Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 48

Roghnaigh Do Chairde go Ciallmhar

Roghnaigh Do Chairde go Ciallmhar

Cuireann dlúthchairde lenár sonas nuair atá rudaí go maith, agus tugann siad misneach dúinn in am an ghátair. Ach deir an Bíobla nach é gach duine a dhéanfadh cara maith. Cén chaoi ar féidir leat cairde maithe a roghnú? Déan machnamh ar na ceisteanna seo.

1. Cén tionchar a bheidh ag na cairde a roghnaíonn tú ort?

Tá an claonadh ionainn aithris a dhéanamh ar na daoine a gcaitheann muid am leo. D’fhéadfadh sé gur rud maith nó rud dona é seo—agus tá sé seo fíor bíodh muid ag coinneáil comhluadair leo go pearsanta nó ar na meáin shóisialta. Deir an Bíobla, “An té a mbíonn caidreamh aige ar dhaoine eagnaí, éiríonn sé féin eagnaí; bíodh amadáin [iad siúd nach ngránn Iehova] mar chairde aige, agus beidh sé thíos leis.” (Seanfhocail 13:20) Cabhraíonn cairde a ghránn agus a adhrann Iehova linn le fanacht gar dó agus le cinntí maithe a dhéanamh. Ach má roghnaíonn muid cairde taobh amuigh den phobal Críostaí beidh a mhalairt de thionchar acu orainn. Sin í an chúis a ndeir an Bíobla linn ár gcairde a roghnú go ciallmhar! Nuair a ghránn ár gcairde Iehova, bíonn tionchar maith againn araon ar a chéile. Tá muid in ann a bheith “ag spreagadh a chéile agus ag treisiú le chéile.”—1 Teasalónaigh 5:11.

2. Cén tionchar a bheidh ag na cairde a roghnaíonn tú ar Iehova?

Roghnaíonn Iehova a chuid cairde go cúramach. “Is leis na fíréin amháin a ligeann sé a rún.” (Seanfhocail 3:32) Cén chaoi a mothódh Iehova dá roghnódh muid cairde nach ngránn é? Bheadh an-díomá air! (Léigh Séamas 4:4.) Ach beidh Iehova sásta linn má roghnaíonn muid droim láimhe a thabhairt do dhroch-chomhluadar agus teannadh isteach leis-sean agus leo siúd a ghránn é.—Salm 15:1-4.

DÉAN TAIGHDE

Scrúdaigh an chúis a bhfuil na roghanna a dhéanann muid tábhachtach ó thaobh cairde de, agus féach mar is féidir leat cairde a roghnú a théann chun tairbhe duit.

3. Fainic droch-chomhluadar

Is droch-chomhluadar iad an dream nach ngránn Iehova ná a chaighdeáin. Seinn an FÍSEÁN, ansin plé na ceisteanna a leanann.

  • Cén chaoi a bhféadfadh muid droch-chomhluadar a roghnú i ngan fhios dúinn féin?

Léigh 1 Corantaigh 15:33, ansin plé na ceisteanna a leanann:

  • Cén sórt duine a d’fhéadfadh a bheith ina dhroch-chomhluadar? Cén fáth?

Léigh Salm 119:63, ansin plé an cheist seo:

  • Céard atá i gceist le cara maith?

Tá úll lofa amháin in ann an chuid eile de na húlla a mhilleadh. Cén chaoi a bhféadfadh droch-chara tionchar a imirt ortsa?

4. Is féidir le daoine atá difriúil ar fad uainn a bheith ina gcairde againn

Tá cur síos sa mBíobla ar bheirt Iosraeilítigh, Dáiví agus Iónátán. Bhí dlúthchairdeas eatarthu cé go raibh Iónátán i bhfad níos sine ná Dáiví. Léigh 1 Samúéil 18:1, ansin plé an cheist seo:

  • Cén fáth nach gá go mbeadh ár gcairde ar chomhaois linn nó go mbeadh an stádas sóisialta céanna acu?

Léigh Rómhánaigh 1:11, 12, ansin plé an cheist seo:

  • Cén chaoi ar féidir le cairde a ghránn Iehova a chéile a spreagadh?

Féach mar ar tháinig deartháir óg sa bhfíseán ar chairde in áit nach raibh súil ar bith aige leis. Seinn an FÍSEÁN, ansin plé na ceisteanna a leanann.

  • Cén fáth a raibh imní ar thuismitheoirí Akil faoi na cairde a bhí aige ar scoil?

  • Cén fáth ar thaitin na cairde seo leis ar dtús?

  • Cén chaoi a raibh sé in ann dul i ngleic leis an uaigneas?

5. An chaoi le cairdeas maith a chothú

Déan machnamh ar an gcaoi le cairde maithe a dhéanamh​—agus an bealach le bheith i do chara maith. Seinn an FÍSEÁN.

Léigh Seanfhocail 18:24 agus 27:17, ansin plé na ceisteanna seo:

  • Cén chaoi a gcabhraíonn fíorchairde lena chéile?

  • An bhfuil cairde maithe agatsa? Mura bhfuil, cén chaoi a bhféadfá cairde maithe a dhéanamh?

Léigh Filipigh 2:4, ansin plé an cheist seo:

  • Chun cairde maithe a bheith agat, caithfidh tú a bheith i do chara maith. Cén chaoi ar féidir leat a bheith i do chara maith?

Chun cairde maithe a bheith agat, caithfidh tú a bheith i do chara maith

DEIR DAOINE ÁIRITHE: “Is féidir leat cairde a dhéanamh le haon saghas duine.”

  • Céard a déarfá?

ACHOIMRE

Nuair a roghnaíonn muid ár gcairde go ciallmhar, bíonn Iehova sásta linn agus téann sé chun tairbhe dúinn.

Súil Siar

  • Cén fáth a bhfuil spéis ag Iehova sna cairde a roghnaíonn muid?

  • Cén sórt cairdeas ar choir dúinn a sheachaint?

  • Cén chaoi ar féidir leat dlúthchairdeas a chothú le dea-dhaoine?

Sprioc

FIOSRAIGH

Féach mar is féidir le cairde maithe cabhrú linn in am an ghátair.

Build Strong Friendships Before the End Comes” (The Watchtower, Samhain 2019)

Déan machnamh ar an méid is féidir leat a dhéanamh chun cairde maithe a roghnú.

“How Can I Make Good Friends?” (Questions Young People Ask—Answers That Work, Volume 1, chapter 8)

Céard ar chóir duit a bheith ar eolas agat faoi chairdeas ar líne?

Bí Cúramach Nuair a Bhíonn Tú Ag Úsáid Na Meáin Shóisialta (4:12)

Sa scéal: “I Yearned for a Father,” faigh amach céard a thug ar fhear amháin athsmaoineamh a dhéanamh faoi na cairde a bhí roghnaithe aige.

“The Bible Changes Lives” (The Watchtower, 1 Aibreán, 2012)