Ná bac leis seo

Go dtí an clár

AG TOSÚ COMHRÁ

CEACHT  1

Léirigh Suim i nDaoine

Léirigh Suim i nDaoine

Prionsabal: “Bíonn an grá foighneach . . . ní bhíonn sé leithleasach [nó ní lorgaíonn sé a leasanna féin].”—1 Cor. 13:​4, 5.

An Méid a Rinne Íosa

1. Féach ar an bhFÍSEÁN,léigh Eoin 4:​6-9. Ansin déan machnamh ar na ceisteanna a leanann:

  1.    Céard a thug Íosa faoi deara faoin mbean sular thosaigh sé ag comhrá léi?

  2.   Dúirt Íosa: “Tabhair deoch dom.” Cén fáth gurb é seo an bealach ab éifeachtaí chun tús a chur leis an gcomhrá?

Céard Atá Le Foghlaim Againn Ó Íosa?

2. Tá seans níos fearr ann go mbeidh comhrá maith againn má thosaíonn muid le hábhar atá suim ag duine ann.

Déan Aithris ar Íosa

3. Bí solúbtha. Ní gá go gcaithfidh tú fanacht leis an ábhar atá ar intinn agat a úsáid. Tosaigh le rud éigin atá ag déanamh imní do dhaoine inniu. Fiafraigh duit féin:

  1.    ‘Céard atá sa nuacht?’

  2.   ‘Céard atá mo chomharsana, mo chomhoibrithe, nó mo chomhscoláirí ag caint faoi?’

4. Bí airdeallach. Fiafraigh duit féin:

  1.    ‘Céard atá á dhéanamh ag an duine seo faoi láthair? Céard a d’fhéadfadh a bheith ag déanamh imní dó?’

  2.   ‘Céard a thugann an bealach a ngléasann, a mbreathnaíonn duine nó an chuma atá ar a theach le fios dom faoina chreideamh nó faoina chultúr?’

  3.   ‘An bhfuil an t-am seo feiliúnach le labhairt leis an duine?’

5. Éist.

  1.    Ná déan an iomarca cainte.

  2.   Spreag an duine chun é féin a chur in iúl. Cuir ceisteanna de réir mar is cuí.