Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 59

Is Féidir Leat Cur Suas le Géarleanúint

Is Féidir Leat Cur Suas le Géarleanúint

Luath nó mall, déanfar géarleanúint ar gach Críostaí. Ar chóir go gcuirfeadh sé seo iontas orainn?

1. Cén fáth a mbíonn muid ag súil le géarleanúint?

Deir an Bíobla go soiléir: “Gach duine arb áil leis maireachtáil go diaganta i gCríost Íosa, déanfar géarleanúint air mar an gcéanna.” (2 Tiomóid 3:12) Rinneadh géarleanúint ar Íosa mar gheall nach raibh aon bhaint aige le domhan Shátain. Ní aon chuid den domhan muid ach oiread, mar sin ní bhíonn aon iontas orainn nuair a dhéanann rialtais dhomhanda agus eagraíochtaí reiligiúnacha géarleanúint orainn.​—Eoin 15:18, 19.

2. Cén chaoi ar féidir linn ullmhú i gcóir na géarleanúna?

Caithfidh muid ár muinín i Iehova a láidriú anois. Cuir am i leataobh gach lá chun guí chuig Iehova agus a Bhriathar a léamh. Déan freastal ar chruinnithe Fhinnéithe Iehova go rialta. Neartóidh na nithe seo ar fad thú chun déileáil le géarleanúint go misniúil fiú má thagann sé ó bhaill teaghlaigh. Scríobh an t-aspal Pól, fear a ndearnadh géarleanúint air go minic: “Is é an Tiarna a thugann cabhair dom, ní bheidh eagla dá laghad orm.”​—Eabhraigh 13:6.

Faigheann muid níos mó misnigh má bhíonn muid ag craobhscaoileadh go rialta. Cabhraíonn an obair chraobhscaoilte linn muinín a chur i Iehova agus dul i ngleic le heagla roimh dhaoine. (Seanfhocail 29:25) Má bhíonn tú ag craobhscaoileadh go cróga anois, cabhróidh sé seo leat leanúint ar aghaidh leis fiú má chuireann an rialtas bac ar ár ministreacht.​—1 Teasalónaigh 2:2.

3. Cén tairbhe a bhaineann le géarleanúint?

Ar ndóigh, ní thaitníonn géarleanúint le haon duine, ach nuair a fhanann muid dílis d’Iehova beag bean ar an ngéarleanúint, láidríonn sé ár gcreideamh. Teannann muid isteach le hIehova mar cabhraíonn sé linn nuair a mhothaíonn muid go bhfuil muid ar an dé deireadh. (Léigh Séamas 1:2-4.) Goileann sé ar Iehova nuair a fheiceann sé muid ag fulaingt, ach cuireann sé áthas air nuair a fhanann muid dílis dó. Deir an Bíobla: “Ach má dhéanann sibh an mhaith agus go bhfulaingíonn sibh dá bharr le foighne, tuilleann sin gnaoi Dé.” (1 Peadar 2:20) Beidh an deis acu siúd a fhanann dílis d’Iehova maireachtáil go deo ar dhomhan a bheidh saor ó ghéarleanúint.​—Matha 24:13.

DÉAN TAIGHDE

Déan athbhreithniú ar an gcúis gur féidir fanacht dílis d’Iehova agus luach saothar a fháil in ainneoin na géarleanúna.

4. Is féidir leat cur suas le géarleanúint sa teaghlach

D’admhaigh Íosa go mb’fhéidir nach mbeadh ár dteaghlach sásta lenár gcinneadh Iehova a adhradh. Léigh Matha 10:​34-​36, ansin plé an cheist seo:

  • Céard a d’fhéadfadh tarlú nuair a dhéanann duine sa teaghlach cinneadh Iehova a adhradh?

Chun sampla de seo a fheiceáil, seinn an FÍSEÁN, ansin plé an cheist a leanann.

