Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 58

Fan Dílis d’Iehova

Fan Dílis d’Iehova

Tá fíor-Chríostaithe diongbháilte gan ligean d’aon rud cur isteach ar a n-adhradh d’Iehova. Gan amhras mothaíonn tusa mar sin. Is mór ag Iehova do dhílseacht. (Léigh 1 Croinicí 28:9.) Céard iad na rudaí a d’fhéadfadh do dhílseacht d’Iehova a thástáil, agus cén chaoi ar féidir leat déileáil leo?

1. Cén chaoi a bhféadfadh daoine do dhílseacht d’Iehova a thástáil?

Déanfaidh roinnt daoine iarracht muid a stopadh ag adhradh Iehova. Cé a dhéanfadh a leithéid sin de rud? Insíonn daoine a d’fhág an fhírinne bréaga faoi eagraíocht Dé chun ár gcreideamh a scrios. Tugtar séantóirí creidimh orthu siúd. Chomh maith leis sin, scaipeann roinnt ceannairí reiligiúnacha bréaga fúinn chun go bhfágfaidh daoine an fhírinne. Tá sé contúirteach a bheith ag argóint lena leithéid seo, a bheith ag léamh a gcuid leabhair, a bheith ag breathnú ar an ábhar atá acu ar líne nó ag féachaint ar a gcuid físeáin. Maidir leo siúd a dhéanann iarracht lagmhisneach a chuir ar dhaoine a bhíonn dílis d’Iehova, deir Íosa: “Ligigí dóibh. Daill iad ina ngiollaí i gcionn dall, agus má bhíonn dall ina ghiolla i gcionn daill, titfidh siad araon sa díog.”​—Matha 15:14.

Céard faoi má tá aithne againn ar dhuine nach bhfuil ag iarraidh a bheith ina Fhinné ag Iehova a thuilleadh? Cuireann sé seo as go mór dúinn nuair a dhéanann duine atá gar dá gcroí an cinneadh seo. B’fhéidir go gcuirfeadh an duine seo d’iallach orainn rogha a dhéanamh idir é féin agus Iehova. Caithfidh muid a bheith diongbháilte fanacht dílis do Dhia thar aon ní eile. (Matha 10:37) Mar sin bíonn muid dílis d’ordú Iehova gan a bheith ag coinneáil comhluadair le daoine mar sin.​​—Léigh 1 Corantaigh 5:​11.

2. Céard iad na cinntí pearsanta a d’fhéadfadh ár ndílseacht d’Iehova a thástáil?

Spreagann grá d’Iehova muid gan aon bhaint a bheith againn le reiligiún bréagach. Níor chóir go mbeadh aon bhaint ag ár bpost, ár ngníomhaíochtaí ná aon eagraíochtaí a bhfuil muid bainteach leo le reiligiún bréagach. Tugann Iehova foláireamh dúinn: “Amach libh aisti [an Bhablóin Mhór], a phobal liom.”​—Apacailipsis 18:2, 4.

DÉAN TAIGHDE

Foghlaim faoin mbealach ar féidir leat gan ligean d’aon duine do dhílseacht d’Iehova a lagú. Féach freisin ar an gcaoi ar féidir leat do dhílseacht a léiriú trí dhroim láimhe a thabhairt don Bhablóin Mhór.

3. Seachain teagascóirí bréagacha

Cén dearcadh ar chóir a bheith againn má chloiseann muid rudaí diúltacha faoi eagraíocht Iehova? Léigh Seanfhocail 14:15, ansin plé an cheist seo:

  • Cén fáth a bhfuil muid cúramach gan chuile rud a chloiseann muid a chreidiúint?

Léigh 2 Eoin 10, ansin plé na ceisteanna seo:

  • Cén chaoi ar chóir caitheamh le séantóirí creidimh?

  • Fiú mura mbíonn muid i dteagmháil go díreach le séantóirí creidimh, cén chaoi a bhféadfadh muid a bheith i dteagmháil lena dteagasc?

  • Cén chaoi a gceapann tú a mothódh Iehova dá dtabharfadh muid aird ar chaint dhiúltach faoi féin nó faoina eagraíocht?

