Ná bac leis seo

Go dtí an clár

Litir ón mBord Stiúrtha

Litir ón mBord Stiúrtha

A Bhráithre Ionúine:

Spreagann grá do Dhia agus do dhaoine muid chun a bhfuil ráite sa mBíobla a dhéanamh: “Imígí dá bhrí sin, déanaigí deisceabail de na náisiúin uile, á mbaisteadh.” (Matha 28:​19, 20; Marcas 12:​28-31) Tá grá neamhleithleach an-chumhachtach. Is féidir leis croíthe an dream a ‘bhíonn ag lorg Dé’ a bhogadh chun glacadh leis an gcreideamh.—Eabhraigh 11:6.

San am a caitheadh, bhíodh muid ag foghlaim ár gcur i láthair de ghlan mheabhair agus ag fágáil ár bhfoilseacháin le daoine. Anois ní mór dúinn ár scileanna comhrá a fheabhsú. Is mian linn ár ngrá a léiriú do dhaoine eile trí labhairt leo faoi ábhair a bhfuil spéis acu iontu. Ciallaíonn sé seo nach mór dúinn a bheidh ag smaoineamh go cúramach ar gach a bhfuil ag déanamh imní don duine. Cén chaoi a gcabhróidh an bróisiúr seo linn chun é sin a dhéanamh?

Tá 12 ceacht sa mbróisiúr a mhúineann dúinn na tréithe a chaithfidh muid a chothú chun grá a léiriú agus chun deisceabail a dhéanamh. Tá gach ceacht bunaithe ar chuntas Bíobla inar léirigh Íosa nó daoine eile tréith ar leith sa mhinistreacht. Is é an sprioc atá againn bealaí a chuardach lenár ngrá do dhaoine a léiriú, ní cur i láthair a bheith de ghlan mheabhair againn. Cé go bhfuil gach tréith ag teastáil le haghaidh gach gné dár ministreacht, déanfaidh muid machnamh ar an gcaoi a bhfuil tréithe áirithe ag teastáil nuair atá muid ag tosú comhráite, ag déanamh athchuairteanna, nó ag déanamh staidéir ar an mBíobla.

Le linn duit a bheith ag machnamh ar gach ceacht, smaoinigh go cúramach ar an gcaoi ar féidir leat an tréith atá luaite ann a léiriú nuair atá tú ag labhairt le daoine go háitiúil. Déan iarracht do ghrá d’Iehova agus do dhaoine a neartú. Cabhróidh an grá sin leat do sprioc a bhaint amach agus deisceabail a dhéanamh.

Is mór againn an phribhléid a bheith ag obair le chéile libh. (Zaf. 3:9) Go mbeannaí Iehova thú agus tú ag léiriú grá do dhaoine agus ag déanamh deisceabail!

Bhur mBráithre,

Bord Stiúrtha Fhinnéithe Iehova