Ná bac leis seo

Go dtí an clár

AG TOSÚ COMHRÁ

CEACHT 6

Misneach

Misneach

Prionsabal: “Ach fuaireamar de mhisneach ó Dhia a dhea-scéal a fhógairt.”—1 Teas. 2:2.

An Méid a Rinne Íosa

1. Féach ar an bhFÍSEÁN,léigh Lúcás 19:​1-7. Ansin déan machnamh ar na ceisteanna a leanann:

  1.    Cén fáth a bhféadfadh daoine áirithe a bheith ag seachaint Zacháias?

  2.   Céard a spreag Íosa chun an dea-scéal a roinnt leis?

Céard Atá Le Foghlaim Againn Ó Íosa?

2. Ní mór dúinn a bheith misniúil chun teachtaireacht na Ríochta a chraobhscaoileadh do chách.

Déan Aithris ar Íosa

3. Cuir muinín in Iehova. Neartaigh spiorad Dé Íosa chun an craobhscaoileadh a dhéanamh, agus is féidir leis tusa a neartú freisin. (Math. 10:​19, 20; Lúcás 4:18) Iarr ar Iehova misneach a thabhairt duit ionas go mbeidh tú in ann craobhscaoileadh dóibh siúd a bhfuil scáth agat rompu.—Gníomhartha 4:29.

4. Ná tabhair réamhbhreith ar dhaoine. D’fhéadfadh sé go mbeadh drogall orainn labhairt le daoine áirithe mar gheall ar an gcaoi a mbreathnaíonn siad, a stádas sóisialta, a stíl mhaireachtála, nó a reiligiún. Ach cuimhnigh:

  1.    Is féidir le hIehova agus Íosa croíthe a léamh; ní féidir linne.

  2.   Níl trócaire Dé i bhfad ó aon duine againn.

5. Bí muiníneach ach bí measúil agus cúramach freisin. (Math. 10:16) Seachain argóint. Cuir deireadh go múinte leis an gcomhrá mura nglacann an duine leis an dea-scéal nó mura mothaíonn tú sábháilte.—Sean. 17:14.