Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 60

Lean Ort ag Forbairt Do Chaidrimh le hIehova

Lean Ort ag Forbairt Do Chaidrimh le hIehova

Tá go leor foghlamtha agat faoi Iehova le linn an chúrsa staidéir seo. Mhéadaigh do ghrá d’Iehova chomh mór sin ón méid a d’fhoghlaim tú gur dóigh gur thiomnaigh tú thú féin dó agus go bhfuair tú baiste. Mura bhfuair, b’fhéidir go bhfuil tú ag smaoineamh ar fáil baiste go luath. Ach ní stopann an dul chun cinn spioradálta nuair a bhaistear thú. Is féidir leat leanúint ar aghaidh ag teannadh isteach le hIehova go deo. Cén chaoi?

1. Cén fáth ar chóir duit leanúint ort ag neartú do chairdeas le hIehova?

Caithfidh muid oibriú go crua chun ár gcairdeas le hIehova a neartú. Cén fáth? “Le heagla go n-imeoimis le sruth” uaidh. (Eabhraigh 2:1) Céard a chabhróidh linn leanúint orainn ag freastal ar Iehova go dílis? Is féidir linn a bheith gnóthach san obair chraobhscaoilte agus teacht ar bhealaí chun tuilleadh a dhéanamh ina sheirbhís. (Léigh Filipigh 3:​16.) Sin é an bealach is fearr lenár saol a chaitheamh!​—Salm 84:11 (84:10 i mBíoblaí eile).

2. Céard eile ar chóir duit a dhéanamh?

Cé go bhfuil deireadh ag teacht le do chúrsa staidéir Bíobla, leanfaidh do shaol mar Chríostaí ar aghaidh. Deir an Bíobla go gcaithfidh muid “an nádúr úrnua a ghabháil” chugainn. (Eifisigh 4:23, 24) De réir mar atá tú ag staidéar ar Bhriathar Dé agus ag freastal ar chruinnithe Fhinnéithe Iehova, beidh tú ag foghlaim rudaí nua faoi Dhia agus a thréithe. Bí ag faire ar bhealaí le haithris a dhéanamh ar a phearsantacht i do shaol. Lean ort ag déanamh na hathruithe cuí le hIehova a shásamh.

3. Cén chaoi a gcabhróidh Iehova leat chun do chaidreamh leis a fhorbairt?

Deir an Bíobla: “Déanfaidh [Dia] sibh a athnuachan, a dhaingniú, a neartú, agus bonn a chuir fúibh.” (1 Peadar 5:10) Tá an cathú ann i gcónaí. Ach cabhraíonn Iehova linn troid in aghaidh an chathaithe. (Salm 139:23, 24) Geallann sé go dtabharfaidh sé an chumhacht dúinn agus go gcuirfidh sé fonn orainn a bheith dílis dó.​—Léigh Filipigh 2:13.

DÉAN TAIGHDE

Déan machnamh ar an gcaoi ar féidir leat leanúint ort ag déanamh dul chun cinn agus ar an gcaoi a mbeannóidh Iehova thú.

4. Lean ort ag déanamh cumarsáide le do Chara cléibh

Chabhraigh guí agus staidéar ar an mBíobla leat a bheith i do chara ag Iehova. Cén chaoi a gcabhróidh na gníomhaíochtaí seo leat chun teannadh isteach le hIehova?

Léigh Salm 62:9 (62:8 i mBíoblaí eile), ansin plé an cheist seo:

  • Cén chaoi a bhféadfá barr feabhais a chur ar do chuid paidreacha, chun do chairdeas le hIehova a neartú?

Léigh Salm 1:2, ansin plé an cheist seo:

  • Cén chaoi a bhféadfá tuilleadh tairbhe a bhaint as léitheoireacht an Bhíobla chun do chairdeas le hIehova a neartú?

Cén chaoi a bhféadfá tuilleadh tairbhe a bhaint as do staidéar pearsanta? Le roinnt smaointe a fháil, seinn an FÍSEÁN, ansin plé na ceisteanna a leanann.

  • Cé acu de na moltaí sa bhfíseán a d’fhéadfá a chur i bhfeidhm?

  • Cé na hábhair ar mhaith leat staidéar a dhéanamh orthu?

5. Spriocanna spioradálta

Cabhróidh spriocanna leat dul chun cinn a dhéanamh. Seinn an FÍSEÁN, ansin plé an cheist a leanann.

  • Cén chaoi a ndeachaigh a cuid spriocanna spioradálta chun tairbhe do Cameron?

Ní hé chuile dhuine atá in ann bogadh go dtí tír eile. Ach is féidir linn ar fad spriocanna réasúnach a leagan síos. Léigh Seanfhocail 21:5, ansin déan machnamh ar na spriocanna ar mhaith leat a leagan síos . . .

  • sa bpobal Críostaí.

  • sa ministreacht.

Cén chaoi a gcabhraíonn an scrioptúr seo le spriocanna a bhaint amach?

Spriocanna le cur i gcrích

  • Feabhas a chur ar do chuid paidreacha.

  • An Bíobla a léamh ina iomláine.

  • Aithne a chur ar chuile dhuine sa bpobal Críostaí.

  • Cúrsa staidéir ar an mBíobla a thosú.

  • A bheith i do cheannródaí cúnta nó i do cheannródaí.

  • Más deartháir thú, is féidir leat an dul chun cinn cuí a dhéanamh le bheith i do chúntóir.

6. Mair go sona go deo!

Léigh Salm 22:26, ansin plé an cheist seo:

  • Céard is féidir leat a dhéanamh le maireachtáil go sona anois agus go deo?

ACHOIMRE

Lean ort ag neartú do chairdeas le hIehova agus ag leagan síos spriocanna spioradálta. Ansin is féidir leat maireachtáil go sona go deo!

Súil Siar

  • Cén fáth ar féidir leat muinín a bheith agat go gcabhróidh Iehova leat a bheith dílis dó?

  • Cén chaoi ar féidir leat do chairdeas le hIehova a neartú?

  • Cén chaoi ar féidir le spriocanna spioradálta cabhrú leat dul chun cinn a dhéanamh?

Sprioc Fadthéarmach

FIOSRAIGH

Cé acu is luachmhaire i súile Iehova, gníomh maith amháin a dhéanamh a léireoidh ár ndílseacht dó nó a bheith dílis i ngach gné dár saol?

Be Faithful Like Abraham (9:20)

D’fhéadfadh searbhóntaí dílis a gcuid lúcháir a chailleadh. Féach mar is féidir linn a bheith lúcháireach arís.

Regain Joy Through Study and Meditation (5:25)

Cén chaoi ar féidir leat spriocanna spioradálta a leagan síos agus a bhaint amach?

“Use Spiritual Goals to Glorify Your Creator” (The Watchtower, 15 Iúil, 2004)

Cén fáth a bhfuil sé riachtanach a bheith i do Chríostaí aibí, agus cén chaoi ar féidir leat é sin a dhéanamh?

Press On to Maturity—‘The Great Day of Jehovah Is Near’” (The Watchtower, 15 Bealtaine, 2009)