  • Céard a dhéanfá dá ndéanfadh duine gaoil nó cara leat iarracht thú a stopadh ag adhradh Iehova?

Léigh Salm 27:10 agus Marcas 10:29, 30. Tar éis na scrioptúir a léamh, plé an cheist seo:

  • Cén chaoi ar féidir leis an ngealltanas seo cabhrú leat má bhíonn do theaghlach nó do chairde ag cur i d’aghaidh?

5. Lean ort ag adhradh Iehova in ainneoin na géarleanúna

Tógann sé misneach fanacht dílis d’Iehova nuair a bhíonn daoine eile ag déanamh iarracht muid a stopadh. Seinn an FÍSEÁN, ansin plé an cheist a leanann.

  • Cén chaoi a spreagann na heachtraí a tharla sa bhfíseán seo thú?

Léigh Gníomhartha 5:27-29 agus Eabhraigh 10:24, 25. Tar éis na scrioptúir a léamh, plé an cheist seo:

  • Cén fáth a bhfuil sé tábhachtach leanúint orainn ag adhradh Iehova fiú má chuirtear srian ar an gcraobhscaoileadh nó ar ár gcruinnithe?

6. Cabhróidh Iehova leat cur suas le géarleanúint

Leanann Finnéithe Iehova idir shean agus óg ó gach cearn den domhan, ag freastal ar Iehova fiú agus géarleanúint á dhéanamh orthu? Chun fáil amach faoin méid a chabhraigh leo seinn an FÍSEÁN. Ansin plé an cheist a leanann.

  • Céard a chabhraigh leis na Finnéithe atá luaite sa bhfíseán fanacht dílis?

Léigh Rómhánaigh 8:35, 37-39 agus Filipigh 4:13. Tar éis gach scrioptúr a léamh, plé an cheist seo:

  • Cén chaoi a gcuireann an scrioptúr seo in iúl duit gur féidir leat cur suas le trialacha?

Léigh Matha 5:10-12, ansin plé an cheist seo:

  • Cén fáth ar féidir leat a bheith lúcháireach in ainneoin na géarleanúna?

Tá na milliúin d’Fhinnéithe Iehova ag cur suas le géarleanúint agus ag fanacht dílis d’Iehova. Is féidir leatsa an rud céanna a dhéanamh!

DEIR DAOINE ÁIRITHE: “Ní bheadh mé in ann cur suas le géarleanúint.”

  • Cé na scrioptúir a d’fhéadfadh misneach a thabhairt dóibh?

ACHOIMRE

Is mór ag Iehova na hiarrachtaí a dhéanann muid é a adhradh in ainneoin na géarleanúna. Le cabhair uaidh, is féidir linn an fód a sheasamh!

Súil Siar

  • Cén fáth ar chóir do Chríostaithe a bheith ag súil le géarleanúint?

  • Céard is féidir leat a dhéanamh anois chun a bheith réidh nuair a thiocfaidh géarleanúint?

  • Céard a chabhróidh leat ionas go mbeidh tú in ann Iehova a adhradh go muiníneach in ainneoin trialacha?

Sprioc

FIOSRAIGH

Cuireann deartháir óg síos ar an gcaoi ar chabhraigh Iehova leis nuair a bhí sé i bpríosún de bharr fanacht neodrach.

Enduring Despite Persecution (2:34)

Faigh amach faoin méid a chabhraigh le lánúin amháin chun fanacht dílis d’Iehova ar feadh na mblianta in ainneoin na géarleanúna.

Serving Jehovah During Times of Change (7:11)

Foghlaim faoin mbealach le déileáil le géarleanúint go misniúil.

“Prepare Now for Persecution” (The Watchtower, Iúil 2019)

Cén dearcadh ar chóir a bheith againn ar ghéarleanúint teaghlaigh, agus céard is féidir linn a dhéanamh chun déileáil leis?

“The Truth Brings, ‘Not Peace, But a Sword’” (The Watchtower, Deireadh Fómhair 2017)