe na tíre, agus don dualgas atá orainn cáin a íoc. (Marcas 12:17) Múineann an Bíobla gurb é Iehova a cheadaíonn do rialtais dhaonna rialú. (Rómhánaigh 13:1) Mar sin tuigeann muid go bhfuil údarás na rialtais dhaonna teoranta. Cuireann muid muinín inár nDé agus a Ríocht ar neamh chun fadhbanna an chine daonna a leigheas.
2. Cén chaoi a léiríonn muid go bhfuil muid neodrach?
Cosúil le hÍosa, fanann muid neodrach ó thaobh cúrsaí polaitíochta de. Nuair a chonaic daoine Íosa ag déanamh míorúilt, rinne siad iarracht rí a dhéanamh dó ach níor lig sé céad dóibh. (Eoin 6:15) Cén fáth? Mar dúirt sé níos déanaí, “ní den saol seo mo ríocht.” (Eoin 18:36) Léiríonn muid go bhfuil muid neodrach ar bhealaí éagsúla mar a rinne deisceabail Íosa. Mar shampla, ní ghlacann muid aon pháirt i gcogadh. (Léigh Míocá 4:3.) Léiríonn muid meas ar shiombailí náisiúnta—ar nós bratacha—ach ní thugann muid adhradh dóibh. (1 Eoin 5:21) Ní thaobhaíonn muid le haon pháirtí polaitíochta ná a n-ionadaí agus ní théann muid ina n-aghaidh. Mar sin léiríonn muid go bhfuil muid dílis do Ríocht Dé—nó a rialtas.
DÉAN TAIGHDE
Scrúdaigh roinnt cásanna ina bhféadfadh sé a bheith deacair fanacht neodrach, agus féach mar is féidir leat cinntí a dhéanamh a shásóidh Iehova.
3. Tá fíorChríostaithe neodrach
D’fhág Íosa agus a lucht leanúna eiseamláir againn. Léigh Rómhánaigh 13:1, 5-7 agus 1 Peadar 2:13, 14. Ansin, seinn an FÍSEÁN agus plé na ceisteanna a leanann.
-
Cén fáth ar chóir dúinn meas a léiriú ar rialtais dhaonna?
-
Céard iad na bealaí éagsúla ar féidir linn a léiriú go bhfuil muid umhal dóibh?
Le linn cogaidh bíonn roinnt tíortha ag maíomh go bhfuil siad neodrach, ach tacaíonn siad leis an dá thaobh sa gcoimhlint. Céard atá i gceist le bheith neodrach? Léigh Eoin 17:16. Ansin, seinn an FÍSEÁN agus plé an cheist a leanann.
-
Céard atá i gceist le bheith neodrach?
Céard a dhéanfaidh tú má tá rialtais dhaonna ag cur iallach ort rud éigin a dhéanamh atá in aghaidh dlí Dé? Léigh Gníomhartha 5:28, 29. Ansin, seinn an FÍSEÁN agus plé na ceisteanna a leanann.
-
Má tá dlíthe rialtais dhaonna i gcoimhlint le dlíthe Dé, cé acu dlí a ngéilleann muid dó?
-
An féidir leat smaoineamh ar aon chás nach mbeadh Críostaithe umhal do rialtais dhaonna?
4. Bí neodrach ó thaobh smaointe agus gníomhartha
Léigh 1 Eoin 5:21. Ansin, seinn an FÍSEÁN agus plé na ceisteanna a leanann.
-
Sa bhfíseán, cén fáth a ndearna Ayenge cinneadh gan aon bhaint a bheith aige le páirtí polaitíochta ná le hócáidí náisiúnta, ar nós cúirtéis a thabhairt do bhratach na tíre?
-
An gceapann tú go ndearna sé an cinneadh ceart?
Cé na bealaí eile a bhféadfaí ár neodracht a thástáil? Seinn an FÍSEÁN, ansin plé na ceisteanna a leanann.
-
Cén chaoi a bhfanfaidh muid neodrach ó thaobh imeachtaí spóirt idirnáisiúnta?
-
Cén chaoi a bhfanfaidh muid neodrach fiú má chuireann cinntí a dhéanann polaiteoirí as dúinn go pearsanta?
-
Cén chaoi a bhféadfadh tionchar a bheith ag na meáin shóisialta nó ag an gcomhluadar a choinníonn muid ar ár neodracht?
Céard iad na cásanna a gcaithfidh Críostaí fanacht neodrach i smaointe agus i ngníomhartha?
FIAFRAÍONN DAOINE ÁIRITHE: “Cén fáth nach dtugann sibh cúirtéis don bhratach agus nach gcanann sibh an t-amhrán náisiúnta?”
-
Cén freagra a thabharfá?
ACHOIMRE
Déanann Críostaithe gach iarracht fanacht neodrach ó thaobh cúrsaí polaitíochta agus ó thaobh a gcuid smaointe agus gníomhartha.
Súil Siar
-
Cén dualgas atá orainn maidir le rialtais dhaonna?
-
Cén fáth a bhfanann muid neodrach ó thaobh cúrsaí polaitíochta?
-
Cé na cásanna ina dtástáiltear ár neodracht?
FIOSRAIGH
Cé na híobairtí a d’fhéadfadh a bheith le déanamh againn le fanacht neodrach?
Cén chaoi a n-ullmhaíonn teaghlaigh iad féin chun déileáil le dúshláin maidir le neodracht?
Cén fáth nach é cosaint do thíre an onóir is mó a d’fhéadfadh a bheith agat?
Déan machnamh faoin gcaoi le fanacht neodrach agus tú ag déanamh cinneadh faoi do shlí bheatha.
“Each One Will Carry His Own Load” (The Watchtower, 15 Márta, 2006)