Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 50

Cén Chaoi Ar Féidir Le Do Theaghlach a Bheith Sona?—Cuid 2

Cén Chaoi Ar Féidir Le Do Theaghlach a Bheith Sona?—Cuid 2

Is bronntanas ó Iehova iad na páistí. Tá sé ag súil go dtabharfaidh tuismitheoirí aire mhaith don bhronntanas sin. Cuireann Iehova comhairle mhaith ar fáil do thuismitheoirí chun é seo a dhéanamh. Léiríonn a chomhairle freisin gach ar féidir le páistí a dhéanamh chun cur le saol sona teaghlaigh.

1. Cén chomhairle a thugann Iehova do thuismitheoirí?

Tá Iehova ag iarraidh ar thuismitheoirí grá a thabhairt dá bpáistí agus am a chaitheamh leo go rialta. Tá sé ag iarraidh ar thuismitheoirí a bpáistí a choinneáil slán ó chontúirt agus prionsabail an Bhíobla a úsáid chun oiliúint a chur orthu. (Seanfhocail 1:8) Deir sé le haithreacha: “Déanaigí bhur leanaí a thógáil . . . faoi oiliúint agus smacht an Tiarna.” (Léigh Eifisigh 6:4.) Tá Iehova sásta nuair a leanann tuismitheoirí a chomhairle agus iad ag tógáil a bpáistí agus nuair nach gcuireann siad an fhreagracht sin ar dhuine éigin eile.

2. Cén chomhairle a thugann Iehova do pháistí?

Deir Iehova le páistí: “Bígí umhal do bhur dtuismitheoirí.” (Léigh Colosaigh 3:20.) Nuair a bhíonn páistí umhal agus ómósach dá dtuismitheoirí, bíonn Iehova agus a dtuismitheoirí sásta. (Seanfhocail 23:22-25) Léirigh Íosa dea-shampla agus é ina pháiste. Cé go raibh sé féin foirfe, bhí sé umhal dá thuismitheoirí agus bhí meas aige orthu.—Lúcás 2:51, 52.

3. Cén chaoi ar féidir leat teannadh isteach le hIehova mar theaghlach?

Más tuismitheoir thú, is cinnte go bhfuil tú ag iarraidh go mbeadh grá ag do pháistí d’Iehova freisin. Cén chaoi ar féidir leat é sin a dhéanamh? Trí chomhairle an Bíobla a leanúint: “Déan iad a theagasc go dúthrachtach do do chlann, agus iad a aithris dóibh i do shuí i do theach duit, nó ag siúl na slí.” (Deotranaimí 6:7) Ciallaíonn sé seo nach mór a bheidh á dteagasc de shíor. Bíonn ort an rud céanna a rá le do pháistí go minic le go gcuimhneoidh siad air. De réir an scrioptúir sin ba chóir duit gach deis a thapú chun labhairt le do pháistí faoi Iehova. Bheadh sé go maith am ar leith a chur i leataobh gach seachtain i gcóir seisiún adhradh do theaghlaigh. Mura bhfuil páistí agat, bainfidh tú féin tairbhe as am a chaitheamh gach seachtain ag staidéar ar Bhriathar Dé.

DÉAN TAIGHDE

Déan machnamh ar roinnt mholtaí praiticiúla a chuireann le saol sona teaghlaigh.

4. Cuir oiliúint ar do pháistí go grámhar

D’fhéadfadh sé a bheith dúshlánach oiliúint a chur ar do pháiste. Cén chaoi a gcabhraíonn an Bíobla leat? Léigh Séamas 1:​19, 20, ansin plé na ceisteanna seo:

  • Cén chaoi ar féidir le tuismitheoirí grá a léiriú agus iad ag caint lena bpáistí?

  • Cén fáth nár chóir do thuismitheoir a pháistí a smachtú agus é feargach? a

5. Cosain do pháistí

Chun do pháistí a chosaint, tá sé an-tábhachtach go n-inseofá dóibh faoi ghnéas. D’fhéadfadh sé seo a bheith dúshlánach. Seinn an FÍSEÁN, ansin plé na ceisteanna a leanann.

  • Cén fáth go mb’fhéidir go mbeadh sé dúshlánach ag roinnt tuismitheoirí labhairt faoi ghnéas?

  • Cén chaoi a n-insíonn roinnt tuismitheoirí dá bpáistí faoi ghnéas?

Tá domhan Shátain ag dul in olcas díreach mar a bhí tuartha. Léigh 2 Tiomóid 3:1, 13, ansin plé an cheist seo:

  • Déanann roinnt de na drochdhaoine a dtagraítear dóibh i véarsa 13 mí-úsáid ghnéis ar pháistí. Dá réir sin, cén fáth a bhfuil sé tábhachtach go múinfeadh tuismitheoirí dá bpáistí faoi ghnéas agus faoin gcaoi le hiad féin a chosaint?

