Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 57

Céard Faoi Má Dhéanann Tú Peaca Tromchúiseach?

Céard Faoi Má Dhéanann Tú Peaca Tromchúiseach?

Cé go bhfuil grá ó chroí agat d’Iehova agus go ndéanann tú do dhícheall gan é a ghortú, déanfaidh tú botúin. Ach, tá peacaí ann atá níos tromchúisí ná a chéile. (1 Corantaigh 6:9, 10) Má dhéanann tú peaca tromchúiseach, tabharfaidh Iehova maithiúnas duit agus cabhróidh sé leat mar tá grá aige duit.

1. Céard a chaithfidh muid a dhéanamh le maithiúnas a fháil ó Iehova?

Bíonn daoine a ghránn Iehova an-bhrónach nuair a thuigeann siad go ndearna siad peaca tromchúiseach. Ach faigheann siad sólás sa ngealltanas a thugann Iehova dá shearbhóntaí: “Má bheadh bhur bpeacaí ar nós craoraig,déanfar níos gile iad ná sneachta.” (Íseáia 1:18) Má dhéanann muid aithrí ó chroí, tabharfaidh Iehova maithiúnas dúinn. Cén chaoi a ndéanfaidh muid aithrí? De bharr go mbíonn aiféala ó chroí orainn, stopann muid ag déanamh an drochrud agus impíonn muid ar Iehova maithiúnas a thabhairt dúinn. Ansin déanann muid ár ndícheall na drochnósanna nó an mheoin contráilte ba chúis leis an bpeaca a chur uainn agus maireachtáil de réir caighdeáin ghlana Iehova.​—Léigh Íseáia 55:6, 7.

2. Cén chaoi a n-úsáideann Iehova na seanóirí le cabhrú linn nuair a pheacaíonn muid?

Más rud é go ndéanann duine peaca tromchúiseach, deir Iehova: “Cuireadh sé fios ar sheanóirí” an phobail. (Léigh Séamas 5:14, 15.) Tá grá ag na seanóirí seo d’Iehova agus dá thréad. Tá siad cáilithe le cabhrú linn chun ár gcaidreamh le hIehova a láidriú.​—Galataigh 6:1.

Cén chaoi a gcabhraíonn na seanóirí linn má dhéanann muid peaca tromchúiseach? Tabharfaidh beirt nó triúr seanóirí comhairle dúinn, ag úsáid Scrioptúir ón mBíobla. Tabharfaidh siad comhairle phraiticiúil agus spreagadh dúinn chun peacaí a sheachaint. B’fhéidir go gcuirfeadh siad srian ar ár ngníomhaíochtaí sa bpobal Críostaí go dtí go mbeidh ár gcaidreamh le hIehova láidir arís. Chun an pobal a chosaint ó dhroch-thionchar, cuireann na seanóirí cosc comhluadar ar aon duine a dhéanann peaca tromchúiseach agus nach ndéanann aithrí.

DÉAN TAIGHDE

Méadaigh do mheas ar an gcaoi a gcabhraíonn Iehova linn má dhéanann muid peaca tromchúiseach.

3. Cabhraíonn sé linn nuair a admhaíonn muid ár bpeacaí.

Gortaíonn aon pheaca a dhéanann muid Iehova, mar sin admhaíonn muid ár bpeaca dósan. Léigh Salm 32:1-5, ansin plé an cheist:

  • Cén fáth ar chóir dúinn ár bpeacaí a admháil d‘Iehova in ionad iarracht a dhéanamh iad a cheilt?

Chomh maith lenár bpeaca a admháil d’Iehova, faigheann muid faoiseamh nuair a lorgaíonn muid cabhair óna seanóirí. Seinn an FÍSEÁN, ansin plé an cheist a leanann.

  • Sa bhfíseán, cén chaoi ar chabhraigh na seanóirí le Canon filleadh ar Iehova?

