Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 54

An Ról Atá ag an “Seirbhíseach Iontaofa Ciallmhar”

An Ról Atá ag an “Seirbhíseach Iontaofa Ciallmhar”

Is é Íosa Ceann an phobail Chríostaí. (Eifisigh 5:23) Déanann Íosa maoirsiú ó neamh ar a lucht leanúna ag úsáid an “seirbhíseach iontaofa ciallmhar” sa lá atá inniu ann. (Léigh Matha 24:45.) Cheap Íosa an “seirbhíseach” seo agus thug sé údarás ar leith dó ach fós bheadh sé mar sclábhaí do Chríost agus ag freastal ar dheartháireacha Íosa. Cé hé an seirbhíseach seo? Cén chaoi a dtugann an seirbhíseach seo aire dúinn?

1. Cé hé an “seirbhíseach iontaofa ciallmhar”?

D’úsáid Iehova fear nó grúpa beag fir i gcónaí lena shearbhóntaí a stiúradh. (Malaicí 2:7; Eabhraigh 1:1) Tar éis bhás Íosa, ghlac na hAspail agus na seanóirí in Iarúsailéim leis an bhfreagracht seo. (Gníomhartha 15:2) Ag leanúint an phatrúin sin, tá grúpa beag de sheanóirí​—Bord Stiúrtha Fhinnéithe Iehova​—ag cur bia spioradálta ar fáil agus ag treorú an obair chraobhscaoilte sa lá atá inniu ann. Is é “an seirbhíseach iontaofa ciallmhar ar cheap [Íosa] atá i gceist leis an ngrúpa seo.” (Matha 24:45a) Is Críostaithe ungtha gach ball den Bhord Stiúrtha, agus tá siad ag tnúth le bheith ag rialú in éineacht le hÍosa sa Ríocht ar neamh tar éis a mbáis.

2. Cén bhia spioradálta a chuireann an seirbhíseach iontaofa ar fáil?

Dúirt Íosa go dtabharfadh an seirbhíseach iontaofa “a gcuid bia [do chomhChríostaithe] i dtráth.” (Matha 24:45b) Díreach mar a chabhraíonn an bia a itheann muid linn a bheith sláintiúil agus láidir, tugann an bia spioradálta​—treoir ó Bhriathar Dé​—neart dúinn le fanacht dílis d’Iehova agus an obair a thug Íosa dúinn a dhéanamh. (1 Tiomóid 4:6) Faigheann muid bia spioradálta ag ár gcruinnithe, ár gcomhdhálacha agus ár dtionól, chomh maith le foilseacháin atá bunaithe ar an mBíobla agus físeáin a chabhraíonn linn toil Dé a thuiscint agus ár gcairdeas leis a láidriú.

DÉAN TAIGHDE

Féach an chúis a dteastaíonn “an seirbhíseach iontaofa ciallmhar”—an Bord Stiúrtha uainn.

Tá an Bord Stiúrtha ag cur bia spioradálta, treoir, agus cabhair phraiticiúil ar fáil d’Fhinnéithe Iehova ar fud an domhain

3. Ní mór do phobal Iehova a bheith eagraithe

Eagraíonn an Bord Stiúrtha obair Fhinnéithe Iehova faoi stiúir Íosa. Bhí socrú den chineál céanna i bhfeidhm ag na chéad Chríostaithe. Seinn an FÍSEÁN.

Léigh 1 Corantaigh 14:33, 40, ansin plé an cheist seo:

  • Cén chaoi a léiríonn na véarsaí seo go bhfuil Iehova ag iarraidh ar a chuid Finnéithe a bheith eagraithe?

4. Eagraíonn an seirbhíseach iontaofa an obair chraobhscaoilte

Ba í an obair chraobhscaoilte an obair ba thábhachtaí a rinne Críostaithe na chéad aoise. Léigh Gníomhartha 8:14, 25, ansin plé na ceisteanna seo:

  • Cé a bhí ag stiúradh an obair chraobhscaoilte i measc na gcéad Chríostaithe?

