Ná bac leis seo

Go dtí an clár


An bealach is fearr le tairbhe a bhaint as na ceachtanna Bíobla seo

An bealach is fearr le tairbhe a bhaint as na ceachtanna Bíobla seo

Déan plé ar an ábhar le duine d’Fhinnéithe Iehova: Iarr staidéar ar an mBíobla ar an té a thug an bróisiúr seo duit, nó déan iarratas ar staidéar ar ár suíomh gréasáin jw.org.

AN CHÉAD PHÁIRT

Léigh gach alt, léigh na ceisteanna atá sa gcló trom (A) agus na scrioptúir (B) a chuireann béim ar na príomhphointí. Tabhair faoi deara go bhfuil sé ráite chuid de na scrioptúir a léamh.

AN DARA PÁIRT

Cuireann an chéad ráiteas (C) faoi Déan Taighde síos ar an ábhar atá le plé. Cuireann na fotheidil (D) béim ar na príomhphointí. Léigh na scrioptúir, freagair na ceisteanna, agus féach ar na físeáin (E).

Déan machnamh ar an saothar ealaíne agus na foscríbhinní (F), agus ar na freagraí a thabharfá ar na rudaí a Deir Daoine Áirithe (G).

AN TRÍÚ PÁIRT

Cuireann Achoimre agus Súil Siar (H) deireadh leis an gceacht. Líon isteach an dáta a chríochnaigh tú an ceacht. Tugann an Sprioc (I) rud éigin duit le bheith ag obair air. Tá tuilleadh eolais le fáil faoi Fiosraigh (L).

Ag aimsiú véarsaí sa mBíobla

Is mar seo a dhéantar tagairt do na scrioptúir: leabhar an Bhíobla (A), an chaibidil (B), agus an véarsa nó na véarsaí (C). Mar shampla, ciallaíonn Eoin 17:3 leabhar Eoin, caibidil 17, véarsa 3.