4. Fan dílis do Dhia nuair a pheacaíonn deartháir

Má tá muid ar an eolas go bhfuil peaca tromchúiseach déanta ag duine sa bpobal, cén dualgas atá orainn? Smaoinigh ar phrionsabal ón dlí a thug Dia d’Iosrael. Léigh Léivític 5:1.

Mar atá ordaithe sa véarsa sin, má tá a fhios againn go ndearna duine éigin peaca tromchúiseach, ba chóir dúinn é a insint do na seanóirí. Sula ndéanfaidh muid é seo, ba chóir dúinn moladh don pheacach dul go dtí na seanóirí agus a pheaca a admháil. Mura ndéanann sé é seo, ba chóir go spreagfadh ár ndílseacht d’Iehova muid na seanóirí a chur ar an eolas. Cén chaoi a léiríonn an socrú seo buanghrá do . . .

  • Iehova Dia?

  • dhuine a pheacaíonn?

  • dhaoine eile sa bpobal?

Má tá do chomhChríostaí i dtrioblóid, cabhraigh leis!

5. Fan amach ón mBablóin Mhór

Léigh Lúcás 4:8 agus Apacailipsis 18:4, 5, ansin plé na ceisteanna seo:

  • An bhfuil mé fós mar bhall de reiligiún bréagach?

  • An bhfuil mé mar bhall d’aon eagraíocht atá ceangailte le reiligiún bréagach?

  • An bhfuil mo chuid oibre ag tabhairt tacaíochta do reiligiún bréagach ar aon bhealach?

  • An bhfuil aon ghné eile de mo shaol atá ceangailte le reiligiún bréagach a gcaithfidh mé scaradh uaidh?

  • Má d’fhreagair mé tá ar aon cheann de na ceisteanna seo, céard iad na hathruithe is gá dom a dhéanamh?

Déan cinneadh a fhágann le coinsias glan thú agus a léiríonn do dhílseacht d’Iehova i ngach cás.

Céard a dhéanfá dá n-iarrfaí ort síntiús a thabhairt do charthanacht reiligiúnach?

DEIR DAOINE ÁIRITHE: “Caithfidh mé fios a bheith agam ar an méid atá na séantóirí creidimh ag rá faoi Fhinnéithe Iehova ionas go mbeidh mé in ann an fhírinne a chosaint.”

  • An ndéanfadh sé sin ciall? Cén fáth a ndéanfadh nó cén fáth nach ndéanfadh?

ACHOIMRE

Chun fanacht dílis d’Iehova, ní féidir a bheith ag coinneáil comhluadair leo siúd nach bhfuil dílis dó. Caithfidh muid fanacht glan ar reiligiún bréagach.

Súil Siar

  • Cén fáth nár chóir dúinn tuairimí séantóirí creidimh a shú isteach inár n-intinn ar aon bhealach?

  • Cén chaoi ar chóir caitheadh leo siúd nach bhfuil ag iarraidh a bheith ina bhFinnéithe Iehova níos mó?

  • Cén chaoi ar féidir linn a bheith umhal agus droim láimhe a thabhairt do reiligiún bréagach?

Sprioc

FIOSRAIGH

Foghlaim faoin gcaoi le déileáil le tuairiscí bréagacha a scaiptear faoi Fhinnéithe Iehova.

“Do You Have the Facts?” (The Watchtower, Lúnasa 2018)

Cén chaoi a n-aithneofá eagraíochtaí nó gníomhaíochtaí a thugann tacaíocht don Bhablóin Mhór?

“Keep Busy During the Last of ‘the Last Days’” (The Watchtower, Deireadh Fómhair 2019, ailt 16-18)

Céard atá déanta ag cáinteoirí chun ár gcreideamh a lagú?

Beware of Deceit (9:32)

Sa scéal, “I Had Been Looking For God Since Childhood,” léigh faoi shagart Shinto a bhris an ceangal a bhí aige le reiligiún bréagach.

“The Bible Changes Lives” (The Watchtower, 1 Iúil, 2011)