Ná bac leis seo

Go dtí an clár

AG DÉANAMH DEISCEABAIL

CEACHT 10

Dúthracht

Dúthracht

Prionsabal: “Bhíomar chomh ceanúil sin oraibh go rabhamar sásta ní amháin an dea-scéal a roinnt oraibh ach ár n-anam féin a roinnt oraibh chomh maith, agus a ansa linn a bhí sibh.”—1 Teas. 2:8.

An Méid a Rinne Íosa

1. Féach ar an bhFÍSEÁN,léigh Eoin 3:​1, 2. Ansin déan machnamh ar na ceisteanna a leanann:

  1.    Cén fáth dar leat ar roghnaigh Níocodaemas cuairt a thabhairt ar Íosa san oíche?—Féach Eoin 12:​42, 43.

  2.   Cén chaoi ar léirigh Íosa go raibh sé tiomanta deisceabail a dhéanamh nuair a chas sé le Níocodaemas san oíche?

Céard Atá Le Foghlaim Againn Ó Íosa?

2. Léiríonn muid go bhfuil grá againn do dhaoine trínár ndícheall a dhéanamh cabhrú leo le bheith ina ndeisceabail.

Déan Aithris ar Íosa

3. Déan staidéar ag am agus in áit atá áisiúil do do mhac léinn Bíobla. B’fhéidir gur bhfearr leis lá ar leith den tseachtain nó am ar leith den lá. An mbeadh sé níos compordaí ag staidéar ina ionad oibre, ina theach, nó in áit phoiblí? Chomh fada agus is féidir, socraigh do sceideal chun freastal ar a chuid riachtanais.

4. Déan staidéar go rialta. Má tá tú as baile, ná cuir an seisiún staidéir ar ceal. Ina ionad sin, déan machnamh ar na ceisteanna seo:

  1.    An bhféadfá an staidéar a dhéanamh am eile an tseachtain sin?

  2.   An bhféadfá do staidéar a dhéanamh ar an bhfón nó trí fhíschomhdháil ar an Idirlíon?

  3.   An bhféadfá fiafraí ar fhoilsitheoir eile an staidéar a stiúradh?

5. Guigh go mbeidh an meon ceart agat. Iarr cabhair Iehova ionas nach dtabharfaidh tú suas ar do mhac léinn, fiú mura ndéanann sé staidéar rialta nó má bhíonn sé mall ag cur a bhfuil á fhoghlaim aige i bhfeidhm. (Fil. 2:13) Is cinnte go bhfuil go leor tréithe maithe ag do mhac léinn; iarr cabhair ar Iehova le díriú isteach orthu.