COINNIGH LEIS AN gCÚRAM
CEACHT 9
Comhbhá
Prionsabal: “Bígí lúcháireach le lucht na lúcháire agus dobrónach le lucht an dobróin.”—Rómh. 12:15.
An Méid a Rinne Íosa
1. Féach ar an bhFÍSEÁN, nó léigh Marcas 6:30-34. Ansin déan machnamh ar na ceisteanna a leanann:
Céard Atá Le Foghlaim Againn Ó Íosa?
2. Spreagann comhbhá suim i ndaoine, tá níos mó i gceist ná an dea-scéal a roinnt leo.
Déan Aithris ar Íosa
3. Éist go cúramach. Lig don duine é féin a chur in iúl. Ná cuir isteach air agus ná déan neamhaird don mhéid atá ag déanamh imní dó. Má dhéanann tú é sin, léireoidh tú dó go bhfuil suim agat ina thuairimí.
4. Smaoinigh ar an duine. Bunaithe ar do chomhrá leis, cuir ceist ort féin:
5. Labhair faoi rudaí a chabhróidh leis. A luaithe agus is féidir, léirigh an chaoi ar féidir le staidéar Bíobla a chuid ceisteanna a fhreagairt agus cabhrú leis ar bhealaí praiticiúla.