CEACHT 51
Cén Chaoi Ar féidir Leat Iehova a Shásamh Le Do Chumas Labhartha?
Nuair a chruthaigh Iehova muid, thug sé bronntanas iontach dúinn—cumas labhartha. An bhfuil spéis aige sa gcaoi a n-úsáideann muid an bronntanas seo? Cinnte tá! (Léigh Séamas 1:26.) Mar sin, cén chaoi ar féidir linn ár gcumas labhartha a úsáid ar bhealach a shásóidh Iehova?
1. Cén chaoi ar cheart dúinn ár gcumas labhartha a úsáid?
Deir an Bíobla linn a bheith “ag spreagadh a chéile agus ag treisiú le chéile.” (1 Teasalónaigh 5:11) An féidir leat smaoineamh ar aon duine a bhfuil spreagadh ag teastáil uathu? Céard is féidir leat a dhéanamh chun cabhrú leo? Cuir in iúl dóibh gur mór agat iad. B’fhéidir go bhféadfá a gcuid tréithe maithe a chur ar a súile dóibh. An féidir leat smaoineamh ar scrioptúir a thabharfadh misneach do dhuine a bhfuil aithne agat air? Tá go leor scrioptúir ann ar féidir linn a úsáid. Cuimhnigh freisin gur féidir leis an mbealach a ndeir tú rud éigin, daoine eile a spreagadh chomh héifeachtach leis na focail a úsáideann tú. Mar sin déan iarracht labhairt go cineálta agus go séimh.—Seanfhocail 15:1.
2. Cén sórt cainte ar cheart dúinn a sheachaint?
Deir an Bíobla: “Ná tagadh oiread agus drochfhocal amháin as bhur mbéal.” (Léigh Eifisigh 4:29.) Ciallaíonn sé sin nach mbeadh drochbhéal orainn agus nach mbeadh muid ag rá rudaí cruálach nó maslach chun mothúcháin dhuine eile a ghortú. Caithfidh muid cúlchaint mhailíseach agus clúmhilleadh a sheachaint chomh maith.—Léigh Seanfhocail 16:28.
3. Céard a chabhróidh linn labhairt ar bhealach spreagúil?
Is minic a léiríonn ár gcaint gach atá inár gcroí nó ag luí ar ár n-intinn. (Lúcás 6:45) Mar sin caithfidh muid muid féin a oiliúint chun díriú ar rudaí atá dearfach—rudaí atá fíor, uasal, cóir, naofa, agus measúil. (Filipigh 4:8) Chun díriú ar na rudaí seo, caithfidh muid ár gcaitheamh aimsire agus ár gcairde a roghnú go ciallmhar. (Seanfhocail 13:20) Cabhróidh sé linn freisin má chuimhníonn muid orainn féin sula labhraíonn muid. Smaoinigh ar an tionchar a bheidh ag gach a ndeir tú ar dhaoine eile. Deir an Bíobla: “Tá duine ann ar geall le sá claímh a mhearbhriathra; ach bíonn cneasú á iompar ag teanga an eagnaí.”—Seanfhocail 12:18.
DÉAN TAIGHDE
Foghlaim le labhairt ar bhealach a shásaíonn Iehova agus a spreagann daoine eile.
4. Coinnigh smacht ar do theanga
Deir muid go léir rudaí a mbíonn aiféala orainn fúthu níos déanaí. (Séamas 3:2) Léigh Galataigh 5:22, 23, ansin plé na ceisteanna seo:
-
Cé acu de na tréithe seo a nguíonn tú ar a son chun cabhrú leat srian a choinneáil ar do theanga? Cén chaoi a gcabhraíonn na tréithe seo leat?
Léigh 1 Corantaigh 15:33, ansin plé an cheist seo:
-
Cén tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag do chuid cairde agus do chuid siamsaíochta ar an gcaoi a labhraíonn tú?
Céard a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an gcaoi a labhraíonn tú?
Léigh Cóheilit 3:1, 7, ansin plé an cheist seo:
-
Cén uair ar chóir fanacht i do thost nó fanacht go mbeadh sé níos oiriúnaí le labhairt?
5. Labhair go maith faoi dhaoine
Céard is féidir linn a dhéanamh ionas nach mbeidh muid ag maslú nó ag rá rudaí míchineálta? Seinn an FÍSEÁN, ansin plé na ceisteanna a leanann.
-
Sa bhfíseán, cén fáth a raibh an deartháir seo ag iarraidh an bealach ar labhair sé faoi dhaoine a athrú?
-
Céard a d’athraigh sé?
Léigh Cóheilit 7:16, ansin plé an cheist seo:
-
Céard ar chóir dúinn cuimhneamh air sula labhraíonn muid go diúltach faoi dhuine?
Léigh Cóheilit 7:21, 22, ansin plé an cheist seo:
-
Cén chaoi ar féidir leis na véarsaí seo cabhrú leat ionas nach mbeadh tú curtha amach nuair a labhraíonn duine go diúltach fút?
6. Bí cineálta nuair a labhraíonn tú le do theaghlach
Tá Iehova ag iarraidh orainn labhairt go cineálta agus go grámhar lenár dteaghlach. Seinn an FÍSEÁN, ansin plé an cheist a leanann.
-
Céard a chabhróidh leat labhairt go cineálta le do theaghlach?
Léigh Eifisigh 4:31, 32, ansin plé an cheist seo:
-
Cén sórt cainte a spreagann teaghlach?
Léirigh Iehova an chaoi ar mhothaigh sé faoina mhac, Íosa. Léigh Matha 17:5, ansin plé an cheist seo:
-
Cén chaoi a ndéanfá aithris ar Iehova agus tú ag comhrá le do theaghlach?
Tapaigh do dheis le daoine a mholadh
DEIR DAOINE ÁIRITHE: “Deirim amach an rud atá ar m’intinn. Taitníodh sé le daoine nó ná taitníodh.”
-
An aontaíonn tú leis sin? Cén fáth a n-aontaíonn nó cén fáth nach n-aontaíonn?
ACHOIMRE
Tá cumhacht ag baint le focail. Caithfidh muid cuimhniú go cúramach orainn féin sula labhraíonn muid.
Súil Siar
-
Céard iad na bealaí éagsúla ar féidir leat do chumas labhartha a úsáid chun cabhrú le daoine?
-
Cén sórt cainte ar chóir duit a sheachaint?
-
Céard a chabhróidh linn a bheith cineálta agus spreagúil inár gcuid cainte?
FIOSRAIGH
Céard a chabhróidh linn le labhairt go spreagúil le daoine?
Foghlaim le droch-chaint a sheachaint.
An bealach le cúlchaint a sheachaint.
Féach mar a chabhraigh Iehova le fear a bhí ag iarraidh stopadh ag eascaine.
“I Began to Think Seriously About Where My Life Was Headed” (The Watchtower, 1 Lúnasa, 2013)