  • Cén chaoi ar ghlac Peadar agus Eoin le treoir a gcomh-aspal?

Is í an obair chraobhscaoilte an obair is tábhachtaí a eagraíonn an Bord Stiúrtha. Seinn an FÍSEÁN.

Chuir Íosa béim ar thábhacht an obair chraobhscaoilte. Léigh Marcas 13:10, ansin plé na ceisteanna seo:

  • Cén fáth a bhfuil an obair chraobhscaoilte tábhachtach don Bhord Stiúrtha?

  • Cén fáth a dteastaíonn “an seirbhíseach iontaofa ciallmhar” uainn chun an obair a eagrú ar fud an domhain?

5. Cuireann an seirbhíseach iontaofa treoir ar fáil

Cuireann an Bord Stiúrtha treoir ar fáil do Chríostaithe ar fud an domhain. Cén chaoi a ndéantar cinneadh faoin treoir atá le tabhairt? Déan machnamh ar an mbealach a ndearna bord stiúrtha na chéad aoise amhlaidh. Léigh Gníomhartha 15:1, 2, ansin plé na ceisteanna seo:

  • Céard a chruthaigh aighneas idir roinnt de na chéad Chríostaithe?

  • Cé uaidh a bhfuair Pól, Barnabas agus daoine eile treoir chun an fhadhb a réiteach?

Léigh Gníomhartha 15:12-18, 23-29, ansin plé an cheist seo:

  • Sula ndearna siad cinneadh, céard a rinne an bord stiúrtha agus iad ag lorg treoir Dé?​—Féach véarsaí 1215, agus 28.

Léigh Gníomhartha 15:30, 31 agus 16:4, 5, ansin plé na ceisteanna seo:

  • Cén glacadh a bhí ag na chéad Chríostaithe leis an treoir a fuair siad ón mbord stiúrtha?

  • Cén chaoi ar bheannaigh Iehova a n-umhlaíocht?

Léigh 2 Tiomóid 3:16 agus Séamas 1:5, ansin plé an cheist seo:

  • Cá bhfaigheann an Bord Stiúrtha treoir nuair a bhíonn siad ag déanamh cinntí inniu?

DEIR DAOINE ÁIRITHE: “Má éisteann tú leis an mBord Stiúrtha, níl tú ach ag leanúint daoine.”

  • Céard a chruthaíonn duitse gurb é Íosa atá ag treorú an Bhord Stiúrtha?

ACHOIMRE

Is é an Bord Stiúrtha an “seirbhíseach iontaofa ciallmhar” atá ceaptha ag Críost. Cuireann sé treoir agus bia spioradálta ar fáil do Chríostaithe ar fud an domhain.

Súil Siar

  • Cé a cheap “an seirbhíseach iontaofa ciallmhar”?

  • Cén chaoi a dtugann an Bord Stiúrtha aire dúinn?

  • An gcreideann tú gurb é an Bord Stiúrtha “an seirbhíseach iontaofa ciallmhar”?

Sprioc

FIOSRAIGH

Féach ar an gcaoi a n-eagraíonn an Bord Stiúrtha a gcuid oibre.

“What Is the Governing Body of Jehovah’s Witnesses?” (Alt ar líne)

Foghlaim faoin gcaoi a ndéanann an Bord Stiúrtha cinnte go bhfaigheann muid bia spioradálta atá cruinn agus iontaofa.

Producing Accurate Publications (17:18)

Cén chaoi a mothaíonn baill den Bhord Stiúrtha faoin obair atá tugtha ag Íosa dóibh le déanamh?

A Cherished Privilege (7:04)

Cén chaoi a léiríonn ár gcruinnithe agus ár gcomhthionóil go bhfuil Iehova ag treorú an Bhoird Stiúrtha?

Jehovah Is Teaching His People (9:39)