An raibh a fhios agat?

Cuireann Finnéithe Iehova foilseacháin ar fáil a chabhraíonn le tuismitheoirí múineadh dá gcuid páistí faoi ghnéas agus faoin gcaoi le hiad féin a chosaint ar mhí-úsáid ghnéis. Féach, mar shampla:

6. Léirigh ómós do do thuismitheoirí

Is féidir le páistí agus le déagóirí ómós a léiriú dá dtuismitheoirí ar an mbealach a labhraíonn siad leo. Seinn an FÍSEÁN, ansin plé na ceisteanna a leanann.

  • Cén fáth gur fiú do dhuine óg labhairt go hómósach lena thuismitheoirí?

  • Cén chaoi ar féidir le duine óg labhairt lena thuismitheoirí go measúil?

Léigh Seanfhocail 1:8, ansin plé an cheist seo:

  • Cén chaoi ar chóir do dhuine óg glacadh le treoir óna thuismitheoirí?

7. Déan Iehova a adhradh mar theaghlach

Cuireann Finnéithe Iehova am ar leataobh gach seachtain le haghaidh seisiún adhartha mar theaghlach. Céard a tharlaíonn ag seisiún adhradh? Seinn an FÍSEÁN, ansin plé na ceisteanna a leanann.

  • Cén chaoi ar féidir le teaghlaigh seisiún adhartha a bheith acu go rialta?

  • Céard a d’fhéadfadh tuismitheoir a dhéanamh le go mbeadh a seisiún adhartha praiticiúil agus taitneamhach dá dteaghlach?​—Féach ar an gcéad phictiúr sa gceacht seo.

  • Cén fáth a bhféadfadh sé a bheith dúshlánach am a chaitheamh le chéile ag staidéar?

Bhí Iehova ag súil go labhródh teaghlaigh go rialta faoi na Scrioptúir i seanIosrael. Léigh Deotranaimí 6:6, 7, ansin plé an cheist seo:

  • Cén chaoi a gcuirfeá an prionsabal seo i bhfeidhm?

Moltaí don seisiún adhartha:

  • Ullmhaigh i gcóir cruinnithe pobail.

  • Léigh agus plé cuntas ón mBíobla a mbainfidh do theaghlach taitneamh as.

  • Má tá páistí óg agat, íoslódáil nó priontáil gníomhaíochtaí do leanaí ó jw.org.

  • Má tá páistí sna déaga agat, pléigh alt do dhéagóirí ar jw.org.

  • Déan dráma de scéal ón mBíobla in éineacht le do pháistí.

  • Féach agus déan plé ar fhíseán ar jw.org.

DEIR DAOINE ÁIRITHE: “Tá an Bíobla ró-dheacair do pháistí.”

  • Céard a déarfá?

ACHOIMRE

Tá Iehova ag iarraidh ar thuismitheoirí grá, oiliúint agus cosaint a thabhairt dá bpáistí. Tá sé ag iarraidh ar pháistí a bheith measúil agus umhal dá dtuismitheoirí agus teaghlaigh a bheith á adhradh le chéile.

Súil Siar

  • Cén chaoi ar féidir le tuismitheoirí a bpáistí a oiliúint agus a chosaint?

  • Cén chaoi ar féidir le páistí onóir a léiriú dá dtuismitheoirí?

  • Cén tairbhe atá ann am a chur ar leataobh i gcóir seisiún adhartha don teaghlach gach seachtain?

Sprioc

FIOSRAIGH

Cé na ceachtanna a ullmhóidh do pháiste don saol?

“Six Lessons Children Need to Learn” (Awake! Uimh. 2 2019)

Foghlaim faoin gcomhairle phraiticiúil a thugann an Bíobla do chúramóirí.

“Céard Atá Ráite sa mBíobla Faoi Aire a Thabhairt do Thuismitheoirí Aosta?” (Alt ar líne)

Foghlaim faoi fhear nach raibh a fhios aige le clann a thógáil agus mar a d’éirigh leis a bheith ina thuismitheoir maith.

Taught by Jehovah to Raise Our Family (5:58)

Déan machnamh faoin mbealach ar féidir le haithreacha a gcaidreamh lena gclann mhac a neartú.

“How Can Fathers Stay Close to Their Sons?” (The Watchtower, 1 Samhain, 2011)

a Sa mBíobla, ciallaíonn an focal “smacht” a bheith ag múineadh, ag treorú agus ag ceartú. Ní chiallaíonn sé mí-úsáid ná a bheith cruálach riamh.​—Seanfhocail 19:18.