Ná bac leis seo

Go dtí an clár

AG TOSÚ COMHRÁ

CEACHT 2

Nádúrthacht

Nádúrthacht

Prionsabal: “Nach maith é an focal i dtráth!”—Sean. 15:23.

An Méid a Rinne Pilib

1. Féach ar an bhFÍSEÁN,léigh Gníomhartha 8:​30, 31. Ansin déan machnamh ar na ceisteanna a leanann:

  1.    Cén chaoi ar chuir Pilib tús leis an gcomhrá?

  2.   Cén fáth gur bealach nádúrtha é seo chun an comhrá a thosú agus fírinne nua a mhúineadh don Aetópach?

Céard Atá Le Foghlaim Againn Ó Philib?

2. Má ligeann muid don chomhrá forbairt go nádúrtha, tá seans níos mó ann go mothóidh an duine eile ar a shuaimhneas agus go mbeidh sé nó sí sásta éisteacht lenár dteachtaireacht.

Déan Aithris ar Philib

3. Bí airdeallach. Is féidir leat go leor a fhoghlaim faoi dhuine óna éadan, agus faoin gcaoi a n-iompraíonn sé é féin. An bhfuil an chosúlacht air go bhfuil an duine sásta labhairt leat? B’fhéidir go dtosóidh tú ag caint faoi rud éigin as an mBíobla trí fhiafraí de, “An raibh a fhios agat go bhfuil . . . ?” Seachain a mbeifeá ag cur brú ar dhuine nach bhfuil ag iarraidh labhairt leat.

4. Bí foighneach. Ná bí ag ceapadh go gcaithfidh tú tagairt don Bhíobla láithreach. Fan ar do dheis lena dhéanamh go nádúrtha. Uaireanta, b’fhéidir go gcaithfeá fanacht go dtí an chéad chomhrá eile leis an duine sin.

5. Bí solúbtha. Is féidir le comhrá dul i mbealach nach bhfuil súil ar bith agat leis. Mar sin bí sásta rud éigin a bhfuil spéis ag an duine ann a roinnt leis, fiú más gá labhairt faoi ábhar eile seachas an t-ábhar a bhí roghnaithe agat.