Ná bac leis seo

Go dtí an clár

AG TOSÚ COMHRÁ

CEACHT 5

Bí Deisbhéalach

Bí Deisbhéalach

Prionsabal: “Bíodh bhur gcomhrá leo go suáilceach deisbhéalach.”—Col. 4:6.

An Méid a Rinne Pól

1. Féach ar an bhFÍSEÁN,léigh Gníomhartha 17:​22, 23. Ansin déan machnamh ar na ceisteanna seo a leanann:

  1.    Cén chaoi ar mhothaigh Pól faoi na cleachtais reiligiúnacha bhréagacha a chonaic sé i gcathair na hAithne?—Féach Gníomhartha 17:16.

  2.   Seachas a bheith ag cáineadh na nAithneach, cén chaoi ar úsáid Pól an méid a chreid siad chun an dea-scéal a roinnt leo ar bhealach stuama?

Céard Atá Le Foghlaim Againn Ó Phól?

2. Tá níos mó seans ann go n-éistfidh daoine linn má roghnaíonn muid go cúramach an rud atá le rá againn chomh maith leis an mbealach a ndeir muid é.

Déan Aithris ar Phól

3. Cuimhnigh go maith ort féin. Mar shampla, má tá tú ag labhairt le duine nach bhfuil cúlra Críostaí aige, b’fhéidir go mbeadh ort an bealach a dtagraíonn tú don Bhíobla nó d’Íosa a athrú.

4. Ná bíodh aon deifir ort ag ceartú duine. Lig dó é féin a chur in iúl. Má deir sé rud éigin a thagann salach ar theagasc an Bhíobla, ná bí ag argóint leis. (Séam. 1:19) Trí éisteacht leis, gheobhaidh tú amach céard a chreideann sé ann agus an chúis a gcreideann sé é.—Sean. 20:5.

5. Aontaigh leis an duine agus mol é nuair is féidir. D’fhéadfadh sé go gcreideann sé ina chroí go bhfuil an reiligiún ceart aige. Déan iarracht labhairt faoi rud éigin a n-aontaíonn sibh araon leis, agus ansin de réir a chéile cabhraigh leis tuiscint a fháil ar an méid a mhúineann an Bíobla.