Ná bac leis seo

Go dtí an clár

An Bhfuil Mé Réidh?

An Bhfuil Mé Réidh?

An Bhfuil Mé Réidh Leis an Mhinistreacht a Dhéanamh Leis an bPobal?

Is féidir leat a bheith cáilithe mar fhoilsitheoir neamhbhaistithe má dhéanann tú . . .

  • Staidéar go rialta ar an mBíobla, guí chuig Iehova agus freastal ar chruinnithe an phobail.

  • Má tá tú buíoch agus creidiúint sa rud atá á fhoghlaim agat agus go bhfuil fonn ort é a insint do dhaoine eile.

  • Má tá grá agat d’Iehova agus a lucht leanta a bheith mar dhlúthchairde agat.

  • Do bhallraíocht d’aon ghrúpa polaitiúil nó aon reiligiún bréagach a chur ar ceal.

  • Maireachtáil de réir caighdeáin Dé agus ag iarraidh a bheith mar dhuine d’Fhinnéithe Iehova.

Má cheapann tú go bhfuil tú réidh le dul ag craobhscaoileadh in éineacht leis an bpobal, déanfaidh do mhúinteoir socrú duit bualadh leis na seanóirí chun na cáilíochtaí a bhaineann leis an obair sin a phlé leat.

An Bhfuil Mé Réidh Le Fáil Baiste?

Seans go bhfuil tú réidh le fáil baiste más . . .

  • Foilsitheoir neamhbhaistithe thú.

  • Má tá tú díograiseach ag craobhscaoileadh go rialta.

  • Má thacaíonn tú leis agus má leanann tú treoir “an seirbhíseach iontaofa ciallmhar.”—Matha 24:45-47.

  • Má thiomnaigh tú thú féin d’Iehova i bpaidir agus má tá sé de rún agat freastal air go brách.

Má cheapann tú go bhfuil tú réidh le fáil baiste, déanfaidh do mhúinteoir socrú duit chun bualadh leis na seanóirí chun na cáilíochtaí a bhaineann leis sin a phlé leat.