Caithfidh muid a bheith ionraic agus macánta leis na seanóirí, tá siad ansin le cabhrú linn. Léigh Séamas 5:16, ansin plé an cheist seo:

  • Cén chaoi a bhfuil sé níos éasca ag na seanóirí cabhrú linn nuair a bhíonn muid ionraic?

Déan aithrí, inis an fhírinne do na seanóirí, agus glac le cabhair Iehova

4. An tslí a gcabhraíonn cosc comhluadar linn

Má dhéanann duine peaca tromchúiseach agus má dhiúltaíonn sé caighdeáin Iehova a leanúint, ní féidir leis a bheith mar pháirt den phobal Críostaí a thuilleadh. Cuirtear cosc comhluadar air, agus ní bhíonn muid ag coinneáil comhluadair leis ná ní labhraíonn muid leis. Léigh 1 Corantaigh 5:6, 11 agus 2 Eoin 9-11, ansin plé an cheist seo:

  • Ag cur 1 Corantaigh 5:6, 11 san áireamh, cén tionchar a bheadh ag caidreamh le peacach gan aithrí ar an bpobal Críostaí?

Cé go bhfuil cosc comhluadar pianmhar, cabhraíonn sé le go leor daoine filleadh ar ais ar an bpobal Críostaí. (Salm 141:5) Seinn an FÍSEÁN, ansin plé an cheist a leanann.

  • De réir an fhíseáin sin, cén chaoi ar chabhraigh an cosc comhluadar a cuireadh ar Sonja léi?

Cén chaoi a léiríonn cosc comhluadar . . .

  • onóir d’ainm Iehova?

  • go bhfuil Iehova réasúnach agus grámhar?

5. Tugann Iehova maithiúnas dúinn nuair a dhéanann muid aithrí

D’úsáid Íosa parabal chun cabhrú linn tuiscint a fháil ar an mbealach a mothaíonn Iehova nuair a dhéanann duine aithrí. Léigh Lúcás 15:1-7, ansin plé an cheist seo:

  • Céard a mhúineann sé seo duit faoi Iehova?

Léigh Eizicéil 33:11, ansin plé an cheist seo:

  • Cén chéim thábhachtach atá i gceist le haithrí?

Ar nós aoire, is mór ag Iehova a thréad

DEIR DAOINE ÁIRITHE: “Má insím do na seanóirí faoi mo pheaca, tá faitíos orm go gcuirfear cosc comhluadar orm.”

  • Céard a déarfá le duine a mhothaíonn mar sin?

ACHOIMRE

Má dhéanann muid peaca tromchúiseach, agus má tá aiféala ó chroí orainn agus droim láimhe a thabhairt don rud mícheart, tabharfaidh Iehova maithiúnas dúinn.

Súil Siar

  • Cén fáth a bhfuil sé go maith ár bpeacaí a admháil d’Iehova?

  • Céard a chaithfidh muid a dhéanamh le go dtabharfaidh Iehova maithiúnas dúinn?

  • Má dhéanann muid peaca tromchúiseach, cén fáth ar chóir dúinn cabhair a lorg óna seanóirí?

Sprioc

FIOSRAIGH

Féach mar a léirigh Iehova an trócaire atá luaite in Íseáia 1:18 d’fhear amháin.

Never Doubt Jehovah’s Mercy (5:02)

Cén chaoi a dtéann an cosc comhluadar chun tairbhe do gach duine?

“Why Disfellowshipping Is a Loving Provision” (The Watchtower, 15 Aibreán, 2015)

Foghlaim faoin gcaoi ar féidir leat an socrú maidir le cosc comhluadar a mhíniú do dhuine nach bhfuil ina Fhinné.

“Do Jehovah’s Witnesses Shun Those Who Used to Belong to Their Religion?” (Alt ar líne)

Sa scéal “I Needed to Return to Jehovah,” foghlaim faoin gcúis ar mhothaigh fear a d’fhág an fhírinne blianta ó shin gur chabhraigh Iehova leis a theacht ar ais.

“The Bible Changes Lives” (The Watchtower, 1 Aibreán, 2012)