Ná bac leis seo

Go dtí an clár

AG TOSÚ COMHRÁ

CEACHT 4

Uirísle

Uirísle

Prionsabal: “Ach sibh á mheas go huiríseal gur fearr daoine eile ná sibh féin.”—Fil. 2:3.

An Méid a Rinne Pól

1. Féach ar an bhFÍSEÁN,léigh Gníomhartha 26:​2, 3. Ansin déan machnamh ar na ceisteanna a leanann:

  1.    Cén chaoi ar léirigh Pól uirísleacht sa tslí ar labhair sé le Rí Aigripe?

  2.   Cén chaoi ar tharraing Pól aird ar Iehova agus ar na Scrioptúir seachas ar féin?—Féach Gníomhartha 26:22.

Céard Atá Le Foghlaim Againn Ó Phól?

2. Tá ár dteachtaireacht níos tarraingtí nuair a chuireann muid i láthair go humhal measúil í.

Déan Aithris ar Phól

3. Labhair ar bhealach measúil. Ná bí ag cur an chuma ort féin go bhfuil a fhios agat chuile shórt agus nach bhfuil a fhios ag an duine eile tada. Labhair go measúil.

4. Bíodh sé soiléir go bhfuil gach atá á roinnt agat bunaithe ar an mBíobla. Is féidir le Briathar Dé dul i bhfeidhm ar chroíthe daoine. Nuair a úsáideann muid é, tá muid ag leagan síos bunchloch mhaith dá gcreideamh.

5. Fan séimh. Ná lean ort ag iarraidh a chruthú go bhfuil an ceart agat. Níl muid ag iarraidh a bheith ag argóint. Léirigh uirísleacht trí fanacht séimh agus bíodh a fhios agat nuair is ceart deireadh a chur leis an gcomhrá. (Sean. 17:14; Títeas 3:2) D’fhéadfadh freagra séimh an deis a chruthú le comhrá maith a bheith agat amach anseo.